Is “cúis náire” d’Fhianna Fáil na ciorruithe a rinneadh ar mhaoiniú na Gaeilge i mBuiséad 2017, dar le hUachtarán Shinn Féin, Gerry Adams.
Mhaígh Adams inniu gur “baothchaint” a bhí sa “scéal mór” a rinne Fianna Fáil as a gcuid tosaíochtaí roimh an mBuiséad agus as a “dtiomantas do chistíocht bhreise don Ghaeilge”.
““In ainneoin na baothchainte seo uilig, tá laghdú 9% ar mhaoiniú don Ghaeilge agus do na hOileáin, agus in ainneoin an scéil mhóir a rinneadh as saol na tuaithe a chosaint i ndiaidh an toghcháin, cuireadh an dara ciorrú is mó i bhfeidhm ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha agus Gaeltachta,” a dúirt sé.
Dúirt sé go bhfuil “droim láimhe” tugtha ag Fine Gael agus ag Fianna Fáil araon don phlean infheistíochta a chuir Conradh na Gaeilge le chéile thar ceann 80 eagraíocht Gaeilge níos túisce i mbliana agus “gur léir” dó nach bhfuil ceachtar den dá pháirtí “dáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn”.
“Féachann siad ar an nGaeilge mar ualach ar an gcáiníocóir, seachas mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár gcultúr ar cheart dúinn a chosaint, a chur chun cinn agus a chothú. Ba cheart do Fhianna Fáil agus Fine Gael náire a bheith orthu as a ndearcadh ar an Ghaeilge,” a dúirt sé.
Fógraíodh laghdú 9% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta Dé Máirt seo caite, ó €51.026 milliún in 2016 go dtí €46.736 milliún do 2017.
Laghdú sa bhuiséad caipitil a bhí i gceist ansin a bhaineann le hairgead a bhí curtha ar leataobh anuraidh do thógáil Theach an Phiarsaigh i Ros Muc agus d’fhorbairt Ché Inis Oírr. Seachas sin, is beag athrú atá tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta, seachas ardú €1.4 milliún ar an mbuiséad reatha.
San áireamh ansin, bhí méadú €440,000 do scéimeanna tacaíochta teanga, ó €6 milliún go dtí €6.44 milliún, méadú €60,000 d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus méadú €250,000 araon do bhuiséad reatha Údarás na Gaeltachta agus do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
Ní bhfuair Foras na Gaeilge ardú ar bith i mBuiséad 2017 agus beidh an leithdháileadh caipitil céanna ag Údarás na Gaeltachta i mbliana is a bhí acu anuraidh – €6.687 milliún – nuair a chuirtear san áireamh an milliún breise a tugadh don eagraíocht i meastacháin dheireadh na bliana seo caite.
Gabriel Rosenstock
Caithfear iad a náiriú ar bhonn idirnáisiúnta agus coireanna in aghaidh an chultúir a chur ina leith.