Bóthar an A5 ceadaithe ach constaicí fós sa mbealach

An athróidh an cor is deireanaí i scéal an A5 cinniúint Shinn Féin sna toghcháin áitiúla agus Stormont an bhliain seo chugainn?

Bóthar an A5 ceadaithe ach constaicí fós sa mbealach

Cuireadh na mílte fáilte roimhe i dTír Eoghain. Agus i dTír Chonaill, i gcontae Fhear Manach, i gcontae Dhoire, i gcontae Mhuineacháin. Faoiseamh ollmhór dá lán ab ea rialú na Cúirte Achomhairc i mBéal Feirste nach raibh bac ar bith ar uasghrádú an bhóthair ó Achadh na Cloiche go himeall chathair Dhoire, an príomhbhealach idir Baile Átha Cliath agus an t-iarthuaisceart.

Faoiseamh do Shinn Féin ab ea an cinneadh freisin, sciath chosanta, seans, in aghaidh ghreadadh ó vótóirí a bhí gortaithe ag an moill ar thogra suaitheanta a gealladh mar thosaíocht.

Fuair 57 duine bás agus gortaíodh go leor eile i dtaismí ar an A5 ó chinn Stormont in 2007 nár mhór an bóthar a uasghrádú. Maíodh gurb é an A5 an bóthar ba chontúirtí sa tír. Bhí an grúpa Enough is Enough, gaolta na marbh agus a lucht tacaíochta, Cumann Lúthchleas Gael go sonrach, chomh maith le lucht gnó diongbháilte go raibh práinn le huasghrádú an stráice 87 gciliméadar go débhealach ar bhonn sábháilteachta. Trí fhiosrú poiblí agus trí chás cúirte a thóg úinéirí talún maille le siléig Stormont faoi ndear an mhoill ar an togra infreastruchtúir is mó ariamh i dTuaisceart Éireann. Costas £1.7 billiún atá luaite leis agus €600 milliún de sin geallta ag rialtas na hÉireann.

Dé Máirt seo caite a rialaigh an Chúirt Achomhairc go gcuirfí ar neamhní cinneadh a rinne an Ardchúirt anuraidh nach gceadófaí an togra toisc gur sháraigh sé spriocanna aeráide a leagadh síos i reachtaíocht. Chealaigh an Príomh-Bhreitheamh, an Bantiarna Siobhán Keegan, an cinneadh sin mar nár cuireadh astaíochtaí carbóin i gcomhthéacs an Tuaiscirt ar fad san áireamh ann. Diúltaíodh freisin d’argóint faoi chearta úinéirí talún. Ní fios go fóill an ndéanfaidh siadsan, an Alternative A5 Alliance, achomharc eile.

Ní nach ionadh bhí ríméad ar lucht feachtais Enough is Enough ach d’éiligh siad, in ómós na marbh agus a muintire go gcuirfí tochaltóirí ar an láthair go pras. N’fheadar cé chomh luath is a bheidh an tAire Infreastruchtúir, Liz Kimmins, Sinn Féin, in ann féachaint chuige sin. Deir sí go bhfuil an maoiniú slán cé go bhfuil go leor in amhras faoi chumas Stormont aon cheo a dhéanamh d’uireasa buiséad don bhliain. Tá práinn lena chinntiú nach gcaillfear aon duine eile ar an mbóthar, a dúirt an tAire a thug treoir dá feidhmeannaigh tabhairt faoin obair mar thosaíocht.

Beidh le feiceáil.

Údar spéise é an tAire a bheith ag caint ar thosaíochtaí agus ar uasghrádú an bhóthair a bheith ina thionscadal suaitheanta ag an bhFeidhmeannas. Níor léir go raibh an DUP chomh tógtha le huasghrádú an bhóthair is a bhí náisiúnaithe. Thar aon ní bhí an teip ar thogra an A5 go dtí seo á lua le Sinn Féin. Is in dhá dhúnáras de chuid Shinn Féin, toghcheantair Lár Uladh agus Thír Eoghain Thiar atá an chuid is mó den A5 agus b’iomaí vótóir dá gcuid a léirigh lagmhisneach faoi chumas an pháirtí gnó a dhéanamh ar a son in Stormont.

An athróidh an cor is deireanaí i scéal an A5 cinniúint Shinn Féin sna toghcháin áitiúla agus Stormont an bhliain seo chugainn? Gach seans. Tháinig sé sna sála ar dheis a thug Jamie Bryson, Oráistigh Phort an Dúnáin, an TUV agus eite den DUP dóibh; níor ghá a bheith soiniciúil lena rá nach raibh leisce orthu an fhaill a fhreastal chun filleadh ar agóidíocht sráide ar Bhóthar Gharbhachaidh. Bhí a dtacaíocht laghdaithe seacht bpointe go 22% i bpobalbhreith le déanaí ach le seachtain anuas tá siad ag fáil bualadh bos ó na céadta, nó na mílte ag an slógadh i bPort an Dúnáin.

Tá dhá bhuntáiste le baint ag Sinn Féin as má bhíonn siad in ann iad a thapú ach sé an rud is tábhachtaí go bhfuil an glas ar uasghrádú an A5 scaoilte. Céim mhór chun tosaigh ar mhaithe le sábháilteacht is ea é a fhad is go gcruthóidh na polaiteoirí inniúil ar an ngnó agus nach gcuirfear constaic ar bith eile sa mbealach. Údar dóchais do mhóramh an phobail.

Fág freagra ar 'Bóthar an A5 ceadaithe ach constaicí fós sa mbealach'