Laghdú suntasach ar labhairt na Rúisise san Úcráin le trí bliana anuas – suirbhé

Tá titim shuntasach tagtha ar líon na gcainteoirí Rúisise san Úcráin ó rinne arm na Rúise ionradh ar an tír in 2022

Laghdú suntasach ar labhairt na Rúisise san Úcráin le trí bliana anuas – suirbhé

Léirítear i dtaighde nua go bhfuil titim shuntasach tagtha ar líon na ndaoine san Úcráin a deir gur cainteoirí Rúisise iad ó rinne arm na Rúise ionradh ar an tír in 2022.

De réir an taighde a rinne an comhlacht Gradus Research go raibh an Rúisis á húsáid mar “theanga laethúil” ag 46% de mhuintir na hÚcráine i mí Aibreáin na bliana 2022, tuairim is mí go leith i ndiaidh tús a bheith curtha leis an gcogadh. Bliain ina dhiaidh sin, bhí an céatadán tite go 37% agus faoi mhí Lúnasa na bliana seo caite bhí sé tite chomh híseal le 32%.

Léirítear sna figiúirí is deireanaí nach bhfuil an Rúisis á labhairt mar “theanga laethúil” anois ach ag 30% de mhuintir na hÚcráine – laghdú 16 pointe céatadáin ó Aibreán na bliana 2022.

Ba í an Úcráinis féin ba mhó a bhí á labhairt in 2022 agus í ina “teanga laethúil” ag 53% de mhuintir na hÚcráine. Is ag dul i méad atá an céatadán sin ó shin agus 63% a bhí á labhairt ar bhonn laethúil i mí Aibreáin 2023, 66% i mí Lúnasa 2024, agus 68% an mhí seo – ardú 15 pointe céatadáin.

Tá fás beag tagtha ar líon na dteangacha eile, nach Rúisis ná Úcráinis iad, in imeacht na dtrí bliana ó cuireadh tús leis an gcogadh. Bhí ‘teangacha eile’ á labhairt ag 1% den daonra in Aibreán na bliana 2022. Tháinig méadú beag air sin go 2% i mí Aibreáin 2023 agus is ag 2% a sheasann an céatadán faoi láthair, mí Lúnasa 2025 freisin.

Rinneadh an suirbhé trí aip Gradus, agus ghlac 1,000 duine páirt ann idir an 8-11 Lúnasa 2025.

Nuair a chuir Uachtarán na Rúise Vladamir Putin na fórsaí armtha chun na hÚcráine an chéad lá dúirt sé gur theastaigh uaidh cainteoirí Rúisise san Úcráin a chosaint.

Is í an Úcráinis teanga oifigiúil na hÚcráine. Is teanga Shlavach í, amhail an Rúisis, an Pholainnis, an tSlóvaicis, agus an tSeicis. Is gaire an gaol idir an Úcráinis agus an Rúisis agus an Bhealarúisis ná an gaol idir í agus an tSeicis – cosúil ar bhealach leis an ngaol atá idir na teangacha Ceilteacha.

Ainneoin na gcosúlachtaí idir an Rúisis, an Bhealarúisis, agus an Úcráinis, is teangacha éagsúla iad agus dála na dteangacha eile ar fud na hEorpa baineann féiniúlacht ar leith leis an Úcráinis.

Ní thuigeann formhór na Rúiseach an Úcráinis ach tuigeann go leor leor Úcránach an Rúisis. Bhí an Úcráin faoi réimeas an Aontais Shóivéadaigh ar feadh 70 bliain nó mar sin agus ba í an Rúisis an t-aon teanga oifigiúil a bhí sa tír. Theastaíodh an Rúisis ó dhuine le déileáil leis an stát agus dá bharr sin tá cumas an-mhaith sa Rúisis ag an seandream san Úcráin agus eolas maith uirthi ag an dream óg freisin.

Fág freagra ar 'Laghdú suntasach ar labhairt na Rúisise san Úcráin le trí bliana anuas – suirbhé'