D’fhág crith talún in oirthear na hAfganastáine os cionn 800 duine marbh agus beagnach 3000 duine leonta.
Tuairiscítear gur bhain an crith talún croitheadh as foirgnimh ó Kabul go dtí príomhchathair na Pacastáine, Islamabad.
Crith talún a bhí neart a 6 ar scála Richter a bhí sa gceann seo agus i ráiteas ón aireacht intíre atá faoi riail an Taliban, dúradh go raibh 622 duine marbh agus os cionn 1500 duine eile gortaithe.
I gcúige creagach Kunar, 27 ciliméadar soir ó thuaidh ó chathair Jalalabad i gcúige Nangarhar, a tharla an crith talún ag 11.47pm san oíche aréir.
Dúirt rialtas an Taliban go raibh na scórtha teach clúdaithe ag an smionagar agus go raibh sráidbhailte iomlána scriosta ar fad.
Rinne lucht tarrthála a ndícheall a mbealach a dhéanamh go dtí na ceantair iargúlta atá buailte in oirthear na hAfganastáine ach de bharr cúrsaí cumarsáide a bheith teoranta, bóithre sléibhe an cheantair a bheith cúng, agus an scrios atá déanta ag an gcrith talún, ní bólaí iad seo atá éasca a theacht chucu.
Mar bharr ar na dúshláin ní féidir dul go dtí na ceantair is gaire ar fad d’eipealár an chreatha de bharr sciorrthaí talún agus fágann sin go mbeidh tamall sula mbeifear in ann an damáiste ar fad atá déanta a mheas.
Tá an Afganastáin ina suí ar roinnt éasclínte nó scoilteanna ar dhromchla an domhain mar a dtagann dhá phláta teicteonach le chéile, rud a fhágann nach annamh a bhíonn creathanna talún ag bagairt ar phobal na tíre sin.
Tagann an pláta teicteonach Indiach agus an pláta Eoráiseach le chéile i sliabhraon an Hindu Kush agus is ansin is minice a bhíonn na creathanna talún. Níl sé ach dhá bhliain ó shin, in 2023, nuair a maraíodh os cionn 1.000 duine i sraith creathanna i gcúige Herat. An bhliain roimhe sin maraíodh os cionn 1000 duine eile i gcrith talún i gcúige Paktika.
Fiche nóiméad i ndiaidh an chinn mhóir, tharla crith talún eile sa gcúige céanna a bhí 4.5 ar scála Richter.
Fág freagra ar 'Os cionn 800 duine maraithe i gcrith talún neart a 6 san Afganastáin'