Labhair beirt bhan Ghaeltachta amach an tseachtain seo faoin leithscéal a fuair siad ón Eaglais Chaitliceach as ionsaithe gnéis a rinneadh orthu.
An tseachtain seo d’eisigh deoise Ráth Bhoth ráiteas úr ag gabháil leithscéal leis na deirfiúracha Margaret agus Paula Martin, as Fánaid i nGaeltacht Dhún na nGall, as na hionsaithe gnéis a rinne an t-iarshagart Con Cunningham orthu, idir 1972 agus 1975.
Gearradh téarma príosúin cúig mhí dhéag ar Con Cunningham i mí Iúil 2021 as na hionsaithe gnéis a rinne sé ar na deirfiúracha.
D’eisigh Easpag, Ráth Bhoth, Alan Mac Eochagáin ráiteas in 2021, ag gabháil leithscéal le Margaret agus Paula, ach ní raibh siad sásta ar chor ar bith leis an ráiteas a eisíodh. Bhí fearg agus díomá orthu faoi, agus níor ghlac siad leis mar leithscéal.
Ag labhairt ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Paula Martin gur shíl siad gur ráiteas “caighdeánach” agus “fuar” a bhí sa ráiteas a d’eisigh an tEaspag Mac Eochagáin in 2021, agus nár mhothaigh siad go raibh “brón” orthu [an Eaglais] ar chor ar bith faoin méid a tharla.
Dúirt Paula nach “raibh rogha ar bith” acu ach cás cúirte a thógáil in éadan na hEaglaise ina dhiaidh sin, mar gheall ar an dóigh ar chaith an Eaglais leo.
“Bhí eagla an domhain orainn, ní raibh a fhios againn caidé a bhí romhainn ach bhí an bheirt againn anseo sa bhád céanna,” a dúirt sí.
D’iarr dlíodóirí na hEaglaise orainn measúnú síciatrach a dhéanamh “chun fáil amach cé chomh buartha is a bhí muid” agus “bhí sin iontach crua”.
Ag labhairt faoin leithscéal úr a fuair siad ón Eaglais, dúirt Paula nach mbeadh sé faighte acu “gan an brú a chur muidne orthu”.
“Bhris muid síos, bhí an méid sin mothúchán ann agus chuala muid na foclaí sin, na foclaí a bhí muid ag cuartú fá choinne bliantaí.”
“An fhírinne a bhí ann agus ní raibh muid ábalta labhairt fá choinne cúpla bomaite. Bhí sé iontach tábhachtach dúinn agus ag an am sin thuig an Eaglais cé chomh tábhachtach is a bhí sé,” a dúirt Paula Martin.
“Tá sé “brónach” ar bhealach mar gur thóg sé píosa mór dár saol agus dár bhfuinneamh chun an brú seo a choinneáil orthu, chun leithscéal ceart a fháil,” a dúirt Margaret.
Dúirt sí go bhfuil “bealach úr déanta” anois mar gheall ar an méid atá bainte amach aici féin agus a deirfiúr agus dá dtarlódh a leithéid seo aríst, go mbeadh “dóchas” aici go go mbeadh an Eaglais níos tuisceanaí.
“Tá sé tábhachtach labhairt agus níl tú leat féin,” a dúirt Paula ag deireadh a hagallaimh agus í ag moladh do dhaoine ar tharla a leithéid dóibh féin labhairt amach.
Fág freagra ar 'Beirt bhan Ghaeltachta a ndearnadh ionsaithe gnéis orthu ag labhairt amach faoin leithscéal a fuair siad ón Eaglais'