‘Ba cheart an deis a thapú le linn uachtaránacht na hÉireann deireadh a chur le maolú stádas na Gaeilge san AE’ – feisirí Parlaiminte

Vótáil Parlaimint na hEorpa in 2024 síneadh a chur le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais

‘Ba cheart an deis a thapú le linn uachtaránacht na hÉireann deireadh a chur le maolú stádas na Gaeilge san AE’ – feisirí Parlaiminte

Tá feisirí Eorpacha de chuid Fhianna Fáil agus Sinn Féin ar aon fhocal gur cheart an deis a thapú le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa agus stádas iomlán a lorg don Ghaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Vótáil Parlaimint na hEorpa mí an Mhárta 2024 síneadh a chur le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais.

Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear.

Cinneadh síneadh a chur leis an maolú go dtí deireadh théarma seo na Parlaiminte in 2029 ach déantar  athbhreithniú ar an gcinneadh gach sé mhí.

Dúirt Kathleen Funchion, Feisire Parlaiminte de chuid Shinn Féin, agus Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Parlaiminte de chuid Fhianna Fáil, le Tuairisc go gcuireann siad fáilte roimh an scéala go bhfuil an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag réiteach treoir faoi úsáid na Gaeilge le linn na hUachtaránachta ach go bhfuil sé “thar am” ag an Rialtas an stádas iomlán don Ghaeilge a éileamh.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha do Tuairisc go bhfuil an cháipéis “á réiteach” ach nach bhfuil ann ach dréacht i láthair na huaire a chaithfí a phlé le ranna eile rialtais.

“Tá treoir ar úsáid na Gaeilge le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh á réiteach faoi láthair. Tá an cháipéis treorach ina dréacht faoi láthair agus déanfar athbhreithniú agus plé idir-rannach uirthi sula gcríochnófar í,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Kathleen Funchion le Tuairisc go bhfuil “athrú mór millteach cultúrtha” tagtha ar chás na Gaeilge le blianta beaga anuas agus gur maith a fheileann an tráth seo le stádas iomlán a thabhairt di san Aontas Eorpach.

“Cuirim fáilte roimh an scéala go bhfuil geallúint tugtha ag an Rialtas an Ghaeilge a chur ar comhchéim leis an mBéarla le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE níos deireanaí sa bhliain. Tá an Ghaeilge tar éis dul trí athrú mór millteach cultúrtha le blianta beaga anuas agus is údar misnigh dom aon iarracht í a chur i lár an aonaigh.

“Is dóigh liom gur deis mhaith í an uachtaránacht seo a bheith ag Éirinn le stádas iomlán a thabhairt dár dteanga. Tá sé seo thar am le fada agus caithfidh Rialtas na hÉireann a éileamh anois go léirítear meas iomlán dár dteanga agus go mbaintear an maolú ar fud institiúidí an Aontais Eorpaigh,” a dúirt sí.

Dúirt Cynthia Ní Mhurchú gur aontaigh sí “200%” gur cheart an deis a thapú agus uachtaránacht na Comhairle ag Éirinn an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh agus ceist an mhaolaithe a phlé.

“A luaithe is a thuig mé an fhadhb seo, nuair a toghadh mé, thosaigh mé ag caint leis hardstiúrthóir na rannóige a bhíonn ag plé le teangacha agus leis an aistriúchán.

“Ta mé á phlé le Juan Carlos Jiménez Marín [an t-ardstiúrthóir] agus bhí mé á phlé leis an mbean a bhí ann roimhe. Tá ag éirí go maith liom leis an Uasal Jiménez Marín, tuigeann sé an fhadhb, agus tá sé ag díriú ar an athbhreithniú a chaithfidh seisean a dhéanamh gach sé mhí de réir an dlí [ar an maolú].

“An tréimhse sé mhí seo, go háirithe, ag rith suas go dtí an uachtaránacht, tá sé ag cur an-bhrú air féin athbhreithniú agus athscrúdú cruinn a dhéanamh ar chás na Gaeilge in éindí liomsa agus in éindí le Rialtas na hÉireann,” a dúirt Ní Mhurchú.

Dúirt Ní Mhurchú gur cheart go mbeadh “plean gearrthéarmach” ag an Rialtas sa cháipéis atá á hullmhú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha “don uachtaránacht” ach gur cheart go mbeadh plean “fadtéarmach” ag an Rialtas don Ghaeilge san Aontas Eorpach sna blianta atá amach romhainn freisin.

Is i Meitheamh 2005 a d’fhógair an tAE go raibh glactha le hiarratas ó Rialtas na hÉireann go ndéanfaí teanga oifigiúil agus oibre den Ghaeilge ach fágann easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge san AE i láthair na huaire nach bhfuil Parlaimint na hEorpa in ann lánseirbhís a chur ar fáil sa teanga.

Nuair a bhain an Ghaeilge lánstádas amach san AE faoi dheireadh in 2022, dúirt an rialtas anseo go raibh “todhchaí nua ar leac an dorais don Ghaeilge” ach chinn Parlaimint na hEorpa srian a chur arís ar an dualgas ábhar a chur ar fáil sa teanga de thoradh easpa foirne.

Fág freagra ar '‘Ba cheart an deis a thapú le linn uachtaránacht na hÉireann deireadh a chur le maolú stádas na Gaeilge san AE’ – feisirí Parlaiminte'