Is féidir leis an nGaeilge a bheith chomh fuaimneach spleodrach le teanga ar bith eile…

Má tá tú dóthanach de Dháibhí Ó Bruadair, is iad na leagain Ghaeilge de leabhairScott Pilgrim an cupa tae duit

Is féidir leis an nGaeilge a bheith chomh fuaimneach spleodrach le teanga ar bith eile…

Pé léamh a fuaireamar ar scoil déanadh gach treise leis agus sinn ag léamh greannán nó comaicí nó leabharphictiúir go hoscailte, nó ar chúla téarmaí faoin mbinse. In aois na fíoróige ba iad an Beano agus an Dandy do na buachaillí ba mhó éileamh, agus na sixty fours (mar a mheabhraigh Michael Davitt dúinn) ina dhiaidh sin. Ba iad Judy agus Roxy a bhíodh ag na cailíní, nó ar a laghad, ba iad a bhí ag mo dheirfiúr féin.

Is ar a sála sin a tháinig an leabhar grafach. Go mall i dtosach, ach ina rabharta anois, agus ní taise don Ghaeilge é. Ni móide go léifinn an t-oilithreach scotach ariamh murach gur aistríodh go Gaeilge é mar Scott Pilgrim le Bryan Lee O’Malley (Scott Pilgrim le Bryan Lee O’Malley. Arna aistriú go Gaeilge ag Seanán Ó Coistín. Dearthóireacht bhreise le Brian C. Mac Giolla Mhuire agus le Katelyn McKenna. Foilsithe ag Gliadar. €35 ar gach imleabhar) Trí imleabhar móra troma áille atá iontu arbh fhéidir leas a bhaint astu d’fhonn cleachtadh meáchain a thabhairt d’fhoireann rugbaí na hÉireann ach leas eile a bhaint astu, sa chlibirt go háirithe.

Bhí rud éigin ‘neamhoifigiúil’ riamh ag baint leis na greannáin, an tslí a raibh siad leagtha amach, b’fhéidir, an ainriail inste, na carachtair gháifeacha, an dul thar fóir, an chaint sráide, na huaillbhreasa, an foréigean féin. Ba dhúshlán riamh é a leithéid a ‘Ghaelú’ ach is mó de dhúshlán é nuair atá an t-aicsean suite i gcathair ghallda de chuid ár linne leis an teanga is dual do dhaoine óga á spalpadh le binneas nó le gráisc féin.

Fear óg é Scott Pilgrim a bhfuil dúil aige i mnaoi óig (och, mo leithscéal, conas mar a shleamhnaigh seantuiseal tabharthach mar sin isteach i gceartlár scéil chomh nua-aimsireach?), agus cé nach tarlú neamhchoitianta é sin, mar is eol dúinn, is amhlaidh go bhfuil an bhean óg seo fós ar scoil. Mura mbeadh ann ach sin, b’fhéidir gur gnáthscéal grá a bheadh ann leis na castaíocha agus na míthuiscintí is dual dá leithéid.

Ach, ar thubaistí an tsaoil, titeann Scott bocht i ngrá le cailín eile a bhfuil réamhstair aici a chothaíonn trioblóid agus achrann agus eachtraíocht. Fairis sin ar fad, tá scata cairde aige arb é a mian a bheith ag spochadh as agus á shaighdeadh, mar a dhéanann cairde, agus iad ag cur le gach cor, agus ag casadh gach casadh.

Níl tú ag iarraidh, áfach, go n-aithriseoinn an scéal duit, óir, ar nós úrscéil ar bith, is í an insint an chuid is suimiúla. Agus sa chás seo, an insint idir fhocail agus phictiúir.

Ar an gcéad dul amach tá na pictiúir. Ar nós cartúin ar bith, is gá go mbeadh simplí, éifeachtach, daingean, daite, dodhearmadta.

Ní haon léirmheastóir ealaíne mé (cé gur maith liom Brueghel agus Kandinsky) ach aithním an stíl seo a bhuaileann sa phus tú gan leithscéal. Súile móra acu go léir, agus maca imreasáin acu a bhíonn dubh, dothreáite, uaireanta gan an gealacán féin. Gruaig stílsimplí nach bhfaca scuab ná cíor le fada. Éadaí aonghnéitheacha gan a bheith róchaolchúiseach. Gach duine inaitheanta gan doic, gan deacracht.

