Tá súil le coimhlint mhaith i bPáirc Uí Chaoimh tráthnóna do chluiche ceannais Chraobh Peile Shinsir A Chorcaí agus dhá fhoireann láidre ag dul san iomaíocht d’áit sa bpríomhghrád den chéad uair riamh.
Chas Cill na Martra agus Cnoc na Graí ar a chéile sa gcéad bhabhta de chraobh na bliana seo agus má bhíonn cluiche an lae leath chomh maith, is fada a bheidh trácht air. Bhí Cill na Martra dhá phointe dhéag chun tosaigh ag tráth amháin sa gcluiche sin ag deireadh mhí Iúil ach bhíodar ansin trí phointe chun deiridh agus an 60 nóiméad istigh ach chinntigh scór ó Chiarán Ó Duinnín leis an gcic deireanach gur chríochnaigh na foirne ar comhscór.
Ní caighdeáin imeartha na bhfoirne tada níos measa ó shin agus taispeántais chumasacha tugtha ag an bpéire acu sna babhtaí leathcheannais. Bhí ceannas iomlán ag Cill na Martra ar a gcluiche i gcoinne Éire Óg cé nár bhuaigh siad ach le ceithre phointe sa deireadh agus bhí rith an ráis le Cnoc na Graí in aghaidh foireann eile ó Mhúscraí, Béal Átha an Ghaorthaidh.
Is annamh go n-éiríonn le foirne barr a maitheasa a bhaint amach i gcluiche ceannais ach dhá fhoireann iad seo a bhfuil a lán taithí acu ar laethanta móra le blianta beaga anuas.
Ní rófhada ó bhí Cnoc na Graí ag imirt ag leibhéal na sóisear i gCorcaigh ach bhuadar Craobh Shóisir na hÉireann in 2018 agus tá dhá ardú céime as a chéile faighte acu ina dhiaidh sin. Tá an cumann, atá buailte ar an teorainn le Ciarraí, sáinnithe sa gCraobh Shinsir A le cúpla bliain anuas, agus cluichí ceannais caillte acu in 2022 agus arís anuraidh.
Ba in 2018 a bhuaigh Cill na Martra an Chraobh Idirmheánach A i gCorcaigh sular éirigh leo an Phríomhchraobh Idirmheánach a thabhairt leo dhá bhliain ó shin. Chuaigh siad ar aghaidh go dtí cluiche ceannais na hÉireann an uair sin ach chlis orthu i bPáirc an Chrócaigh in aghaidh Naomh Pádraig, Coilleach Eanach.
Níl deireadh lena n-aistear go fóill, áfach agus iad anois ag iarraidh an Phríomh-Chraobh Shinsir a bhaint amach. Tá imreoirí láidre acu trí lár na foirne, ó Mhiceál Ó Deasúna sa gcúl, Tadhg Ó Corcora agus Seán Ó Fóirréidh sa gcosaint, Antóin Ó Cuana agus Gearóid Ó Goillidhe i lár na páirce. Is é Dan Ó Duinnín captaen na foirne agus an ceannaire i measc na dtosaithe ach tá an t-aicsean déanta ag gach duine de mhuintir Uí Dhuinnín i measc na dtosaithe agus ag Damien Ó hUrdail ag pointí áirithe roimhe seo.
Tá taithí idirchontae ag leithéidí Patrick Doyle, Daniel O’Mahony agus Eoghan McSweeney do Chnoc na Graí, atá mar rogha na coitiantachta tar éis dóibh na cluichí ceannais sin a chailliúint le cúpla bliain anuas, ach tá fir Chill na Martra dóchasach gur féidir leo céim stairiúil chun cinn a thógáil i stair an chumainn.
Fág freagra ar 'Cill na Martra ag iarraidh an príomhghrád i gCorcaigh a bhaint amach den chéad uair riamh'