Cothrom an lae inniu, leathchéad bliain ó shin, ar an 7 Samhain1974, a buaileadh an buille ba mheasa ar stádas na Gaeilge in Éirinn ó bunaíodh an stát, nuair a fógraíodh deireadh go hoifigiúil le riachtanas na Gaeilge sa státseirbhís. Cúlú tubaisteach a bhí ann, beartaithe ag an gcomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre agus curtha i gcrích ag an Aire Airgeadais agus Seirbhíse Poiblí, Richie Ryan Déardaoin an 7 Samhain 1974.
Tháinig an cinneadh aniar aduaidh ar eagraíochtaí Gaeilge, ach cén caoi ar tharla sé? Bhuel, i bhFeabhra na bliana 1973 chaill Fianna Fáil cumhacht le comhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, a chuir forógra toghchánaíochta aontaithe os comhair an phobail, ina raibh 14 de phointí. I measc na bpointí sa bhForógra Toghcháin bhí ceann a gheall deireadh a chur leis an riachtanas oideachais a d’fhág nach mbeadh Ardteistiméireacht ná Meánteistiméireacht le fáil ag scoláire a theipfeadh air/uirthi pas a fháil i nGaeilge, cuma cé chomh maith is a dhéanfaidís sna hábhair eile.
Tionchar an Language Freedom Movement
Cumann na nGael a thug isteach an rialachán ar ar tugadh ‘Gaeilge Éigeantach’ agus anois bhí Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh é chur ar ceal agus ag geallúint “a genuine policy based on respect for and promotion of the Irish language and culture”. Bhí an Ghaeilge Éigeantach ina cnámh spairne i ngach toghchán ó 1963 i leith, de bharr feachtas cliste éifeachtach a bhí ar bun ag an Language Freedom Movement (LFM), a thug le fios go raibh a gcearta daonna á gceilt ar chainteoirí Béarla i bPoblacht na hÉireann mar gheall ar an nGaeilge a bheith riachtanach le pas a fháil i scrúduithe stáit agus cumas sa nGaeilge a bheith riachtanach le post nó ardú céime a fháil sa státseirbhís. I mbileog toghchánaíochta a d’eisigh an LFM don toghchán i 1969 dúradh an méid seo:
‘No matter how brilliant a student is in other subjects, he is denied the Leaving Certificate unless he passes in Irish. Many students with 4 or 5 honours, have been victimised in this way…You can end compulsory Irish – with your vote!’
Nuair a tháinig deireadh le réimeas fada Fhianna Fáil i 1973, ceapadh Dick Burke, ó Fhine Gael, fear a raibh togha na Gaeilge aige, i gceannas ar an Roinn Oideachais agus fuair sé réidh le Gaeilge Éigeantach na scrúduithe stáit, mar a gealladh. Ní mba iontas é sin ach ní raibh mórán daoine i saol na Gaeilge ag súil go bhfaighfí réidh chomh maith le riachtanas na Gaeilge sa státseirbhís, nuair nach raibh sé sin luaite mar chuid d’fhorógra toghchánaíochta an Chomhrialtais. Ach ba chuid lárnach é de chlár an LFM.
Alltacht agus míshástacht
‘IRISH QUALIFICATION IN CIVIL SERVICE TO GO’ an ceannteideal ar an gcéad leathanach den Irish Times ar an 6 Samhain: b’in an chéad leide a fuair an pobal go raibh deireadh á chur le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís.
Bhí Comhairle na Gaeilge ceaptha le comhairle a chur ar an rialtas faoi bheartais teanga. Tá roinnt tuairimí uathu luaite sna meamraim rialtais a bhaineann leis an gcinneadh, ach is cosúil nár iarradh oiread sin comhairle uathu más fíor don mhéid a bhí le rá ag ball den Chomhairle, Riobard Mac Góráin, a dúirt de réir tuairisc ar an Irish Times, go raibh sé ‘astonishing to many that a policy decision that would influence the future of the language and the Gaeltacht should have been made without any public consultation with the official body, Comhairle na Gaeilge, appointed to advise the Minister on such matters’.
