Stop Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann baill den Ord Oráisteach a bhí ag iarraidh paráid a dhéanamh síos Bóthar Gharbhachaidh ar moiche maidine inniu. Tá slua mór léirsitheoirí bailithe ar an mbóthar arís inniu mar agóid in aghaidh an chinnidh paráid a cheadú ann.
Go moch ar maidin thug grúpa fear faoi mháirseáil ó Shéipéal Dhroim Crí síos Bóthar Garbhachaidh, ceantar láidir náisiúnach i bPort an Dúnáin. Cúigear ón Ord Oráisteach s shiúil i dtreo líne na bpóilíní in aice le Séipéal Dhroim Crí mar ar dhúirt oifigeach póilíní leo nach raibh cead acu leanacht lena siúlóid. Chinn ar an Ord Oráisteach a bparáid, a bhí ceadaithe ag an gcúirt, a thionól inné mar go raibh slua léirsitheoirí bailithe chun an pharáid a chosc.
Bhí an Chéad-Aire Michelle O’Neill, Sinn Féin, i láthair ag an agóid agus cháin ceannaire an DUP Gavin Robinson í ag rá go raibh an dlí á shárú aici. Mhol O’Neill do na léirsitheoirí ‘an fód a sheasamh’ agus fanacht ar an mbóthar go mbeadh sé ina mheán oíche ar a laghad. Ón mbliain 1998, bhí cosc ar an Ord Oráisteach a gcuid máirseála i nDroim Crí a chríochnú, paráid a tharraing aighneas seicteach sna 1990idí agus ar mhinic í ina siocair foréigin agus círéibe. D’iarr an Státrúnaí Chris Bryant ar an dá thaobh ‘a seacht ndícheall a dhéanamh teacht ar chomhghéilleadh’.
Bhailigh na mílte ar an mbóthar conspóideach i bPort an Dúnáin inné leis an bparáid ó Shéipéal Dhroim Crí a stopadh ó dhul síos Bóthar Gharbhachaidh. Thart ar mheán oíche aréir a dúirt Breandán Mac Cionnaith ó Ghrúpa Áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh go raibh an ‘bua’ acu. Bhí cainteanna inniu ag Áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh leis an Státrúnaí agus Príomh-Chonstábla an PSNI.
Dúirt Breandán Mac Cionnaith go rabhthas ag iarraidh go gceapfaí eadránaí idirnáisiúnta chun an t-aighneas a réiteach. Rialaigh Coimisiún na bParáidí go raibh cead ag an Ord Oráisteach máirseáil ó Shéipéal Dhroim Crí síos bóthar Gharbhachaidh, ag seisiún Ard-Chúirte deireanach maidin Dé Domhnaigh, rud nár facthas a leithéid roimhe seo.
Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald gur ‘amaidí nach bhféadfaí glacadh léi’ a bhí sa chinneadh an pharáid a ligean síos Bóthar Gharbhachaidh. ‘Bhí gach duine anseo síochánta. Tá na daoine anseo aontaithe agus ord agus eagar orthu,’ a dúirt sí. ‘Pobal aontaithe stuama is ea an pobal seo agus tá siad diongbháilte agus ní tharraingeofar ar ais go dtí na seanlaethanta iad.’ Dúirt Michelle O’Neill nach gceadódh ‘aon duine stuama’ an pharáid.
‘Níl freagra na ceiste seo agam fós – cén fáth tar éis 28 bliain ag dearbhú nach rachadh an pharáid seo síos Bóthar Gharbhachaidh gur cheap Coimisiún na bParáidí gur cheart an phraiseach sin a thabhairt ar ais sa bpobal seo inniu?’
Dúirt Carla Lockhart, Feisire leis an DUP, gurb amhlaidh a bhí Michelle O’Neill ag ‘cothú histéire’.
‘Tá sé dochreidte go bhfuil céad-aire againn á hiompar féin mar atá sí seo. Dá ndéanfadh mise nó aon duine eile de mo chomhghleacaithe a leithéid, bheadh muid caite ar chúl Land Rover.’ Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh cinneadh Choimisiún na bParáidí an pharáid a ligean síos Bóthar Gharbhachaidh den chéad uair le beagnach tríocha bliain ‘dothuigthe agus mícheart’. Dé hAoine thug an Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach paráid chiúin nach mbeadh níos mó ná 35 duine páirteach inti a dhéanamh ó Dhroim Chrí ach tosú ag a 8.00 am seachas ag an a 1.00pm mar ba ghnáth.
D’éirigh le dúshlán in aghaidh an chinnidh sin ar an Satharn agus an Breitheamh Patricia Smyth ag rá go bhféadfadh an t-aighneas ‘géarú’ ar fud an Tuaiscirt. Thug an tOrd Oráisteach dúshlán chinneadh an Bhreithimh Smyth agus ritheadh dhá éisteacht eile oíche Dé Sathairn agus moch maidin Dé Domhnaigh agus deimhníodh an cead máirseála.
Fág freagra ar 'Slua léirsitheoirí bailithe ar Bhóthar Gharbhachaidh arís, stop curtha le paráid'