D’imigh duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann, William Trevor, ar shlí na fírinne le gairid, suaimhneas síoraí dá anam. I gcuid mhaith den chur síos a rinneadh ar a shaol agus ar a shaothar le seachtain anuas, tugadh tús áite do ghné áirithe a bhain lena shaol: gur duine ón taobh amuigh a bhí ann sa dá áit a raibh cónaí air le linn a shaoil – Protastúnach a bhí ann in Éirinn, Éireannach a bhí ann i Sasana.
Más fíor don tráchtaireacht air, chreid Trevor féin gur cheart gur ‘duine ón taobh amuigh’ a bheadh i scríbhneoir ar bith; chreid sé nach bhféadfadh an scríbhneoir a bheith mar chuid den tsochaí toisc gur ar an tsochaí ba cheart dó a bheith ag breathnú – ón taobh amuigh.
Chaith mé an chuid is mó de sheachtain ag machnamh faoin dearcadh sin; ag deireadh an lae, baineann gné an ‘duine ón taobh amuigh’ go láidir le mo chás féin mar scríbhneoir. An gá go seasfadh duine amach as a shochaí féin le go mbeadh sé ina scríbhneoir? Ní dóigh liom gur gá.
Rith sé liom gur dlúthchuid dá bpobal féin iad cuid de na scríbhneoirí Gaeltachta is fearr – Joe Steve Ó Neachtain, Micheál Ó Conghaile, Darach Ó Scolaí, gan ach triúr a lua.
Sin ráite, ní haon dochar do scríbhneoir tréimhse a chaitheamh taobh amuigh den áit a mbeadh sé ar intinn aige a bheith ag scríobh faoi. Nuair a fhillfeas sé, tabharfaidh sé rudaí faoi deara faoin áit nach dtabharfadh go brách dá bhfanfadh sé ann. Beidh ‘súil eile’ aige.
Seift é seo a bhfuil dúil mhór inti ag scríbhneoirí óga Meiriceánacha go háirithe: bliain a chaitheamh i bPrág nó i bPáras chun achar tíreolaíoch agus ama a chur idir iad féin agus a dtír dhúchais, fad is a bhíonn siad i mbun oibre ar an gCéad Mhórúrscéal Meiriceánach Eile (an chaoi a bhfuil cúrsaí sna Stáit Aontaithe faoi láthair, cheapfainn gur i méid a bheidh a líon ag dul).
Cuimhním go dtí an lá atá inniu ann ar fhear óg as Austin, Texas a chaith an chuid is mó de bhliain ag an mbord céanna sa chaifé a bhíodh agam i nGaillimh tráth den saol, agus a raibh an dúshlán seo tugtha dó féin aige: úrscéal a scríobh laistigh de bhliain, nó éirí as an mbrionglóid liteartha agus post ceart a lorg. Níl a fhios agam ar éirigh leis, agus ar eagla na díomá tá drogall orm a ainm a chuardach ar an idirlíon; bhí sé de bhéasa aige dhá latte a ól agus bord á thógáil suas aige ar feadh na maidine, bail ó Dhia air.
Ach táim imithe ar seachrán.
Is fíor go mbíonn an ‘tsúil eile’ ina cabhair, agus bhainfeadh scríbhneoir ar bith leas as tréimhse nó tréimhsí lasmuigh den áit a bhíonn faoi chaibidil aige.
Ach ní dóigh liom gur gá don scríbhneoir díthreabhach a dhéanamh de féin.
A mhalairt!
Is é an chaoi go mbaineann chuile scríbhneoir le treibh – treibh a dhúchais, treibh altrama, nó go deimhin treibh a chruthaigh sé féin. Creidim go láidir go bhfuil freagracht ar an scríbhneoir i leith na treibhe (nó i leith na dtreibheanna) sin – agus is é sin dul amach agus scéalta a lorg. Is cuma cén áit a mbíonn cónaí air – timpeall an chúinne nó ar an taobh eile den domhan – fad is a fhilleann sé ar thine an champa ó am go chéile chun scéal maith a insint.
Is cinnte gur inis William Trevor neart dúinn, agus tá a threibh léitheoirí faoi chomaoin mhór aige as an léargas a thug sé dúinn.
Fág freagra ar 'Bíonn an ‘tsúil eile’ ina cabhair, ach ní gá don scríbhneoir bheith ina dhíthreabhach'