Bean eile maraithe ó thuaidh – caithfear stop a chur leis

I bhfianaise chomh forleathan is atá foréigean baile, mí-úsáid ar pháistí agus marú ban is gá do gach institiúid a dhearbhú go gcaithfear stop a chur leis

Bean eile maraithe ó thuaidh – caithfear stop a chur leis

Bean eile maraithe i dTuaisceart Éireann. Frítheadh corp Carrie Mullane as Luimneach i Loch Éirne níos luaithe sa tseachtain. Cruthúnas arís gur réigiún an-chontúirteach é an Tuaisceart do mhná agus páistí, os cionn scór go leith bean dúnmharaithe le sé bliana anuas.

D’fhág Carrie Mullane, 39, Luimneach ar an 10 Deireadh Fómhair in éindí le fear as Inis Ceithleann a raibh caidreamh aici leis. Tá fear cúisithe as a dúnmharú agus daoine eile cúisithe as faisnéis a cheilt.

Bhí sí ar iarraidh ar feadh míosa nuair a frítheadh a corp sa loch. Tháinig sé chun solais sa chúirt gur ionsaíodh í i dteach in Inis Ceithleann, gur buaileadh sa chloigeann agus sa mhuineál í agus gur coinníodh a corp i veain champála ar feadh coicíse sular cuireadh i bhfolach sa loch í. Sin 32 bean maraithe ó 2020, a bhformhór ionsaithe ag fir a raibh aithne mhaith acu orthu nó dlúthchaidreamh acu leo.

Tháinig an scéal uafásach faoi mar a caitheadh le Carrie, fiú tar éis a báis, sa tseachtain chéanna ar cuireadh stop le triail fir as Chloe Mitchell a mharú; cuirfear tús le triail nua, le coiste cróinéara nua roimh dheireadh na míosa seo. Is iomaí uair a cuireadh moill ar thriail Brandon Rainey as Chloe Mitchell a mharú ar an mBaile Meánach i mí an Mheithimh 2023. Bhí sí ar iarraidh ar feadh laethanta nuair a frítheadh a corp gearrtha ina phíosaí agus curtha i mboscaí bruscair. Séanann an cúisí dúnmharú agus cosc a chur ar adhlacadh dleathach.

Tá glactha leis gur chruthaigh na póilíní go maith sa dá chás sin, obair bhleachtaireachta déanta chun a theacht ar na híobartaigh agus faoiseamh, dá laghad é a thabhairt dá muintir nuair a frítheadh na taisí. Ní hamhlaidh an scéal áfach maidir le dúnmharú Alesia Nazarova i bPort an Dúnáin in 2023.

Foilsíodh tuairisc ar athbhreithniú ar dhúnmharú baile, nó DHR (Domestic Homicide Review) ar mharú Alesia Nazarova, 37. Scéim nua is ea an córas athbhreithnithe mar chuid den iarracht chun a dhul i ngleic le foréigean baile. Chinn an t-athbhreithniú gur theip ar an PSNI dóthain airde a thabhairt ar stair bhrúidiúil Kornel jiu Bracas, deartháir na mná.

Thacht agus sháigh sé í agus chuir sé a teach trí thine; anuas air sin, chuir sé bac ar an doras ionas go raibh sé an-deacair ag an tseirbhís dóiteáin a neacht, a bhí lena máthair, a tharrtháil. Bhí a fhios roimhe sin gur mhinic a d’ionsaigh sé a dheirfiúr agus gaolta eile agus go raibh na hionsaithe ag dul i ndéine. D’admhaigh sé dúnmharú a dheirféar, coirloscadh agus beatha daoine eile a chur i mbaol agus gearradh 24 bliain príosúin air.

Bhí imeaglú agus ionsaithe déanta aige ar ghaolta eile sular bhog sé isteach lena dheirfiúr. Ba é breithiúnas an athbhreithnithe gurbh fhéidir a thuar go ndéanfadh sé ionsaithe foréigneacha arís fiú murabh fhéidir a bheith ag súil go dtuarfaí an dúnmharú. B’as an Liotuáin an teaghlach agus measadh gur chuir deacrachtaí teanga agus ateangairí éagsúla a bheith úsáidte le heaspa tuisceana ar an gcontúirt. Rinneadh liosta fada de mholtaí don PSNI chur a gcur chuige a fheabhsú.

Ní féidir a rá go bhfuil ceangal docht idir leithéid na siléige sin agus mí-iompar chomhaltaí áirithe den tseirbhís póilíneachta ach níor cheart neamhshuim a dhéanamh de. Bhí Ombudsman na bPóilíní, Jacqui Durkan, os comhair choiste oifig an Fheidhmeannais in Stormont ar an gCéadaoin. Chuir sí eolas faoina mbráid maidir le fiosruithe a hoifige ar phóilíní a bhain leas as a stádas gairme chun mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar mhná goilliúnacha.

Bhí an tOmbudsman agus an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher aontaithe gurb é an drochiompar sin an truailliú is measa ar phóilíneacht. Nocht tuairisc níos luaithe sa bhliain go raibh foghail ghnéis i gceist san trian de chásanna a fiosraíodh i gcaitheamh sé bliana. Níos measa fós, tá 49 gearán déanta leis an Ombudsman ó thús 2025 faoi mhí-úsáid an phoist le haghaidh gnéis – tá sé chomh coitianta sin anois go bhfuil APSP (abuse of position for sexual purposes), acrainm dá chuid féin aige.

Is maith go bhfuil glactha ag an PSNI le moltaí an athbhreithnithe agus go bhfuiltear ag déileáil le gearáin mar mhí-iompar tromchúiseach gur féidir cúisimh a thionscnamh maidir leo nó/agus daoine a bhriseadh. Tá a fhios ag Dia gur minic ráite cheana é, ach i bhfianaise chomh forleathan is atá foréigean baile, mí-úsáid ar pháistí agus marú ban, is gá do gach institiúid a bheith airdeallach agus a dhearbhú gan aon eisceacht go gcaithfear stop a chur leis.

Cuma ar uasal nó íseal, saibhir nó daibhir, ‘réalta’ nó ‘cosantóir’ atá i gceist bíodh orthu an téiléireacht a íoc chun go nglanfar an phlá.

Fág freagra ar 'Bean eile maraithe ó thuaidh – caithfear stop a chur leis'