Níor cheap mé riamh go gcloisfinn torann a mharaigh daoine, torann a d’fhógair an bás

Bhí ár gcomhfhreagraí in Doha Chatar nuair a rinne Iosrael ionsaí ar cheannairí de chuid Hamas

Níor cheap mé riamh go gcloisfinn torann a mharaigh daoine, torann a d’fhógair an bás

Bhí mé ar an mbealach ar ais ó thuras sa Chasacstáin ar an 9 Meán Fómhair, le hidirstad fada i gcathair Doha, príomhchathair Chatar. Idirstad a mhairfeadh 20 uair an chloig a bhí ann, mar sin shocraigh mé an t-aerfort a fhágáil agus an chathair a fheiceáil ar feadh tamaillín. Bhí mé i gCatar cúpla uair roimhe sin, ach ar idirstadanna gearra i gcónaí é. Níor fhág mé riamh an t-aerfort mór roimh an lá sin. Mar sin, bhí mé ag tnúth go mór le píosa beag den tír a fheiceáil.

Thosaigh an lá amach go deas ciúin suaimhneach. Bhí sé éasca an meitreo a úsáid, cé gur thug mé faoi deara ar an gcéad traein a thóg mé go raibh mé tar éis éirí measctha suas agus go raibh mé ag taisteal ar charráiste a bhí i leataobh d’fhir amháin.

Buíochas le Dia, ní dúirt éinne tada liom faoi! Bhí taighde déanta agam ar an idirlíon faoi áiteanna turasóireachta sa chathair, agus ba é Souq Waqif an chéad stad ar mo thuras. D’imigh mé amach trí dhoirse an stáisiúin mheitreo agus bhuail an teas 42 céim Celsius san aghaidh mé. I ngach aon áit timpeall orm bhí foirgnimh bhána ag frithchaitheamh solas na gréine, agus bhí an bhogthaise chomh tiubh san aer go rabhthas beagnach in ann í a fheiceáil.

Bhí cárta SIM áitiúil agam, agus rinne mé cuardach Google chun bialann a aimsiú inarbh fhéidir liom lón déanach a ithe. Tar éis sin, chuaigh mé ar siúlóid tríd an souq é féin. Cé gur léigh mé go n-athosclódh an margadh tar éis sos lóin ag a trí a chlog, ní raibh go leor duine thart agus mé ag dul timpeall thart ar leathuair ina dhiaidh sin – seans go raibh sé fós róthe do dhaoine ag an tráth sin den lá.

Ag a ceathrú chun a ceathair, bhí mé i mo sheasamh ar an tsráid os comhair caifé beag nuair a phléasc bonnán ollmhór tríd an spéir. Ansin tharla sé arís, agus arís, is arís, is arís eile. Tháinig ealta éan amach ó áit éigin, ag eitilt gan eagar.  Ba chosúil gur baineadh geit astu, go raibh siad ag iarraidh scaipeadh siar ón torann. Tháinig siopadóirí agus freastalaithe amach as foirgnimh ag féachaint in airde agus timpeall orthu, gach duine ag fiafraí de chuile dhuine eile céard a bhí ag tarlú.

Shíl mé ar feadh nóiméid go raibh rud éigin foréigneach ag baint leis an torann, ach ansin chaith mé an smaoineamh sin amach as mo cheann. Bhí mé ag iarraidh a bheith réasúnta, stuama. Smaoinigh mé nach raibh sa scaoll beag a bhí orm ansin ach instinn fhéinchaomhnaithe an chine dhaonna; is minic a shamhlaítear rudaí scanrúla agus ansin faightear amach nach aon rud speisialta a bhíonn ann.

Tá stáisiún beag póilíní suite ag coirnéal an souq, nasctha le hAireacht Chúrsaí Intíre Chatar. Nuair a shiúil mé thar an áit sin, chonaic mé cúpla póilín lasmuigh ag caint le turasóirí faoin méid a bhí tar éis tarlú. Ní raibh a fhios acu, ach ní raibh cuma bhuartha orthu ach oiread.

