An teannas ag géarú idir an India agus an Phacastáin

Seo an choimhlint is measa idir an India agus an Phacastáin, dhá thír a bhfuil airm núicléacha acu, le 25 bliain anuas

An teannas ag géarú idir an India agus an Phacastáin

Tá an teannas ag géarú idir an India agus an Phacastáin i ndiaidh don India ionsaithe diúracáin a dhéanamh ar an bPacastáin agus ar an gcuid den Chaismír atá á riaradh ag an bPacastáin.

Dúirt rialtas na hIndia go raibh ‘an Oibríocht Sindoor’ seolta acu, agus ionsaithe déanta acu ar “infreastruchtúr sceimhlitheoireachta” na Pacastáine.

Mhaígh rialtas na hIndia gur dhírigh na hionsaithe ar naoi láthair agus gur láithreacha iad inar pleanáladh ionsaithe sceimhlitheoireachta ar an India.

Seo an choimhlint is measa idir an India agus an Phacastáin, dhá thír a bhfuil airm núicléacha acu, le 25 bliain anuas.

Mhaígh rialtas na Pacastáin gur thug siad cúig eitleán de chuid na hIndia go talamh.

Dúradh chomh maith go raibh cead tugtha d’fhórsaí na tíre macasamhail gnímh a dhéanamh in aghaidh na hIndia is a bhí déanta ag an India in aghaidh na Pacastáine.

Mhaígh an India gur maraíodh ar a laghad deichniúr sibhialtach in ionsaithe sliogáin na Pacastáine. Mhaígh an Phacastáin gur maraíodh 26 duine agus gur gortaíodh 46 duine eile in ionsaithe na hIndia.

Chuir an India tús leis na hionsaithe sin mar dhíoltas ar ionsaí míleata an mhí seo caite inar maraíodh 26 duine, turasóirí a bhformhór, i gceantar Pahalgam, baile saoire sa chuid na Caismíre atá á riaradh ag an India.

Tá gníomhartha díoltais éagsúla fógartha ag an dá thír in aghaidh a chéile. Tá, mar shampla, teorainneacha dúnta acu agus stop curtha acu le conradh maidir le roinnt uisceas abhainn na hIondúise. Bhí eachtraí ann chomh maith inar ionsaigh trúpaí an dá thaobh a chéile le mionairm.

Deir rialtas na hIndia go bhfuil fianaise acu go raibh baint ag grúpaí sceimhlitheoireachta ón bPacastáin leis an ionsaí in Pahalgam ar an 22 Aibreán.

Dúirt príomh-aire na hIndia Narendra Modi go rachfaí ‘trí thinte ifrinn’ chun teacht ar lucht an ionsaithe sin.

Tá éirí amach ar siúl le blianta fada sa chuid sin den Chaismír atá á riaradh ag an India agus na mílte maraithe sa choimhlint sin.

Maíonn an India agus an Phacastáin araon gur leo an Chaismír go léir.

Tá aighneas ann faoi úinéireacht na Caismíre, atá ag bun na Himiléithe, ó d’éirigh leis an India agus an Phacastáin neamhspleáchas a bhaint amach ó impireacht na Breataine i 1947. I 1999 a bhí an cogadh deireanach idir an dá thír seo san aighneas faoin gCaismír.

Fág freagra ar 'An teannas ag géarú idir an India agus an Phacastáin'

  • Seán Mac an Rí

    Táim ag súil le go leor colún ar Tuairisc.ie ina gcáintear réimeas Modi as an ionsaí seo agus as an gcaoi a mbíonn sé ag scaipeadh fuath frith-Mhoslamach, ag gríosú foréigin agus ag moladh go ndéanfaí Pacastáinigh a dhíbirt ón India. Ó, gabh mo leithscéal, rinne mé dearmad gurb é Iosrael máthair gach oilc ar domhan agus gur gá gach alt tuairimíochta faoi chúrsaí idirnáisiúnta a dhíriú ar a uafásaí atá stát na nGiúdach.

  • Gaeil ar son na Pacastáine

    Tá cinedhíothú á dhéanamh ag an India – mura dtugaimid tearmann do na Pacastánaigh, leanfaidh na hIndiaigh ag déanamh scrios orthu go dtí nach mbeidh mórán Pacastánach fágtha. Ní mór dúinn agóidíocht a dhéanamh ar son na Pacastáine agus lámh chúnta a thabhairt do na Pacastánaigh in am an ghátair.

    Táimse sásta glacadh le roinnt teifeach ón bPacastáin. Ba cheart dúinn go léir beart a dhéanamh de réir ár mbriathar agus glacadh leo inár dtithe féin, go dtí go mbeidh an Phacastáin sábháilte arís agus síocháin cheart ann.

    Beidh léirsiú ag ‘Gaeil ar son na Pacastáine’ an Domhnach beag seo i sráidbhaile Charna. Táimid ag súil le slua líonmhar.