Ní bheidh aon réiteach go luath ar “an doiléire, an mhíshástacht agus an imní” a bhaineann leis an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge sa stát, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna.
Ag labhairt di ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inniu, dúirt príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, nach raibh aon mhuinín ag an eagraíocht as tascfhórsa atá bunaithe chun an t-éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge a mheas.
Dúirt sí gur gá cur leis an soláthar don oideachas lán-Ghaeilge le go mbeidh sé mar rogha ag gach páiste freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge.
“Tá sé chomh simplí leis sin,” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin.
Dúirt sí gur léiríodh sa phróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh don pholasaí nua don oideachas Gaeilge, atá le foilsiú Déardaoin, go raibh fonn ar an bpobal go mbunófaí a thuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge.
“Thug seo údarás don Roinn Oideachais agus Óige cearta páistí maidir le rochtain ar an ngaeloideachas a bheith ag croílár an pholasaí nua.
“Ach, faraor, ní bheidh aon réiteach luath air seo. Tá ceist an tsoláthair anois faoi chúram tascfhórsa a bheidh ag feidhmiú ar feadh bliana, rud a chiallaíonn go leanann an doiléire, an mhíshástacht agus an imní nach mbeidh éileamh á shásamh mar is ceart.”
“Táimid mar eagraíocht ag éileamh chomh maith soláthar úr, le scoileanna neamhspleácha agus pleanáil straitéiseach mar thoradh ar obair an tascfhórsa, ach go fóill, nílimid muiníneach maidir le gnó an tascfhórsa ná an toradh a bheidh air.”
Cháin ceannasaí Gaeloideachas chomh maith suirbhé nua na Roinne Oideachais a mbainfear úsáid as chun an t-éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge a mheas.
Dúirt sí nach raibh aon chiall le ceist a chur sa suirbhé ar lucht scoileanna Béarla ar mhaith leo feidhmiú mar scoileanna lán-Ghaeilge.
“Tá an cheist seo lochtach ó bhonn agus cibé toradh a bheidh air, ní bheidh sé ag léiriú pictiúr cruinn ar éileamh ar Oideachas lán-Ghaeilge. Go deimhin,
léireoidh sé nach bhfuil tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoil cheana sásta ar an iomlán aistriú go suíomh lán-Ghaeilge.
“Tá an cheist mícheart agus míréadúil, ach in ainneoin ár n-imní a bheith curtha in iúl go tráthrialta don Roinn agus don Aire, táthar ag rá go mbeidh na torthaí á n-úsáid le héileamh a mheas.”
Dúirt sí gurb é an t-éileamh atá ag Gaeloideachas go mbeadh próiseas ar leith ann chun bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.
Dúirt príomhfheidhmeannach Gaeloideachas chomh maith nach raibh “aon chiall” le múnla an aonaid Ghaeilge a úsáid chun dul i ngleic leis an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge. Dúirt sí gur dúnadh “ar a laghad sé aonad Gaeilge” le deich mbliana anuas agus gur léir gur múnla é nach raibh ag obair.
Maíodh i dtaighde a foilsíodh anuraidh, a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais, nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta.
Rinneadh an taighde mar chuid de dhréachtú an pholasaí nua atá á fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, polasaí atá le foilsiú Déardaoin.
In ainneoin thoradh an taighde sin, tá sé ina imní i measc lucht an ghaeloideachais go mbeidh múnla an aonaid mar chuid den chur chuige a mholfar sa pholasaí nua atá le seoladh an tseachtain seo.
Fág freagra ar 'Tuilleadh ‘doiléire, míshástachta agus imní’ i ndán don oideachas lán-Ghaeilge'