Bhí Corca Dhuibhne lán de shaineolaithe leighis an tseachtain seo agus gan stad ar an gcur agus cúiteamh sa dúiche faoi cholpaí, faoi theannáin na hioscaide agus faoi mhatáin eile agus foireann na Gaeltachta ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann inniu.
Bhí ar fhir Chiarraí Thiar tús a chur lena gcluiche leathcheannais i gcoinne na Sollán Dé Sathairn gan cuid d’imreoirí mór le rá na foirne agus cé go bhfuil a lucht tacaíochta ag guí go mbeidh siad siúd a bhí bacach i bPáirc Uí Chaoimh in ann páirt éigin a imirt sa gcluiche ceannais, tá fear amháin ann nach mbeidh ag dul chun páirce i bPáirc an Chrócaigh, captaen na foirne, Franz Sauerland.
Ba é Franz a d’ardaigh an corn nuair a bhuaigh an Ghaeltacht Craobh Idirmheánach Chiarraí mí Mheán Fómhair tar éis dó sárjab a dhéanamh ag marcáil Pheileadóir na Bliana David Clifford sa mbua ar an bhFosadh ach ghortaigh an cosantóir a ghlúin ag imirt le Ciarraí Thiar an mhí dár gcionn agus tá sé fós ag teacht chuige féin.
Tá an-mhí-ádh ar Franz go bhfágann an gortú go bhfuil sé ag cailliúint amach ar an gcuid dheireanach d’aistear iontach seo na Gaeltachta ach tá sé ag dul i dtaithí ar a ról nua sa bhfoireann.
“Rud amháin a d’fhoghlaim mé ná go bhfuilim i bhfad níos neirbhísí nuair atáim ar an dtaobhlíne ná mar a bhím nuair atáim ag imirt mar níl aon ghreim agam ar an gcluiche,” ar sé.
Tá sé ráite cheana ag Franz, atá ina mhúinteoir i nGaelcholáiste Charraig Uí Laighin i gCorcaigh, go raibh sé deacair air filleadh ar na seisiúin traenála nuair a gortaíodh ar dtús é ach deir sé gur thuig sé go raibh ról aige go fóill sa ghrúpa agus é ag iarraidh aon chúnamh gur féidir a thabhairt.
“Bhíos ana-shásta ag tús na bliana agus ana-thógtha nuair a dúirt an bhainistíocht liom go mbeinn i mo chaptaen ar feadh na bliana. Is rud iontach é toisc an grúpa atá ann chomh maith, an grúpa leaids. Deartháireacha is ea sinn ar fad agus is grúpa chomh teann sinn i mbliana, ó uimhir a haon go dtí uimhir a tríocha sé nó tríocha seacht, n’fheadar an mó duine atá ann faoi láthair.
“Is rud iontach é, fiú amháin nuair atáim ar an dtaobhlíne anois toisc go bhfuilim gortaithe, is dócha go bhfuil an ról céanna fós agam. Tá an ról ar an bpáirc anois tógtha ag PJ Mac Láimh agus tá jab iontach á dhéanamh aige siúd chomh maith.”
Bhí an caidreamh agus an díograis sin i measc na n-imreoirí le feiceáil an-luath sa mbliain chomh maith. Ní raibh aon fhoireann bhainistíochta ceaptha ar an nGaeltacht nuair a chuir siad tús le Sraith Chiarraí Thiar ag tús 2025 ach tháinig na himreoirí le chéile chun a chinntiú nach ligfí le bliain eile imeacht le sruth.
“Cad a spreag sinn? Is dócha, tháinig Éanna Ó Conchúir agus bhí sé mar bhainisteoir orainn. Bhí sé gortaithe ag an am so tháinig sé isteach agus dhein sé na rití linn. Thug sé clár dúinne, na leaids a bhí as baile, agus bhí sé mar bhainisteoir againn don gcéad chluiche chomh maith.
“Tá Éanna go hiontach. Chonaiceamar é sin an deireadh seachtaine seo caite is dócha, nuair ba é an cic cinniúnach san ar deireadh, ach cinnte thaitin an traenáil sin linn ar feadh na bliana agus chabhraigh sé linn ins na cluichí ceannais ar fad.”
Níorbh fhada gur tháinig Feargal Ó Sé, Dara Ó Cinnéide, Conall Ó Cruadhlaoich agus Pádraig Ó Conchúir isteach chun ceannas a thógáil ar an bhfoireann, ach bhreathnaigh sé go raibh rás na Gaeltachta rite sna babhtaí ceathrú ceannais i gCiarraí nuair a bhí Gníomh Go Leith cúig phointe chun tosaigh orthu agus an t-am nach mór caite. Scóranna dhá phointe ó Chathal Ó Beaglaoich a thug an Ghaeltacht slán an lá sin agus tá an teacht aniar sin ina spreagadh ó shin.
“Chabhraigh an cluiche san linn cluiche ceannais an chontae a bhuachaint in aghaidh an Fhosaidh,” a deir Franz. “Fiú amháin an oíche roimh an gcluiche leathcheannais a bhí againn an tseachtain seo caite i gcoinne na Sollán, luaigh Feargal Ó Sé, an bainisteoir, é chomh maith, go gcabhródh an cluiche sin linn amuigh ansan ag imirt.
“Dheineamar an rud céanna arís, cic cinniúnach ar deireadh, fé mar a dúirt, Éanna Ó Conchúir leis an scór dhá phointe ar deireadh chun an cluiche a bhuachtaint. Dúirt Feargal i ndiaidh an chluiche arís nár cheap sé go mbeadh aon chluiche againn cosúil le cluiche Ghníomh Go Leith arís ach bhí sé againn arís agus seasfadh sé linn an tseachtain seo chugainn chomh maith sa chluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh.”
Fág freagra ar '‘Deartháireacha is ea sinn ar fad’ – Franz Sauerland ag spreagadh na Gaeltachta ón taobhlíne'