Nuair is gá ráiteas mór amháin a dhéanamh is amhlaidh go gcuirtear aon phictiúr aonair os ár gcomhair ar an aon leathanach amháin, nó go díreach pictiúir gan aon chaint a bheith mar chur isteach orthu. Glacaim leis gurb í an ealaín  a mheall daoine chun na leabhar seo i dtosach seachas an scéal féin, ar scéal grá é nach bhfuil neamhchosúil leis na milliúin eile, ar dhóigh, ach nach bhfuil coinbhinsiúnta amach is amach ach an oiread.

Ónár dtaobhne de, áfach, is í an cheist mhór ná conas mar a d’éirigh leis an aistritheoir dána, Seanán Ó Coistín, saol seo na hóige thar lear lena bhéarlagair sainiúil agus a ghothaí féin, fara dualchaint nach bhfuil taithí againn air, a aischruthú i nGaeilge an lae inniu gan a bheith ciotrúnta ná tuathalach?

Níl aon amhras ná go n-éiríonn go seoigh leis, agus go binn agus go brothallach. Tá intuigthe go bhfuarthas cead an chaint sna bulgóidí lasnairde a Ghaelú, óir sin é is gnó an aistriúcháin. Ceist níos íogaire, áfach, ba ea an seachábhar, an t-ábhar atá i mbroinn na bpictiúr istigh.

Mar shampla, tá clúdach irise ar leathanach amháin agus ní féidir gur iris ná nuachtán Gaeilge atá i gceist. Is é ‘Anois’ a fhógraítear go lom anseo (dóibh siúd a bhfuil cuimhne acu air), bíodh gur donndeimhin nárbh é sin a bhí air ó dhúchas. San áit a bhfuil fógraí poiblí sráide, a bhíodh i mBéarla nó sa bhFraincis tráth is cosúil, is i nGaeilge anois iad: ‘Cosc ar Chluichí Peile agus Haca’ amhail is gur dhóigh leat gurb é seo ba nádúrtha ar domhan, rud ab fhíor dá mba…

Ba dhúshlánaí fós, dar liom, na ráitis arb intriachtaí is uaillbhreasa is mallachtaí is ráitis bhéil iad a scaoilimid uainn mar arán laethúil. Is fíor go bhfuil ár ndóthain cheana againn ar nós ‘a phleidhce,’ ‘a thiarcais’ nó leaganacha éagsúla de ‘a dhiabhail’ agus tuilleadh agus baintear lánleas astu anseo.

Ach ba dhéine fós mar dhúshlán a bhfuil d’fhocail onamotaipéacha nó anamataipéacha féin a chuireann fuaim in iúl agus a bhfuil cleachtadh againn orthu ó ghreannáin agus ó chomaicí an Bhéarla, leithéid, ‘pam!’ agus ‘pow!’ agus ‘kapow!’ agus ‘vroom!’ agus ‘crrrack’ agus ‘furflkseke’…soláthraíonn Seanán a dhóthain dúinn idir dhúiseachtaí agus phlimpeanna agus smeachanna – ‘scinn,’ ‘cnead’, ‘tailm,’ ‘speach’ ‘cnag’, ‘poc,’ ‘smíste,’ ‘gread,’ ‘smiot’, ‘paf’, ‘plimp,’ ‘screamh’, ‘ababúna,’ ‘preit,’ ‘blosc’, ‘cleang,’ ‘clag,’ ‘giolc’…Is féidir leis an nGaeilge a bheith chomh fuaimneach spleodrach lánchiciúil le teanga ar bith eile.

Níl sa trácht seo uaim ach tagairt d’aon leabhar amháin as na trí cinn atá ar fáil dúinn. Má tá tú dóthanach de Dháibhí Ó Bruadair, den Oileánach, de na Griannaigh, d’fhilí Innti féin, is iad leabhair seo Scott Pilgrim an cupa tae duit, agus an braon poitín, agus bláthach na hoíche agus seaimpéin na maidine féin.

Fág freagra ar 'Is féidir leis an nGaeilge a bheith chomh fuaimneach spleodrach le teanga ar bith eile…'

  • WTF

    Hup!