Eagraíodh roinnt argóidí in aghaidh chinneadh an rialtais. Daltaí i gColáiste Mhuire a d’eagraigh an ceann ba shuntasaí. Mháirseáil siad th’éis scoile ar an Máirt an 12 Samhain chuig Teach Laighean le litir a thabhairt don Aire Airgeadais. Ag cruinniú taobh amuigh de gheataí na Dála chuir Pádraig Ó Snodaigh, a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag an am agus ina státseirbhíseach, i leith an rialtais gur ‘tréas’ a bhí déanta agus nach bhféadfaí ‘luí síos agus glacadh le ‘beartais ghránna fhrith-Ghaelacha’. Ní ghéillfí ‘a thuilleadh don phlámás’ agus ní choinneodh an rialtas lucht na Gaeilge ciúin a thuilleadh ‘le breabanna, le brú ná le bagairt ár bpostanna’.
Ardaíodh an cheist le linn feachtas fothoghcháin i gCorcaigh Thoir Thuaidh ag an am. Cháin Fianna Fáil an cinneadh agus rinne airí an Chomhrialtais é a chosaint. Ag labhairt dhó i gCorcaigh le linn an fheachtais dúirt an tAire Richie Ryan nach raibh bunús ar bith leis an méid a bhí á rá ag daoine go mb’fhéidir nach mbeadh daoine in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge a thuilleadh le heagrais stáit. ‘The government will ensure,’ a dúirt sé, ‘that any citizen wishing to do so will be able to transact his business through Irish’. Bhí an scéal céanna ag an Aire Michael O’Leary ó Pháirtí an Lucht Oibre. ‘No man or woman who wishes to use Irish in dealing with State Departments will be discriminated against following this decision.’
Bhí roinnt litreacha sna nuachtáin ó dhaoine a d’fháiltigh roimh an gcinneadh ach níos mó á lochtú. Bhí sé spéisiúil gur chuir an National Athletics and Cycling Association (NACA) ráiteas amach inar dúradh go raibh ‘abhorrence and utter disgust’ ar an eagraíocht faoin gcinneadh agus go raibh an rialtas ‘sailing very close to the wind’ i dtaobh an bhunreachta a thug stádas don Ghaeilge mar an chéad teanga náisiúnta.
Ba léir gur tuigeadh nárbh fhada go mbeadh fadhb ag an rialtas a ndualgaisí bunreachtúla i leith na Gaeilge a chomhlíonadh le saoránaigh a d’éileodh seirbhís i nGaeilge. Sa Chartlann Náisiúnta tá litir a chuir an Taoiseach ag an am, Liam Cosgrave T.D., chuig an Aire Richie Ryan ar an 6 Bealtaine 1974 ina ndúirt sé go bhféadfadh gurbh é an toradh bheadh ar dheireadh a chur ar fad le riachtanas Gaeilge sa Státseirbhís gur beag an líon státseirbhíseach a bheadh in ann freastal ar an bpobal i nGaeilge agus go bhféadfadh sin deacrachtaí a chruthú maidir le stádas bunreachtúil na teanga. Ina ainneoin sin, thug sé a bheannacht don chinneadh tubaisteach, a d’fhág daoine a mb’fhearr leo déileáil leis an stát i nGaeilge faoi mhíbhuntáiste go dtí an lá inniu.
Buille trom tubaisteach in aghaidh na Gaeilge, nár cheart a ligint i ndearmad.
Dáithí Mac Cárthaigh
Bhí, agus tá, an Béarla i gcónaí éigeantach chun post a fháil sa tSeirbhís Phoiblí agus ba é Béarla teanga oibre na Seirbhíse céanna. Ní raibh sa Ghaeilge tríd is tríd ach ornáid.
Nuair a fuair an Chatalóin rialtas baile ag deireadh na seachtóidí bheartaíodar gur trí Chatalónais a d’oibreodh an pharlaimint bhaile agus d’oibrigh in ainneoin an Chatalónais a bheith ina teanga mhionlaithe faoin tráth sin.
Ní fada gur iompaíodh na forais faoin rialtas baile ar an gCatalónais agus na scoileanna. Ní baol don Chatalónais sa lá atá inniu ann.
Tagann athrú teanga ón mbarr anuas.
Ní leor cumas sa teanga a éileamh do phost gan an teanga sin a bheith in úsáid mar theanga oibre.
Proinsias
Bhí go leor sa saol acadúil a chreid nár fiú tráithnín an Ghaeilge a athbheochaint, fiú amháin sa nGaeltacht, ba chuma leo siúd ag an am.