Bheith istigh ag ‘bomaite’, ‘falla’ agus ‘fata’ ar an bhfoclóir Gaeilge-Gaeilge

Beidh a n-iontráil iomlán féin a thabhairt do na leaganacha canúnacha agus malartacha

Bheith istigh ag ‘bomaite’, ‘falla’ agus ‘fata’ ar an bhfoclóir Gaeilge-Gaeilge

Beidh iontráil ar leith ann do roinnt mhaith focal canúnach agus neamhchaighdeánach ar an bhfoclóir nua Gaeilge-Gaeilge atá á réiteach ag foireann Thionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, murab ionann agus Foclóir Uí Dhomhnaill a foilsíodh i 1977.

Dúirt bainisteoir tionscadail an Fhoclóra, Cormac Breathnach, go ndearna foireann an fhoclóra an cinneadh a n-iontráil iomlán féin a thabhairt do na leaganacha canúnacha agus malartacha in áit an t-úsáideoir a atreorú chuig an gceannfhocal ‘caighdeánach’ faoi mar a dhéantar i bhFoclóir Uí Dhónaill (FGB).

Mar shampla, ní aimseodh an té a chuardódh ‘bomaite’ in FGB ach “=NÓIMÉAD”. Nuair a théitear chomh fada leis an gceannfhocal ‘nóiméad’ is ann a fhaightear an míniú ‘Minute, moment, instant’.

“Ar an bhfoclóir nua Gaeilge-Béarla, agus ar an bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge, beidh a iontráil féin ag bomaite agus ag na leaganacha canúnacha agus malartacha eile mar sin. Tá roinnt iontrálacha mar sin scríofa cheana féin sna dréachtaí do na foclóirí nua, do na leaganacha is coitianta. Beidh líne le tarraingt áit éigin ach ba cheart a aithint gurb é ‘bomaite’ amháin atá in úsáid i gCúige Uladh.

“Beidh nótaí le cur isteach san fhoclóir freisin, nótaí úsáide a mhíneoidh gnéithe de ghnáthúsáid na teanga agus d’fhéadfaí nótaí faoi fhocail chanúnacha agus leaganacha malartacha a bheith mar chuid de na nótaí sin – nóta ina dtugtar le fios gur ‘focal é seo a úsáidtear go coitianta i gCúige Uladh’, mar shampla,” a dúirt Cormac Breathnach, bainisteoir Thionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge.

Dúirt sé go bhfuil athrú mór tagtha ar chúrsaí foclóireachta ar fud an domhain agus i mórtheangacha an domhain ó cuireadh Foclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe i dtoll a chéile, agus go n-aithnítear sa lá atá inniu ann go bhfuil “dualgas” ar fhoclóirithe i bhfad níos mó ná sainmhíniú focail a scríobh.

“Beidh nótaí úsáide ann, don aidiacht shealbhach ‘mo’ mar shampla, a chabhróidh leis an úsáideoir úsáid an tséimhithe agus an uraithe a thuiscint. Tá dualgas ar fhoclóirithe eolas breise a thabhairt faoi na focail agus cabhrú le foghlaimeoirí agus le teagascóirí. Tá noda foclóra ann sna seanfhoclóirí ach chonacthas dúinn nach leor an nod don ní-chomh-heolach agus gur gá an míniú breise sin a thabhairt,” a dúirt sé.

Athrú mór eile atá beartaithe ag lucht na bhfoclóirí nua ná go mbeidh ‘ceannfhocal’ sa dá fhoclóir nua a mbeidh níos mó ná focal amháin iontu. Is é sin le rá go mbeidh bheith istigh ag leithéidí ‘deireadh seachtaine’ agus ‘spéaclaí gréine’.

“Níl ceannfhocal a bhfuil níos mó ná focal amháin ann ar na seanfhoclóirí. Beidh sainmhíniú ar leith ag ‘alt úll agus cuas’ ar an bhfoclóir nua chomh maith le téarmaí coitianta eile mar ‘dheireadh seachtaine’ agus ‘spéaclaí gréine’. Neadaítear na téarmaí sin faoi cheannfhocal aonair ar na foclóirí reatha – rud a fhágann go mb’fhéidir go mbeadh ar an úsáideoir cúpla ceannfhocal a chuardach sula n-aimseofaí an téarma ceart: ‘alt’, ‘úll’, nó ‘cuas’ mar shampla,” a dúirt Breathnach.

Is é an aidhm atá ag lucht na foclóireachta an dá fhoclóir nua, an Foclóir Nua Gaeilge-Béarla agus an Foclóir Gaeilge-Gaeilge, a fhoilsiú ar líne sa bhliain 2027.

Fág freagra ar 'Bheith istigh ag ‘bomaite’, ‘falla’ agus ‘fata’ ar an bhfoclóir Gaeilge-Gaeilge'

  • Séamus McNally

    Tá saol foclóir chomh gearr le saol fata í mbéal muice
    Agus ag caint faoi fataí: bhfuil an fhocal ‘firibín’ istigh ann?

  • Gerry Sóna

    Iontach maith. Ach sna téacsleabhair atá in úsáid go forleathan sna bunscoileanna i nDún na nGall, An Cabhan agus Muineachan,bíonn an caighdean in úsaid, ach sna sé chondae bíonn Gaeilge Uladh in úsaid. Níl ciall le seo sa lá atá inniú ann, i mo bharúil. Labhraim Gaeilge do mo gariníonacha ach in amana ní thuigeann siad focal anseo is ansuid mar ní léann nó ní cloiseann siad iad ar scoil.

  • An Sléibhteoir

    Botún ollmhór a bheadh ann gan an foclóir Gaeilge-Gaeilge a chur i gcló.

    Is le foclóirí clóite amháin a bhíonn páistí scoile ag plé ós rud é ná fuil cead fón póca a úsáid sa seomra ranga.

    Is ar scoil a théann daoine i dtaithí ar conas foclóir a úsáid i gceart srl. Ní bheadh aon oiliúint ag an aos óg i dtaobh an fhoclóra so gan é a bheith i gcló agus in úsáid sna seomraí ranga.

    Is í an scoil an áit is mó a mbíonn foclóir de dhíth agus páistí ag foghlaim scríobh, léamh agus litriú na Gaelainne.