Tá bean ar m’aithne agus tá an-smuilc uirthi le tamall anuas. Domhnall a’ Trúmpa a chur an pus uirthi; Poncánach is ea í, agus in ainneoin go bhfuil sí ag maireachtaint abhus, cúpla míle míle ó bhaile, bhí sí tar éis a vóta a chaitheamh i dtoghchán na huachtaránachta thall, agus ní chaithfeá bheith id’ shaineolaí síceolaíochta chun aithint nach i dtreo an Domhnaillín a sheol an vóta céanna thar muir siar.
Bíonn fear eile tamallacha ar an mbaile seo agus bíonn sé féin ábhar bailithe aimsir thoghchán na hUachtaránachta abhus. Ach ní torthaí na dtoghchán a bhíonn ag cur an phip air, ach é seo; Éireannach go smior agus go smúsach is ea é, ach toisc gur sna sé chontae a saolaíodh é agus gur ann a chaitheann sé formhór na bliana, níl aon chead aige vótáil sna toghcháin. Dá olc é scéal an Phoncánaigh, agus a míshástacht le toradh a vóta, is seacht measa scéal an Éireannaigh nach bhfuil sé de chead aige vóta a chaitheamh d’fhonn ‘Uachtarán na hÉireann’ a roghnú.
Tá argóintí tábhachtacha casta maidir le ceist na vótaí olltoghcháin dóibh siúd atá ag maireachtaint thar lear nó sna sé contae. Ach ba dheas liom díriú ar thoghchán na hUachtaránachta anso – nár cheart d’Éireannaigh, má táid os cionn na haoise atá leagtha síos sa bhunreacht, bheith i dteideal vóta a chaitheamh d’Uachtarán na hÉireann?
Tá teideal na hOifige an-tábhachtach sa chás seo. Ní Uachtarán Phoblacht na hÉireann atá againn (cé gurb shin an teideal is coitianta a thugann Rialtas agus teaghlach ríoga na Breataine orthu), ach Uachtarán na hÉireann.
Domsa, tá an tUachtarán ina Ionadaí don uile dhuine atá i náisiún na hÉireann, beag bean ar chreideamh, cine, gnéas, eitneacht nó seoladh baile.
Is tábhachtaí an ról seo ná an ról eile atá aige, is é sin go bhfuil sé ina Cheann Stáit anso ó dheas.
Tá os cionn 125 tír ar fud an domhain mhóir a thugann cead dá gcuid saoránach vóta a chaitheamh agus iad ar an gcoigríoch. Ní haon cheist an-chasta é, go háirithe i ré seo na teicneolaíochta.
Ach in Éirinn, in ainneoin go raibh sé le rá ag an Aire Stáit um an Diaspora, Joe McHugh mí Iúil seo d’imigh tharainn go reachtálfaí reifreann chun an cheist a réiteach an bhliain seo chugainn, deir Taoiseach na tíre linn anois nach mbeidh aon réiteach ar an scéal roimh thoghchán uachtaránachta na bliana 2018. Róchasta mar chúram go fóillín, a deir sé. Ceal ama, dar leis.
N’fheadar an comhtharlú é go bhfuil a gcosa á dtarrac ag an Rialtas fén cheist seo tráth á bhfuil Sinn Féin i mbun feachtais chun an vóta i dtoghchán na hUachtaránachta a leathnú thar teorainn? An gcuirfí i mo leith gur duine amhrasach soiniciúil mé dá ndéarfainn gur eagla atá ar Fhine Gael (agus a gcéilí leapan i bhFianna Fáil, a vótáil i gcoinne rún Shinn Féin sa Seanad le déanaí go bpléifí an t-ábhar) gur mó leas a bhainfeadh Sinn Féin as aon leathnú thar teorainn? Agus an ndéarfaí go rabhas rósceiptiúil ar fad dá gcuirfinn i leith na Shinners gur ag tochras ar a gceirtlín féin atáid, ós rud é gurb iad an t-aon pháirtí sa Dáil go bhfuil aon neart in aon chor iontu lastuaidh den teorainn?
Ach fágfam na polaiteoirí as an áireamh tamall. Nach luíonn sé le réasún, agus le Bunreacht na hÉireann, go mbeadh sé de cheart ag saoránaigh de chuid na tíre seo ról a ghlacadh i saol na tíre? Tá sé scríte in Airteagal 2 den mBunreacht go bhfuil ‘gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, i dteideal, agus tá de cheart oidhreachta aige nó aici, a bheith páirteach i náisiún na hÉireann’.
Déarfainnse go bhfuil sé ar an gcuid is bunúsaí den cheart úd a bheith in ann vótáil do dhuine a mbeadh fonn air nó uirthi ionadaíocht a dhéanamh ar son an náisiúin ar fud an domhain mhóir. Is cuma cé acu i nDún Chaoin nó i nDroim Caoin a chrochann tú do hata.
Deirtear sa Bhunreacht chomh maith gur ‘mór ag náisiún na hÉireann a choibhneas speisialta le daoine de bhunadh na hÉireann atá ina gcónaí ar an gcoigríoch agus arb ionann féiniúlacht agus oidhreacht chultúir dóibh agus do náisiún na hÉireann’.
Ach ón dtaobh eile den scéal, braitheann scata díobh siúd a chaith teitheadh ón dtír seo le tamall de bhlianta anuas (agus go deimhin sna 1980í, 1950í srl.) go bhfuil dearúd iomlán déanta ag an stát orthu ó d’fhágadar. ‘Imigh bhuaim ar maidin/is mo mhallacht dod’ bhóthar/ is ná fhicfead go deo tú/ach amháin tuairisc do bháis’ fé mar adúirt bean Sheáinín leis fadó. Nach mbeadh deis anseo, is é sin an vóta a thabhairt dóibh, an nasc idir iad agus an tír seo a chaomhnú agus a chothabháil?
Neosfaidh an aimsir…
Breathnoir
Tá an ceart ar fad ag údar an ailt. Ta sé thar am go mbeadh gach Éireannach in ann Uachtarán na hÉireann a roghnú.