Deir uachtarán nua Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil sé ag foghlaim na Gaeilge.
Chuir David J Burn tús lena phost nua an tseachtain seo agus i dteachtaireacht a chuir sé chuig foireann na hollscoile, dúirt sé go raibh sé ag foghlaim na teanga.
“Ní cainteoir Gaeilge líofa mé, ach tá mé ag foghlaim,” a dúirt Burn i nGaeilge.
Bhí Sinn Féin ina measc siúd a léirigh míshástacht maidir le cinneadh Ollscoil na Gaillimhe uachtarán nua a cheapadh nach raibh líofacht sa teanga aige.
Ba in 2016 a chinn Ollscoil na Gaillimhe fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh líofacht sa nGaeilge ag an uachtarán agus is é Burn, arb as Oirthuaisceart Shasana dó, an chéad uachtarán ar an ollscoil le breis is 100 bliain nach bhfuil an teanga ar a thoil aige.
Nuair a ceapadh Burn, dúirt urlabhraí ó Ollscoil na Gaillimhe go dtugtar tús áite do stádas dátheangach na hollscoile agus go mbeadh ról ag an uachtarán ceannaireacht láidir á léiriú ó thaobh na teanga a chur chun cinn.
Nuair a fógraíodh a cheapachán, dúirt Burn go raibh “ceangal pearsanta láidir aige le hÉirinn” le 35 bliain anuas agus go raibh cleachtadh maith aige ar oidhreacht agus cultúr na tíre dá bharr.
Agus é ag lorg cruinniú le hÚdarás Ollscoil na Gaillimhe faoin scéal, dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhféachfar ar cheapachán uachtaráin gan Ghaeilge “mar chéim ar gcúl” in ollscoil atá in ainm is a bheith “lárnach in athbheochan” na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Bhí David J Burn ina Leas-Seansailéir Ionaid ar Dhámh na nEolaíochtaí Leighis, in Ollscoil Newcastle ó 2017 i leith sular ceapadh é ina uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe.
Mícheál Ó Flaithearta
‘Níl tú ach ag foghlaim!’
Pól Ó Braoin
B’fhéidir go bhfuil dul amú uilig orm ach feicim má tá uait post a fháil ar léir go dteastaíonn an Ghaeilge ar do thoil agat le freastal orthu siúd a dhéanfaidh a gcuid gnó ina nGaeilge nádúrtha leat, nach gá duit ach cur in iúl go bhfuil tú ag foghlaim na Gaeilge nó chun tosú í a fhoghlaim. Is leor sin le bosca cháilíocht na Ghaeilge a thiceáil. An sampla is deireanaí ná Uachtarán na hollscoile i nGaillimh, atá buailte leis an nGaeltacht is mó in Éirinn. Ceann eile, an Ceann Comhairle i measc béarlóirí ár rialtais anseo. Is mionlach muid atá ag déileáil le fathach mór béarla na n-údarás, agus tá ár dteanga i mbaol a báis nó i mbaol a bheith fanta mar esperanto eicint sa tír seo. Fúinn féin atá sé aon cheo ar bith dearfa a fháil déanta, cheapfainn.