Teastaíonn “réabhlóid phobail” le dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht, a deir duine de húdair na tuarascála taighde ar chumas dátheangach gasúir Ghaeltachta a seoladh ar maidin.
Dar leis an Dr. Brian Ó Curnáin, duine d’údair Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta, go dteastódh “réabhlóid sa bpobal le go mbeidís Gaelach arís.”
Ag labhairt dó ar Nuacht a hAon, RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt an Dr. Ó Curnáin go bhfuil líon na gcainteoirí líofa ag titim mar a bheadh “dominos” ann agus go dteastódh “cúpla tearmann a bhunú” le dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga atá ann faoi láthair.
Dúirt sé go raibh scoileanna ag “tiomáint” daoine óga níos mó i dtreo an Bhéarla ná i dtreo na Gaeilge agus go bhfuil “an iomarca den Bhéarla ró-óg ag diomallú na Gaeilge.”
Nuair a caitheadh chuige é go scanraíonn coincheap an ‘tearmainn’ go leor daoine sa Ghaeltacht, dúirt sé nach raibh an dara rogha ann agus cúrsaí chomh dona is atá siad faoi láthair.
Tá gá le gníomh praiticiúil, a dúirt Ó Curnáin, agus le comhordú níos fearr a bheith ann maidir leis na cineálacha tacaíochta a chuirtear ar fáil do ghasúir Ghaeltachta.
Ag seoladh na tuarascála taighde dó ar maidin, dúirt Séan Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, go bhfuil an Roinn tiomanta don oideachas Gaeltachta agus go bhfuil siad sásta beart a dhéanamh de réir a mbriathair.
Tá athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais faoi láthair ar cheist an oideachais Ghaeltachta.
Is le “croí trom” a d’fháiltigh Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh thorthaí an taighde, ach creideann an eagraíocht go gcaithfear fáiltiú roimhe mar “gurb í an fhírinne í” agus nach aon mhaith do phobal na Gaeltachta “an cur i gcéill”.
Tá achainí déanta ag an eagraíocht ar na hÚdaráis chuí (An Roinn Oideachais, Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta) gan neamhaird a thabhairt ar thorthaí an taighde seo agus gníomhú ar mholtaí an taighde láithreach sa tslí is nach bhfágfar “an chéad ghlúin eile de chainteoirí dúchais ar an bhfaraor géar”.
@seancomheas
Ceann do dheacrachtaí an lae inniu nà nach bhfuil tuismitheoirí na Gaeltachta sàsta Gaeilge a labhairt lena gcuid pàistí mar a rinne àr dtuistí uilig agus muid à dtógáil i gConamara tràth. An è nach bhfuil an Ghaeilge sách maith dóibh a thuilleadh? An bhfuil sè postùil Béarla a labhairt leo. Blianta ó shin agus mé ar shráidbhaile an Spidéil chuala mè an bhean seo ag labhairt Bèarla a bhí briste lena hiníon. Ansin tháinig cailín óg (Conallach), aisteoir ò Ros na Rùn ar an làthair agus is gearr go raibh athrù poirt ag an mháthair agus í ag cur di in nGaeilge àille Chonamara. Labhair Gaeilge lena pàistí ar baile, ná bíodh an mhilleàn ar an scoil i gcónaí. Ní dhearna sè aon dochar domsa. Tà Gaeilge agus Bèarla anois agam.
Eoghan ONeill
Tá dearcadh an Liberator i gcroíthe scar maith den phobal “The superior utility of the English tongue as the medium of all modern communications is so great that I can witness without a sigh the gradual disuse of Irish”. Tá teanga na nAnglos cathréimneach ar fud an domhain faoi láthair agus ‘Unterwerfung’ á chleachtadh ag lucht na dteangachaí eile ina leith. Ach fán, ceard é an dord sin a chloisim sa ghaoth?
‘Musclóidh dúchas an phobail le fada i suan,
Beidh brosna inniu is an choill go buan!’
An lá eile chuala mé fear chun tosaigh sa scuaine orm le haghaidh stir-fry i nDún Droma ag labhairt Spáinise lena iníon agus dúirt sé go bhfreagraíonn sise (3 bl.d’aois) as béarla. Mhol mé dó gan ach an Spáinis a thuiscint uaithi agus nach i bhfad go mbeadh sí á húsáid leis.
Dáithí Mac Cárthaigh
Leagann an tuarascáil amach (ag lch 229-230) na ceithre mhúnla a d’fhéadfaí a chur ag obair sna scoileanna Gaeltachta:-
1. Scolaíocht trí Bhéarla agus an Ghaeilge mar theanga oidhreachta (múnla na ‘ngnáthscoileanna’);
2. Tumoideachas dara teanga sa Ghaeilge (Gaelscolaíocht ar mhúnla Galltachta);
3. Tumoideachas céad teanga nó dara teanga sa Ghaeilge (Gaelscolaíocht ar an tuiscint go bhfuil cainteoirí baile sa rang [déantar mion-oidí Gaeilge díobh seo faoi láthair]);
4. Oideachas céad teanga sa Ghaeilge mar mhionteanga bhreisithe le feidhm an dúchais a thabhairt do na daltaí sa Ghaeilge.
Mura ndéanfar gníomh leanfar le múnlaí 1, 2 agus 3.
Is gá reifrinn áitiúla chun cinneadh a dhéanamh maidir le cén múnla a theastaíonn ó phobal gach scoile Gaeltachta. Ní roghnóidh siad ar fad múnla 4, ach roghnóidh cuid acu é. De réir mar a éiríonn le scoileanna múnla 4 beidh ráth orthu agus éileamh agus brú ar scoileanna eile an múnla sin a chleachtadh.
Más í teanga na muintire a shlánós an mhuintir, is í an mhuintir a chaithfidh teanga na muintire a shlánú ar an gcéad dul síos.
Bhí go leor cainte le déánaí ar reifreann faoin nGaeilge chun an cur i gcéill a dhíbirt. Seo daoibh é. Ní rud neamhchoiteanta ag grúpaí pobail é.
Séamas Mac Coitir
,,Níl aon rud nua ná iontach ag baint le toradh na pobalbhreithe sa chás seo. Is é buille na tubaiste é gan aon agó, agus ní fada go mbeidh gach buille buailte agus an inneoin ina tost! Níl muintir na gaeltachta ach ag aithris ar an gcuid eile den tír, agus an té atá taobh le Gaeilge beidh sé fágtha ar an bhfaraor géar gan Mhurchadh gan Mhánas! Sin í mo thuairim mheáite, agus má tá iomrall breithiúnais ann bíodh! S. Mac Coitir.