Tá ceithre ainmniúchán faighte ag Tuairisc.ie do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhronnfar ag ócáid sa Ghaillimh an mhí seo chugainn.
Tá triúr de mheitheal iriseoirí an tsuímh seo ainmnithe sa rannóg ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’ agus tá Tuairisc.ie féin ainmnithe sa rannóg do ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’.
Is iad an triúr atá ainmnithe don ghradam ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’ ná Maitiú Ó Coimín, Alex Hijmans agus Cathal Mac Coille.
Is iad Alan Titley, a scríobhann an colún Crobhingne ar an Irish Times agus Méabh Ní Thuathaláin ó Nós.ie an bheirt eile atá ainmnithe sa rannóg seo.
Tá colúnaí eile de chuid Tuairisc.ie, an craoltóir Dara Ó Cinnéide ainmnithe dá shaothar le GAA USA agus Seó Spóirt ar TG4.
Sa rannóg ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’, beidh Tuairisc.ie á fhéachaint le www.tg4.ie, www.meon eile.ie agus www.raidiofailte.com.
Seo thíos an gearrliosta iomlán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016.
padraig
Breandán M Mac Gearailt, Tadhg Ó Gairbhí, Dara Ó Cinnéide mo rogha féin. Timpist ghlan é gur Ciarraígh iad uile!