‘Seans go raibh duine éigin ag ceiliúradh rud éigin,’ a dúirt duine acu. Agus b’fhíor dó go raibh na bonnáin a chualamar beagáinín cosúil le tinte ealaíne.

‘Ach tá Mawlid al-Nabi (breithlá Fháidh Mahamad) thart,’ arsa duine de na turasóirí. ‘Céard a bheadh á cheiliúradh ag daoine?’

(Léigh mé tar éis sin nach gceiliúrtar breithlá an Fháidh go hoifigiúil i gCatar, ar aon nós. ) Agus cén leas a bheadh ag baint le tinte ealaíne a úsáid i lár an lae? a smaoinigh mé fhéin. Ní fheicfí aon chuid díobh sa spéir lom ghealghorm.

Ar ais sa mheitreo dom agus rinne mé iarracht teacht ar eolas ar m’fhón sa traein. D’iarr mé ar ChatGPT agus dúirt sé gur dóigh gur tormán sonach a bhí ann, nó b’fhéidir cleachtadh míleata ag arm Chatar. ‘Is in amanna mar seo a mhothaím sean-Twitter uaim,’ ar mise liom féin. Bhíodh tú in ann fáil amach go láithreach an raibh daoine ag caint faoi rud mar sin, ag dul tríd an taithí chéanna.

D’úsáid mé Twitter go minic agus mé i mo chónaí sa tSeapáin, nuair a bhíodh crith talún ann, nó nuair a cheapainn go raibh ceann ann agus go raibh mé ag iarraidh a chinntiú ar mhothaigh daoine eile an rud céanna, nó an raibh mo shamhlaíocht ag déanamh cleas orm. Rinne mé iarracht féachaint ar fhóram r/Doha ar shuíomh idirlín Reddit, ach ní raibh tada ann. Shocraigh mé nár cheart dom aon rud a rá le mo theaghlach faoi, ní bheadh siad ach ag éirí imníoch.

Chuaigh mé amach as an meitreo arís ag Katara Cultural Village, toisc gur léigh mé gur áit shuimiúil eile do thurasóirí a bhí ann. Agus mé ag siúl amach, chuala mé cúpla duine ag labhairt Hiondúise, ach cheap mé gur aithin mé na focail ‘tromán sonach’ as Béarla, iad ag cód-switcheáil ina gcomhrá. Is dócha gur chualathas an torann anseo freisin, a shíl mé.

Ag siúl siar, ní fhaca mé ach siopaí na mbrandaí ardfhaisin agus fir in luí ar an bhféar, ag sú na gréine in aice le leoraithe. D’iarr mé ar gharda slándála cá raibh an baile cultúrtha, agus dúirt sé go raibh an áit ar fad ina bhaile cultúrtha, ach nach raibh an lár le feiceáil toisc go rabhthas ag cur suas puball le haghaidh ócáid mhór a bheadh ag tarlú an lá dár gcionn (is cosúil gurbh í sin an fhéile seabhcóireachta idirnáisiúnta S’hail 2025).

Dúirt sé liom gur cheart dom freastal ar an ócáid dá mb’fhéidir liom, agus mhol sé dom siúl timpeall na háite, agus dul chuig an trá in aice leis na siopaí. Ní raibh aon phioc den imní ina ghuth ar chor ar bith. Agus ba chosúil go raibh gach rud ag dul mar ba ghnáth san áit, cé gur cheap mé go raibh sé thar a bheith ciúin ann.

Ag a leathuair tar éis a ceathair, bhí mé ar an mbealach go dtí an trá nuair a fuair mé teachtaireacht ó mo bhuachaill ag rá go raibh sé díreach tar éis fáil amach faoi ‘na hionsaithe i gCatar’, mar a dúirt sé, agus é ag iarradh fáil amach an raibh mé ceart go leor. Ba chosúil gur músclaíodh nasc éigin i mo cheann go tobann agus go mall ag an am céanna, agus gur chuir mé dó agus dó le chéile.

