Curaidh Curaçao, ceannas na Ríochta agus slán le Zaur

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Curaidh Curaçao, ceannas na Ríochta agus slán le Zaur

Curaidh Curaçao

Ba iad babhtaí cáilithe Chorn Sacair an Domhain an scéal mór i saol an spóirt i gcaitheamh na seachtaine agus cé gur chaith cuid mhaith againn in Éirinn an tseachtain ag breathnú arís agus arís agus arís eile ar chúl cinniúnach Troy Parrott san Ungáir, bhí cluichí agus ceiliúradh ar siúl in áiteanna eile chomh maith, más féidir leat é sin a chreidiúint.

Cé go bhfuil cúpla dúshlán fós le sárú ag foireann na hÉireann chun an comórtas i Meiriceá Thuaidh an samhradh seo chugainn a bhaint amach, dream amháin atá cinnte d’áit ann ná Curaçao.

Chinntigh an comhscór 0-0 a bhí ag foireann na tíre sin i gcoinne Iamáice Dé Céadaoin go bhfuil áit bainte amach acu ag Corn an Domhain den chéad uair. Thart ar 156,000 duine atá ina gcónaí ar an oileán beag Cairibeach, rud a chiallaíonn gurb í an tír is lú riamh a imreoidh i gCorn an Domhain. Chun an t-éacht a chur i gcomhthéacs a thuigfeadh muid féin, thart ar 156,000 duine atá ina gcónaí i gCiarraí.

Dá gcuirfeá ceist ar an gCiarraíoch, is cinnte go ndéarfadh sé go bhféadfadh fir na Ríochta Corn an Domhain a bhaint amach mura mbeadh leithéidí David Clifford agus Jack O’Connor chomh dírithe ar Sam a bhuachan, ach cá bhfios.

Rud amháin atá fíor áfach ná nár imir ach aon fhear amháin a rugadh i gCiarraí d’fhoireann shinsir sacair na hÉireann. B’in é Tony O’Connell a d’imir d’Éirinn faoi dhó sna seascaidí.

Seans go dtiocfadh an Ciarraíoch ar ais chugat ag rá gur Ciarraígh iad tuismitheoirí John Egan, ar ndóigh – Mary agus John Mór, a bhuaigh sé cinn de chraobhacha uile-Éireann le Ciarraí – ach is i mBaile an Easpaig i gCorcaigh a rugadh Egan, fiú má tá a chroí i gCiarraí.

Ceannas Chiarraí sa Mhumhain

Ag caint ar chúrsaí caide, cuirfidh foirne Chorca Dhuibhne tús lena bhfeachtais i gCraobhacha Peile na Mumhan an deireadh seachtaine seo agus Daingean Uí Chúis agus An Ghaeltacht ag dul chun páirce sna comórtais shinsir agus idirmheánacha faoi seach.

Is i dTrá Lí a bheidh an Daingean ag imirt in aghaidh sheaimpíní Luimnigh, Mungairit Naomh Pól, tráthnóna Dé Domhnaigh. Rachaidh an Ghaeltacht suas chomh fada le Cora Finne i dtuaisceart chontae an Chláir an lá céanna chun casadh ar an bhfoireann baile.

Bua Chiarraí i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann níos luaithe i mbliana an chúis go bhfuil clubanna ón gcontae curtha díreach ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais sa dá chomórtas, ach is beag cúnamh a bhíonn ag teastáil ó chumainn na Ríochta sna comórtais idirchúige.

Ó reáchtáladh Craobh Shinsir Peile na Mumhan den chéad uair i 1964, tá 21 craobh tugtha leo ag foirne ó Chiarraí. Naoi gcinn acusan atá buaite ag Crócaigh Chill Airne, a bhuaigh an comórtas anuraidh. Ní bheadh an dream ó dheas den teorainn i bhfad ag cur i gcuimhne duit gur foirne as Corcaigh is mó a bhfuil craobhacha sinsir cúige buaite acu, áfach, agus 31 craobh ar fad buaite ag cumainn ón gcontae sin.

Tá ceannas na Ríochta le brath níos mó sa gcraobh idirmheánach. Ó thosaigh craobh idirmheánach club na hÉireann in 2003-2004, tá craobh na Mumhan buaite ag foirne ó Chiarraí 16 uair. Foirne ó Chorcaigh a bhuaigh na cúig cinn eile.

16 uair a chuaigh foirne ó Chiarraí go dtí cluiche ceannais na Mumhan agus thug siad an chreach leo gach aon uair.

Bhuaigh an Ghaeltacht craobh idirmheánach na Mumhan in 2017 agus dá n-éireodh leo an beart a dhéanamh arís i mbliana bheidís ar cheann de thrí chlub a bhuaigh an chraobh faoi dhó.  Faoi dhó a bhuaigh Ard Fhearta ó Chiarraí agus Raonaithe Chairbre ó Chorcaigh craobh idirmheánach na Mumhan.

Tá naoi gcinn den deich gcraobh is déanaí a imríodh buaite ag seaimpíní Chiarraí. An t-aon uair le linn na tréimhse sin nár bhuaigh dream ón Ríocht an corn ná in 2023 nuair a d’éirigh le Cill na Martra an beart a dhéanamh.

Ní haon ‘Zaur loser’ é Antia

Tháinig an scéal aniar aduaidh orainn an tseachtain seo go bhfuil cinneadh déanta ag an traenálaí iomráiteach Zaur Antia éirí as a phost mar cheann cóitseála le foireann dornálaíochta na hÉireann.

Bhí imní mhór ann deich mbliana ó shin go bhfágfaí an dornálaíocht idirnáisiúnta in Éirinn ina praiseach nuair a d’fhág Billy Walsh ach tháinig Antia, a chaith na blianta ag obair taobh le Walsh, isteach agus rath thar na bearta bainte ar dhornálaithe ó shin, boinn óir Kellie Harrington ag na Cluichí Oilimpeacha in 2020 agus 2024 ina measc.

Ba in 2003 a tugadh an Seoirsiach go hÉirinn agus 154 bonn ar fad a bhuaigh dornálaithe faoina chúram ó shin, deich gcinn de bhoinn Oilimpeacha ina measc agus breis is scór bonn ag craobhacha domhanda.

Níl aon amhras ach go bhfuil Antia ar dhuine de na cóitseálaithe is fearr riamh a chleacht a cheird in Éirinn. Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go n-iarrfadh Fianna Fáil air seasamh i dtoghchán dá bharr.

Fág freagra ar 'Curaidh Curaçao, ceannas na Ríochta agus slán le Zaur'