Ba í an Comhairleoir Marie Murphy, Leas-Chathaoirleach Cheantar Bardasach Thiobraid Árann-na Cathrach-Chaisil a sheol an taispeántas go hoifigiúil Dé hAoine an 14 Samhain os comhair slua mór ón bpobal, agus tá fáil ar an taispeántas don uile dhuine anois go dtí an 19 Nollaig 2025. Bíonn At 6s & 7s Gallery oscailte Dé Máirt go dtí Dé hAoine ón 10am go dtí 4pm agus Dé Sathairn ó 11am go dtí 4pm.
An Coincheap Ealaíne
Tar éis dó a bheith ag obair ar Acaill le daoine a bhí páirteach i dtionscal iascaireachta an liamháin ghréine sna 1950idí agus sna 1960idí, spreagadh an t-ealaíontóir Tom Meskell chun a chur chuige comhshaoil i leith na healaíne a chomhcheangal mar fhreagairt ar an meas nua atá ar an liamhán gréine in uiscí na hÉireann. Cuireadh tús leis an tsraith Basking in Ionad Ealaíon Ros Comáin i samhradh na bliana 2025, áit ar cuireadh dealbh lánmhéide de liamhán gréine fásta ar taispeáint. Don chamchuairt i dTiobraid Árann agus mar fhreagairt ar spás gailearaí atá difriúil, rinne an t-ealaíontóir forbairt ar an gcoincheap seo mar iniúchadh ar luathshaol an liamháin ghréine: Basking – The Nursery. “Leis an leagan seo de Basking, ligtear dom formáidí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an tionscadal a iniúchadh — agus mé faoi anáil an spáis nua agus an chomhthéacs nua i dTiobraid Árann,” a dúirt an t-ealaíontóir Tom Meskell.
Tá dhá laindéar lánmhéide i gcruth éin liamháin ghréine, atá déanta as sail, páipéar, gliú agus téip páipéir, ‘ar snámh’ sa spás gailearaí. Agus smugairlí rón coiteanna soilsithe mórthimpeall air, mar aon le fuaimeanna suaimhneacha a chum Colm Ó Snodaigh agus Brian Hogan, claochlaíonn na héin liamháin ghréine an gailearaí ina shaol síochánta faoi uisce a spreagann an lucht féachana chun taitneamh a bhaint as an gcomharsanacht ealaíonta mar thimpeallacht ilchéadfach agus machnamh a dhéanamh ar bhithéagsúlacht na hÉireann.

Ionchur Eolaíochta
Cé gur tionscadal ealaíon é Basking, ghlac an t-ealaíontóir freagracht as na liamháin ghréine a léiriú ar bhealach an-dáiríre ó thaobh cruinnis, scála agus mionsonraí de sna saothair ealaíne. Is fíorbheagán atá ar eolas ag daoine faoi shíolrú an liamháin ghréine toisc nach bhfacthas liamháin thorracha nó liamháin ghréine óga ach cúpla uair. Trí bheith ag obair le Grúpa Staidéir LiamhánnGréine na hÉireann agus ag foghlaim uathu, bhí sé ar chumas an ealaíontóra dul níos faide ná léirmhíniú ealaíonta amháin. Thug an Dr. Ruth Leeney, Bitheolaí Idirdhisciplíneach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, moltaí maidir lena gcruth agus a méid agus sheiceáil sí tomhais na n-éan liamháin ghréine ag an gcéim thosaigh léirithe. Ina theannta sin, thug sí cainteanna ag seoladh an taispeántais agus ag caint an ealaíontóra, ag cur comhthéacs ar fáil faoi bhitheolaíocht mhuirí iontach an tsiorca agus faoi na hiarrachtaí caomhantais a bhaineann leis, ag insint faoin taithí a bhí aici ar bheith ag snámh leis na créatúir mhaorga seo agus ag cur oidhreacht nádúrtha na hÉireann chun cinn.

Tionscadal Pobail
Mar chuid de Straitéis Ealaíon Thiobraid Árann 2023-2027, forbraíonn Oifig Ealaíon Thiobraid Árann tionscnaimh éagsúla chun oiliúint, meantóireacht agus forbairt ghairmiúil leanúnach a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus do chleachtóirí cruthaitheacha. Ag obair i gcomhar le healaíontóirí áitiúla, thóg Meskell an tsuiteáil seo thar thréimhse deich lá, ag roinnt teicnící ardleibhéil déanta laindéar agus suiteála a mbeidh tionchar fadtéarmach acu ar thionscal cruthaitheach Bhaile Thiobraid Árann: “[…] Ba é sin an chéad uair ar oibrigh mé le sail, agus le cabhair ó Tom, chruthaigh mé mo chéad dealbh. Eispéireas iontach ab ea é. Thug Tom muinín ollmhór dom, ag fágáil ceann de na dealbha siorc faoi mo chúramsa agus ag seiceáil isteach ó am go chéile, bhí sé i gcónaí sásta cabhrú liom agus comhairle a thabhairt.” Bhí ceardlanna le grúpa déagóirí ó Foróige agus le daltaí bunscoile ó Scoil na Mainistreach i gceist freisin leis an rannpháirtíocht phobail, agus tá a gcuid oibre sin chun bheith mar chuid den tsuiteáil deiridh. Cruthaíodh bileog eolais do ghrúpaí ar mhaith leo cuairt a thabhairt ar an taispeántas.
Tá an tionscadal seo ar siúl mar chuid de Chlár Ealaíon Chomhairle Contae Thiobraid Árann le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus i gcomhar le hÁiteanna Ildánacha Baile Thiobraid Árann. Tá tuilleadh eolais faoin tionscadal ealaíon pobail seo ar fáil ar www.tipperaryarts.ie/basking.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hOifig Ealaíon Thiobraid Árann ar artsoffice@tipperarycoco.ie nó ar 0818 06 5000.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Basking – The Nursery (‘Liamhán Gréine – an Iasclann’) — eispéireas ealaíne tumthach i mBaile Thiobraid Árann'