D’fhéadfadh an plean teangacha iasachta a mhúineadh sa bhunscoil “maolú” a dhéanamh ar “stádas na Gaeilge” sa chóras oideachais agus “sa tsochaí trí chéile” , a deirtear i dtuarascáil nua.
De réir na tuarascála comhairliúcháin nua a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (an NCCA) faoin dréachtchuraclam nua do bhunscoileanna an stáit, léirigh roinnt daoine imní go gcuirfeadh an plean teangacha eile a mhúineadh as do theagasc na Gaeilge.
Tá imní á léiriú le tamall ag daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais go ndéanfar an t-am a chaitear ar an nGaeilge a laghdú chun freastal ar theagasc teangacha eile.
Tá athrú suntasach ar an gcuraclam bunscoile beartaithe ag an Roinn Oideachais agus é i gceist go mbeidh teanga iasachta á foghlaim ag páistí bunscoile mar chuid den athrú sin.
Bhí roinnt daoine a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin den tuairim go gcothódh múineadh teanga iasachta feasacht faoi theangacha go ginearálta agus gur chun leas mhúineadh na Gaeilge a bheadh sé sin.
Dúradh chomh maith go gcuirfeadh an plean feabhas ar scileanna teanga, rud a bheadh chun leas na Gaeilge, agus go gcothódh sé meon níos ‘dearfaí’ i leith na Gaeilge.
Ach léiríodh imní freisin nach chun leas stádas na Gaeilge a bheadh an t-athrú.
“Bíodh sin mar atá, léiríodh imní go maolódh tabhairt isteach NTI [nuateangacha iasachta] sna bunscoileanna stádas na Gaeilge i seomraí ranga na hÉireann agus sa tsochaí ar an iomlán.
“Thairis sin, phléigh múinteoirí na deacrachtaí reatha atá acu i ndáil le dul i ngleic le Torthaí Foghlama T2 i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Luaigh siad go bhféadfadh an taithí a bhí acu le déanaí i ndáil le teagasc T2 difear a dhéanamh do theagasc T3 amach anseo.”
Theastaigh “dearbhú” ó dhaoine eile a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin faoin gcuraclam nua go mbeadh na háiseanna agus na hacmhainní teagaisc agus foghlama ar fad a chuirfí ar fáil i mBéarla ar fáil I nGaeilge.
Faoin bplean thosódh páistí i Rang a 3 agus Rang a 4 ag foghlaim faoi thábhacht teangacha agus i Rang a 5 agus Rang a 6 thosóidís ag foghlaim conas cumarsáid bhunúsach a dhéanamh sa teanga iasachta.
Tá imní léirithe le roinnt blianta anuas ag cigirí na Roinne Oideachais féin faoi chaighdeán Gaeilge daltaí bunscoile na tíre agus táthar buartha gur in olcas a rachadh cúrsaí dá dtosófaí ag múineadh teangacha eile agus dá dtiocfadh laghdú ar am teagaisc na Gaeilge dá réir.
Laghdaíodh breis is daichead bliain ó shin an líon ama a chaitear ar an nGaeilge sna bunscoileanna ó chúig uair an chloig go dtí 3.5 uair an chloig.
An Sléibhteoir
Ní dóigh liom go mbeidh múinteoirí bunscoile, ná fuil aon staidéar foirmiúil déanta acu ar theangacha iasachta ón Ardteist ar aghaidh, ag soláthar aon rud ró-thairbheach do dhaltaí nach gheobhaidh na daltaí as an Ardteist a dhéanamh iad féin.
B’fhearr foghlaim an tríú teanga a fhágaint fén dream atá tar éis staidéar a dhéanamh go sonrach ar an ábhar san .i. múinteoirí meánscoile
Agus má tá múinteoir ag múineadh rang a trí sa scoil a dhein Spáinnis sa mheánscoil, agus an múinteoir a mhúineann rang a ceathair agus gan de theangacha iasachta aige ach an Ghearmáinis agus gan ach an Fhraincis mar theanga ón gcoigríoch ag múinteoir rang a sé – an mbeidh ar na daltaí dul ó theanga go teanga go teanga gach bliain, nó an n-iarrfar ar mhúinteoirí teangacha a mhúineadh nuair ná fuil fiú leibhéal an Teastais Shóisearaigh acu-san sa teanga chéanna.
Bíonn roinnt daoine an-bhuartha ná fuil teangacha iasachta á múineadh i mbunscoileanna an Stáit ach
– daoine a thugann faoi theangacha sa mheánscoil, is minic a bhaineann siad ardleibhéal amach iontu
– is mó an seans go gcuirfeadh cúpla bliain Fraincise, le bunmhúinteoirí ag iarraidh an teanga a mhúineadh go ciotach, thú in aghaidh teangacha iasachta a fhoghlaim agus go mbeidh tuilleadh leisce ar dhaltaí iad a roghnú sa mheánscoil mar thoradh
– ba cheart cuimhneamh go bhfuil eispéaras scoile dátheangach ag formhór daltaí sa tír seo cheana
– agus is é an Béarla an teanga is mó atá á foghlaim ar an mór-roinn
Ach an t-aon rud dearfach, ná má thosnaíonn na páistí ag féachaint ar na Spáinnigh le Spáinnis agus na Francaigh le Fraincis agus na Gearmánaigh le Gearmáinis, go smaoineoidh siad níos mó mar Éireannaigh cén fáth ná fuil teanga dá gcuid féin acu
Carraig
TÚS áite a thabhairt don mBéarla & don nGaeilge I gCÓNAÍ &
an tríú teanga a mhúineadh in éineacht leo sin
nó (mar a rinne mé féin de bhreis air sin) rang speisialta a eagrú do na daltaí ar spéis leo teangacha.
Éascaíonn sealbhú an chéad dá theanga sealbhú an tríú teanga, tá fhios ag an saol mór é sin anois.
Sé sin le rá, na daltaí a bhfuil éirim acu don Bhéarla agus/nó don Ghaeilge, ní haon nath leo de ghnáth an tríú teanga a fhoghlaim.
Oide bunscoile ab ea mé féin sa tseanreacht agus mhúin mé Spáinnis do dhaltaí an séú rang t’réis dóibh an cóineartú a dhéanamh.
Bhí aga agus faoiseamh ansin againn.
Tá cuimhní geala fós agam ar na laethanta sin:
an sásamh a bhaineamar go léir astu.
(Go deimhin féin rinneadh oidí teangacha de roinnt acu ina dhiaidh sin.)
Bhí na tuismitheoirí breá sásta freisin, níor chuala mé aon tuismitheoir ag tabhairt amach fén nGaeilge ná faoi theanga ar bith eile sa scoil chathrach sin ina rabhamar riamh.
Bhí an dea-thoil ann i gcónaí sa cheantar ‘íseal-aicmeach’ galánta sin.
Braitheann an-chuid, dar ndóigh, ar chur chuige, ar chumas, ar dhíograis agus ar phearsantacht an oide féin. Tuigeann siad go tapa go bhfuil tú ar a son.
An modh múinte a bhí agamsa ná an ‘teanga eile’ (Gaeilge/Spáinnis) a mhúineadh trí mheán an cheoil.
Má chuireann tú amhrán sa ‘teanga eile’ os comhair an dalta déanfaidh sé an-dul chun cinn óir beidh na focail á chlos, á rá/á chanadh agus á thuiscint aige.
Agus thar aon rud eile bainfidh sé sásamh thar meon as…d’fhéadfá a rá go mbíonn sé ag foghlaim i ngan fhios dó féin!
Chloisinn cuid acu uaireanta agus iad ag canadh ar a slí abhaile.
Hup!