Tá Manchán Magan, an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise, ar shlí na fírinne.
Bhí sé 55 bliain d’aois.
Bhí ailse air le tamall agus labhair sé le déanaí faoin ngalar sin agus faoina chás go poiblí ar bhealach a chuaigh i bhfeidhm ar mhórán.
A chláir taistil agus a shuim sa Ghaeilge is mó a thuill cáil dó agus tugtar aitheantas dó as cabhrú le suim daoine sa Ghaeilge a mhúscailt.
Ar na leabhair a scríobh sé bhí an leabhar móréilimh Thirty Two Words for Field: Lost words of the Irish landscape agus Listen to the Land Speak, ar chlár teilifíse chomh maith é. Leabhair taistil den chuid is mó a scríobh sé. Ar na leabhair Ghaeilge a scríobh bhí Baba-ji agus TnaG, Manchán ar Seachrán agus Bí i nGrá.
Rinne sé os cionn 70 clár taistil lena dheartháir Ruán Magan agus bhí sé ar dhuine de cheannródaithe seánra an chláir taistil i nGaeilge.
Ar na cláir faisnéise eile a rinne sé, bhí an tsraith Crainn na hÉireann, An Fód Deireanach, sraith faoi phortaigh na hÉireann, agus No Béarla, clár faoina dheacra is atá sé do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge. Ba cholúnaí rialta leis an Irish Times é agus rinne sé roinnt clár raidió chomh maith.
Chruthaigh sé freisin na saothair amharclainne agus ealaíona Arán + Im agus Gaeilge Tamagotchi.
Bhí tábhacht an dúlra, na timpeallachta agus na hilchultúrhachta agus contúirt an domhandaithe agus an truaillithe ina dtéamaí láidre ina saothar. Phléigh sé go minic leis an spioradáltacht ina chuid clár agus leabhar chomh maith.
Sheas sé don Chomhaontas Glas i Longfort-An Iarmhí in olltoghchán 2016 ach níor éirigh leis.
Ba as Domhnach Broc i mBaile Átha Cliath do Mhanchán Magan. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sular thug sé aghaidh ar shaol an taistil, na teilifíse agus na scríbhneoireachta.
Garmhac ab ea é leis an bpoblachtánach cáiliúil Sheila Humphreys agus ba gharnia é leis An Rathailleach, an náisiúnaí mór le rá a ghlac páirt in Éirí Amach 1916.
Maireann a bhean Aisling, a mháthair Cróine agus a thriúr siblíní.
Niall Mac Aindriú
Fear álainn ba ea Manchán. Casadh orm i gCluain Tarbh é cúpla bliain ó shin agus eisean théis ‘Arán + Im’ a chuir i láthair. Bhí sé chomh deas ina dhiaidh ag bualadh leis an lucht féachana uilig. Ní déanfaidh mé dearmad go deo air.
Ceannródaí ba ea é ar son na cúise. Mura bhfuil dul amú orm, ba eisean a mhaígh ar a chuid clár teilifís go raibh an rialtas reatha ag an am a caitheamh níos mó airgead ar fáiscín páipéir ná ar an Gaeilge.
Suaimhneas síoraí ar a ainm uasal.
Eoghan Ó Néill
Laoch ar lár
Neil de Brún
Grma a Mhancáin as múnadh dúinn an áilleacht a aithint i ngach áit. Suaimhneas síoraí ort
Pádaí Rua
Is mór an trua go bhfuil Manchán ar shlí na fírinne, is cinnte go ndeachaigh se go mór i bhfeidhm ar phobal na tíre leis an Ghaeilge agus ár gcultúr a chur chun cinn … ar ndóigh is iontach an saothar a d’fhag sé ina dhiaidh mar oidhreacht. Comhbhrón ó chroí lena mhuintir uile.
Seán
“Níl sa bhás ach múchadh coinnle i mbéal maidine.”
Tá Manchán ag caitheamh na glóire anois…
Pól Ó Braoin
Casadh Manchán orm i mbád beag ar fharraigí Chonamara agus muid a cheiliúradh oidhreacht na háite ag an am. Fear den scoth a bhí ann a d’ardaigh mo chroí ionam. Go dtuga na flaithis áit mhaith dá anam dílis.
Máirtín
Manchán, a stóir, tá do ghuth mór curtha ina thost. Níl do fíor-luach agus an oidhreacht atá fágtha agat againn tuigthe fós. Ba tusa ár seaimpín !! fair play
Miriam Ní Bheagáin
Cinnte is mòr an trua dúinne nach bhfuil Manchán fós inár measc.
Ach dár ndóigh is léir go bhfuil sé ar a shuaimhneas in éineacht leis na haingil agus é ag plé áilleacht ár ndúlra leo.
Beannacht Dé ar a anam dílis.