Arbh é sin na bonnáin a chuala mé? Ionsaí de shórt éigin? Scríobh mé chuig mo theaghlach chun a rá leo go raibh mé ceart go leor; rinne mé iarracht glaoch a chur orthu, ach an-drochlíne a bhí ann. Ansin shiúil cailín le canúint Mheiriceánach suas chugam. ‘An turasóir anseo thú?’ Sea. ‘Tá mise i mo chónaí anseo, ach d’fhágfainn an áit seo, rachainn ar ais go dtí m’óstán. Tá siad chun an t-ionad anseo ar fad a dhúnadh, toisc go bhfuil seans ann nach bhfuil sé sábháilte fanacht anseo.’

Ba ansin, ag éisteacht léi agus í chomh dáiríre sin, a tháinig scaoll orm. Dúirt sí gurbh fhéidir liom roghnú idir meitreo agus Uber a thógáil, ach seans go mbeadh an meitreo ní ba shábháilte, toisc go raibh sé faoi thalamh.

Is nuair a bhí mé ar thraein sa mheitreo faoi dheireadh go raibh mé in ann teacht ar eolas faoi na hionsaithe. Cé go raibh mé thart ar ocht gciliméadar ó na bleaisteanna nuair a tharla siad, áit i gceantar Katara a bhí buailte. Seans gur mar gheall air sin go raibh na húdaráis chun an áit sin a dhúnadh, má bhí an ceart ag an Meiriceánach.

Bhí mise ar ais san aerfort nuair a tháinig an nuacht amach gur maraíodh daoine san ionsaí. Ba bheag nár thosaigh mé ag cur amach nuair a thuig mé é sin. Níor cheap mé riamh go gcloisfinn torann a mharaigh daoine. Torann a d’fhógair an bás. Baill de chuid Hamas an chuid ba mhó de na daoine a maraíodh. Ní aontaím le foréigean Hamas ná le foréigean de chineál ar bith, ach deirtear go raibh na daoine sin i gcathair Doha ar mhaithe le cainteanna síochána. Conas a éireoidh leis na cainteanna sin anois?

Agus ní hiad muintir Hamas amháin atá ag fulaingt ón ionsaí seo. Fuair garda slándála ó Chatar bás freisin sa phléasc, agus más fíor do nuacht na tíre sin, gortaíodh sibhialtaigh eile a bhí san áit. Cén bhaint a bhí acusan le Hamas? Agus céard faoi na daoine eile a bheidh scanraithe tar éis an ionsaí seo? Dúirt Einav Zangauker, máthair Mhatan atá ina ghiall ag Hamas tar éis ionsaí an 7ú Deireadh Fómhair 2023, go raibh eagla uirthi go marófaí a mac mar dhíoltas ar an eachtra seo. Cá stopfaidh sé?

Tá sé de phribhléid agamsa a bheith i mo chónaí in áit atá slán sábháilte, in iarthar na hEorpa. Níor smaoinigh mé riamh go gcloisfeadh mé torann foréigneach mar sin. Agus mothaím cineál ciontach, náirithe ar chaoi éigin, toisc nár smaoinigh mé ar céard a bhí ar siúl ar dtús agus gur lean mé orm ag baint súimíní as an sú a bhí ceannaithe agam sa souq, tar éis dom torann a chloisteáil in eachtra, a d’fhág, i ngan fhios domsa,  go raibh daoine cúpla ciliméadar uaim ag fáil bháis.

Ach mothaím ciontach náirithe freisin toisc go bhfuil a fhios agam go bhfuil an iomarca daoine sa domhan seo a bhfuil orthu déileáil le rudaí den sórt sin, a bhfuil orthu éisteacht le torann den sórt sin níos gaire dóibh fiú, gach aon lá. Samhlaigh cé chomh scanrúil is atá sé sin. A bheith ar an eolas faoin méid atá ag tarlú ach gan a bheith in ann aon rud a dhéanamh chun é a stopadh, nó b’fhéidir chun éalú uaidh fiú. Fiafraím arís – cá stopfaidh sé?

Fág freagra ar 'Níor cheap mé riamh go gcloisfinn torann a mharaigh daoine, torann a d’fhógair an bás'