Údarás na Gaeltachta ‘ag féachaint ar dheiseanna’ a bhainfeadh le ceannach Aerfort na Gaillimhe

Tá Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg léirithe spéise i suíomh 115 acra atá ar an gCarn Mór atá i limistéir pleanála teanga an Eachréidh

Údarás na Gaeltachta ‘ag féachaint ar dheiseanna’ a bhainfeadh le ceannach Aerfort na Gaillimhe

Tá Údarás na Gaeltachta “ag féachaint ar dheiseanna” a bhainfeadh le ceannach Aerfort na Gaillimhe, atá lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta in oirthear na Gaillimhe.

Tá Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg léirithe spéise sa suíomh 115 acra atá ar an gCarn Mór atá i limistéir pleanála teanga an Eachréidh. Tá an ceantar ar cheann de na LPTanna is laige ó thaobh na Gaeilge de sa Ghaeltacht.

Dúnadh Aerfort na Gaillimhe, a mbíodh 300,000 paisinéir sa bhliain ag dul tríd, in 2011. Osclaíodh arís é ar feadh scaithimh in 2015 ach ó shin i leith ní bhíonn ann ach Club Eitlíochta na Gaillimhe. Tá caint ann le blianta faoin úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an suíomh agus stiúideonna scannán, campas barr feabhais camógaíochta, staid spóirt, agus fiú aerfort nua ar chuid de na moltaí a rinneadh don áit.

Dúirt urlabhraí de chuid Údarás na Gaeltachta le Tuairisc go mbíonn an eagraíocht forbartha Gaeltachta ag “féachaint ar dheiseanna” a bheadh ar leas mhuintir na Gaeltachta i gcónaí agus gurb amhlaidh an scéal i gcás Aerfort na Gaillimhe.

“I ngach cás den chineál seo, bíonn an tÚdarás ag féachaint ar dheiseanna, go háirithe má bhíonn luach straitéiseach ann don Údarás agus do mhuintir na Gaeltachta,” a dúradh sa ráiteas a cuireadh ar fáil.

Go gairid i ndiaidh bhunú na seirbhíse ag tús na 1970idí, bhog Aer Arann ón aerstráice in Óran Mór go hAerfort na Gaillimhe agus is ann a bhí an tseirbhís aerthaistil Ghaeltachta lonnaithe ar feadh i bhfad sular tógadh Aerfort Chonamara sna Mine.

Úsáideadh an t-aerfort sa Charn Mór mar lárionad tástála don choróinvíreas, mar láthair scannánaíochta do thograí éagsúla scannán agus teilifíse, agus mar láthair ceolchoirmeacha. Sa bhliain 2013 ba in Aerfort na Gaillimhe a tháinig an ‘Flying Nun’, an tSiúr Patricia Wall i dtír tar éis di spéirléimt ó eitleán os cionn na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ‘ag féachaint ar dheiseanna’ a bhainfeadh le ceannach Aerfort na Gaillimhe'

  • donncha Ó hÉallaithe

    Tá an suíomh an aerphoirt i gceantar oifigiúil Gaeltachta ceart go leor ach ní fhéadfaí a rá gur ceantar Gaeltachta é de réir aon slat tomhais réadúil teangeolaíoch: 1.86% an céatadán daoine (3bhl.+) i gCarn Mór a thug le fios sa Daonáireamh a tógadh 2022 gur usáid siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Tá bailte GAN aitheantas Gaeltachta ina bhfuil céatadán níos airde de chainteoirí laethiúla taobh amuigh den chóras oideachais ná mar atá ar an gCarn Mór – Má Nuad i gCill Dara mar shampla, baile inar tuairiscíodh 2.04% de chainteoirí laethiúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais i 2022.