Stró agus airgead ag teastáil le fabhraí áille a fháil

Ní raibh aon réiteach draíochta ag ár gcomhfhreagraí don bhean a cheistigh í faoi chleasa smididh dá cuid fabhraí

Stró agus airgead ag teastáil le fabhraí áille a fháil

Cuireadh ceist orm le linn na seachtaine faoi fhabhraí ó tharla go raibh mé ag scríobh anseo an tseachtain seo caite faoi mhalaí – an bhfuil aon bhealach draíochta ann leis an dualgas laethúil sin le mascára a sheachaint ach cuma mhaith a bheith ar na fabhraí agus ar na súile?

Ar ndóigh, is féidir dath nó imir a chur iontu agus déanann an t-uafás daoine é sin na laethanta seo. Is iondúil go maireann an toradh ar feadh 4-6 seachtaine agus ní theastaíonn mascára idir an dá linn.

Is féidir leis an nduine féin an dathú fabhraí seo a dhéanamh iad féin sa mbaile le táirge atá ar fáil sna cógaslanna ach mholfainn féin an cúram a fhágáil i lámha an duine gairmiúil i salún áilleachta.  Tá beagán costais ag baint leis ach is fiú é a bheith déanta ceart i ndeireadh an lae.

Rogha eile is ea an próiseas ar dtugtar ‘lash lift’. I salúin áilleachta amháin a dhéanfá é seo agus is é atá i gceist ann na séiream a chur ar do chuid fabhraí ar feadh uair an chloig. Ní mhéadaíonn sé líon na bhfabhraí ach cuireann sé dath níos dorcha orthu agus cuireann sé cuma chatach agus beocht nua iontu.

Tá an próiseas féin níos compordaí ná dathú na bhfabhraí ach caithfidh tú a bheith cúramach le rud amháin – ní féidir deor uisce a scaoileadh in aice le do chuid fabhraí ar feadh 24 uair an chloig ina dhiaidh. Mura seachnaíonn tú an t-uisce in aice do chuid súl ar feadh an lae teipfidh ar an iarracht.

Ar ndóigh, is féidir freisin dul i muinín na bhfabhraí bréige. Tá rogha ollmhór ar fáil anois i ngach stíl agus ar gach praghas. Don té a mbeadh an fhoighne acu cinn bhréige a chaitheamh gach lá – agus ní dócha go bhfuil sin ag mórán againn – tá cinn shimplí, éadroma ar fáil a bhreathnaíonn an-nádúrtha. Obair inti féin é fabhraí bréige a chur ort féin go néata agus teastaíonn cleachtadh rialta lena dhéanamh go foirfe. Tá cleas nua á chur chun cinn ar na meáin shóisialta le tamall anuas – na fabhraí bréige a chur faoi bhun do chuid fabhraí agat féin seachas os a gcionn. 

Bíonn cuma níos fearr orthu ach níl mé cinnte an mbeidís chomh compordach sin.

Is féidir tabhairt faoi shíneadh nó fadú fabhraí freisin – próiseas gairmiúil é seo a dhéantar i salún áilleachta nuair a chuirtear ribí bréige, síoda, minc nó ribí a dhéantar as ábhar sintéiseach, i bhfostú de do chuid fabhraí nádúrtha. Maireann siad ar feadh trí seachtaine nó míosa agus is gá filleadh ar an salún áilleachta le hiad a bhaint díot nó a athchóiriú. Thart ar uair an chloig go leith a thógann sé le fadú fabhraí a fháil déanta ach is é an buntáiste mór leis ná go ndúisíonn tú ar maidin agus an chosúlacht air go bhfuil an smideadh súl déanta agat cheana féin! Caithfidh tú a bheith cúramach go maith má tá fadú fabhraí déanta agat agus ní féidir leat aon táirge le hola a chur in aice na súl mar go bhfuil an baol ann go leáfadh an gliú a choinníonn fabhraí bréige i bhfostú ansin.

Freagra na ceiste a cuireadh orm – níl aon bhealach draíochta le fabhraí áille a bheith agat i gcónaí mura bhfuil tú sásta roinnt éigin stró a chur ort féin agus roinnt mhaith airgid a chaitheamh ag an am céanna.

Fág freagra ar 'Stró agus airgead ag teastáil le fabhraí áille a fháil'