Cad is brí le ‘Saor agus Gaelach’ in 2016?

Tús á chur ag Conradh na Gaeilge le sraith díospóireachtaí faoi Éirí Amach na Cásca le seimineár poiblí i gColáiste na Trionóide

Postaer 1

Pléifear ráiteas cáiliúil an Phiarsaigh inar mhol sé go mbeadh Éire ‘ní hamháin saor ach Gaelach…’ i gColáiste na Tríonóide an tseachtain seo chugainn agus daoine ó chúlraí éagsúla á dtabhairt le chéile ag Conradh na Gaeilge mar chuid dá sraith díospóireachtaí don chomóradh ar Éirí Amach na Cásca – ‘Plé ‘16’.

Seimineár dátheangach a bheidh i gceist le hócáid na seachtaine seo chugainn ‘Cad is brí le ‘Saor agus Gaelach’ in 2016?’ ag a ndéanfar scagadh ar ghluaiseacht na Gaeilge roimh Éirí Amach na Cásca i gcomhthéacs ghluaiseacht na linne seo.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go bhfuil Conradh na Gaeilge ag súil go mór le Plé ’16 a sheoladh “i suíomh chomh stairiúil” le Coláiste na Tríonóide “trasna an bhóthair ón teach inar rugadh na Piarsaigh”.

Dúirt Uachtarán an Chonartha gur “tráthúil” an cheist í “cad is brí le ‘Saor agus Gaelach’ dúinn anois mar náisiún in 2016.”

Dúirt Patrick Prendergast, Propast Choláiste na Tríonóide, gur onóir don Choláiste a bheith páirteach in eagrú na hócáide.

“Is eagraíocht é Conradh na Gaeilge a raibh tionchar mór aici ar shaol na hÉireann sa tréimhse roimh Éirí Amach 1916, agus, ar ndóigh, ba hcéimí iomráiteach de chuid an Choláiste, an scoláire agus céad uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde, a bhunaigh é,” a dúirt Patrick Prendergast.

Dúirt sé go raibh Oifig na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, a bhfuil baint aici le heagrú an tseimineáir, ag súil go spreagfadh an díospóireacht ‘smaointeoireacht úr’ i dtaobh a bhfuil i gceist le bheith ‘saor’ agus ‘Gaelach’.

I measc na n-aoichainteoirí ag an seimineár, beidh an tOllamh Eunan O’Halpin ó Scoil na Staire i gColáiste na Tríonóide; an tOllamh Allan I. MacInnes ó Ollscoil Shraith Chluaidh i nGlaschú, Albain; An Dr Chris McGimpsey, Iarchomhairleoir Cathrach i mBéal Feirste agus ball den UUP; Íte Ní Chionnaith, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus iarléachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC); An Ceart-Oirmhinneach Michael Burrows, Easpag Eaglais na hÉireann ar Chaiseal, ar Fhearna agus ar Osraí; agus Mary Harris, Léachtóir Sinsearach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG).

Beidh áis aistriúcháin chomhuainigh ar fáil don seimineár poiblí a bheidh ar siúl in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide Dé Luain, an 23 Samhain 2015.

Fág freagra ar 'Cad is brí le ‘Saor agus Gaelach’ in 2016?'