Cúig bhealach simplí le haire a thabhairt duit féin i rith shéasúr na Nollag

An Nollaig seo, lean do chroí féin, a deir ár gcolúnaí. Moilligh beagán, análaigh go domhain, agus bí i láthair duit féin agus do dhaoine muinteartha

Cúig bhealach simplí le haire a thabhairt duit féin i rith shéasúr na Nollag

Is minic a bhíonn na seachtainí roimh an Nollaig ina raic agus muid ag rith anonn is anall, ag iarraidh gach rud a dhéanamh, ag ceannach rudaí nach bhfuil ag teastáil uainn, fiú. Tagann an brú orainn níos mó a dhéanamh, agus níos mó a thabhairt uainn de réir mar atá an Nollaig ag teannadh linn.

Ach i mbliana, b’fhéidir gur fiú ceist shimplí a chur ort féin: Céard atá fíorthábhachtach domsa?

Seans gurb é atá uait ná beagán ciúnais duit féin, cupán tae, éisteacht le ceol, nó cúpla anáil dhomhain a tharraingt a thugann ar ais thú chuig do chorp.

Nó b’fhéidir gur mian leat níos mó ama a chaitheamh i measc do mhuintire ag comhrá, ag gáire nó ag imirt cluichí. Nó b’fhéidir gur meascán den dá rud atá uait, agus tá sin go hiomlán ceart go leor.

Is minic go mbíonn daoine tinn díreach roimh an Nollaig nó go mbuaileann slaghdán iad. Tar éis míonna a chaitheamh atá lán le brú, bíonn muid tuirseach agus ní éisteann muid i gcónaí le comharthaí ár gcoirp go dtí go n-airíonn muid tinn.

An Nollaig seo, lean do chroí féin. Moilligh beagán, análaigh go domhain, agus bí i láthair duit féin agus do dhaoine muinteartha.

Cuir na ceisteanna seo ort féin: Céard atá tábhachtach domsa? Céard a thugann suaimhneas dom?

Ní bhaineann an Nollaig le bheith foirfe ar chor ar bith, baineann sí leis an gcaidreamh agus cairdeas, an suaimhneas agus na cuimhní beaga a chruthaímid le chéile.

Éist le do chorp roimh an Nollaig, agus ullmhaigh tú féin chun taitneamh a bhaint as an séasúr le fuinneamh agus folláine.

Seo cúig bhealach simplí chun aire a thabhairt duit féin agus tú féin a ullmhú do shéasúr na Nollag.

  1. Tosaigh le féinchúram. Ní ‘luxury’ ná peataireacht é aire a thabhairt duit féin, tá sé riachtanach. Codladh maith, bia sláintiúil, do chorp a chorraí go minic agus tamall a chaitheadh amuigh faoin aer, bronntanais bheaga iad sin a chuidíonn leat le linn shéasúr an bhrú. Ní bhaineann an séasúr seo le foirfeacht, ach le fíor-láithreacht.
  2. Abair ‘níl mé ar fáil’ gan a bheith ag mothú ciontach faoi sin. Tagann go leor cuirí aimsir na Nollag agus bíonn go leor éilimh ar do chuid ama. Is ceacht cumhachtach é a rá nach bhfuil tú ar fáil agus gan thú féin a chrá ina dhiaidh sin. Nuair a chosnaíonn tú do chuid fuinnimh, cosnaíonn tú do shuaimhneas freisin. Ní féidir leat a bheith i do chrann taca do dhuine ar bith eile ná duit féin má tá tú traochta.
  3. Ná cuir thú féin i gcomparáid le daoine eile. Déanann gach teaghlach a rud féin don Nollaig. Má bhíonn tú ag breathnú ar dhaoine eile, tagann brú agus mearbhall ort agus ní chabhraíonn sé sin leat an Nollaig a chaitheamh go suaimhneach. Lean do rithim féin agus ná bí do do chur féin i gcomparáid le daoine eile.
  4. Tabhair faoi deara na rudaí beaga. Is minic go dtugann na rudaí beaga an faoiseamh is mó dúinn i rith na Nollag. Cuimhnigh ar rudaí ar nós sos a ghlacadh ó scáileáin, siúlóid ghearr a dhéanamh cois trá, nó gar beag éigin a dhéanamh do dhuine eile. Níl gá le hócáidí móra chun do chroí a ardú.
  5. Bí cineálta leat féin

Bíonn an séasúr seo dian ar dhaoine ó thaobh na mothúchán, cuimhní cinn, agus an brú sóisialta a bhíonn ar dhaoine. Amanna cuireann sé an iomarca brú orainn. Bí foighneach leat féin agus tabhair cead duit féin scíth a ligean agus spás a chruthú duit féin. Nuair a bhíonn tú socair ionat féin, mothaíonn daoine eile é agus scaipeann an suaimhneas sin go nádúrtha chuig daoine eile.

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Cúig bhealach simplí le haire a thabhairt duit féin i rith shéasúr na Nollag'