Chuir an clár faisnéise Blackrock Boys, a craoladh in 2022, sraith eachtraí sa tsiúl nach raibh aon choinne leo ag an am. Pointe cinniúnach eile i stair na tíre seo agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le mí-úsáid leanaí san am a caitheadh. Bhain an clár úd le scéal beirt deartháireacha, Mark agus David Ryan a d’fhulaing mí-úsáid ghnéis i gColáiste na Carraige Duibhe sna seachtóidí. Thosaigh rabharta eile feirge agus scaoileadh rún. Cuireadh fiosrúchán scóipeála ar bun agus cuireadh a thorthaí os comhair an phobail dhá mhí ó shin: líomhaintí i leith tuairim is 800 duine i 308 scoil éagsúil i gceist agus tuairim is 2,300 eachtra ar leith. Níl ann ach an ceann caol den uafás agus tá fiosrúchán níos iomláine le cur ar bun. Ag rith comhthreomhar leis sin ar fad bhí an mhí-úsáid fhisiciúil sna scoileanna; ó bhaill na n-ord eaglasta agus ó mhúinteoirí tuata. Scannal nach bhfuair na ceannlínte céanna ach a bhí, sé is dóichí ná a mhalairt, i bhfad níos forleithne.
Dhein Leathered: Violence in Irish Schools (RTE1, Dé Céadaoin) iarracht fhónta cuntas a thabhairt ar an gceann caol den scannal seo, agus is cinnte nach raibh ann ach an ceann caol. Cuntais a bhí againn sa chlár seo ó dhaoine a d’fhulaing an mhí-úsáid agus lucht feachtais ina choinne. Bhí an cleachtas seo leabaithe go domhain, ní hamháin sa chóras oideachais, ach sa tsochaí. Cuimhnigh go raibh 1982 sular ritheadh reachtaíocht le fáil réidh leis an bpionós corpartha. ‘Caochpholl cultúrtha’ an cur síos a dhein rannpháirtí amháin air.
Thosaigh an clár amach le Theo Dorgan agus Mick Hannigan ag cur síos ar an drochíde a d’fhulaing siad siúd agus iad sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh. Téama amháin a tháinig chun cinn ar an bpointe, agus a luadh arís agus arís eile, ná an fhearg neamhshrianta agus an riastradh a bhain leis an hionsaithe seo. Bhí na leanaí ar cipíní agus iad ag súil leis an gcéad bhuile eile. “The anxiety of anticipation” faoi mar a thug Dorgan air.
Luadh chomh maith go raibh leanaí áirithe thíos leis an bhforéigean níos mó ná leanaí eile. Má bhí tú go maith ag spórt d’éalaigh tú de bheagán, agus dá mba mhac tú le dochtúir nó duine proifisiúnta d’éalaigh tú go hiomlán. Tháinig na deora le rannpháirtithe éagsúla agus iad ag cur síos ar na huafáis seo a d’fhág lorg saoil orthu.
Bhí daoine a labhair amach, áfach. Tuismitheoirí agus feachtasóirí amhail Paddy agus Mary Randles mar aon le Frank Crummey agus Martin Reynolds a chur eagraíocht ar bun. Bhíos ana-thógtha le hionchur Frank, atá seacht mbliana le cois na ceithre scór, agus nár chuir aon fhiacail ina chuntas (in ainneoin a easláinte). Deineadh gearáin le húdaráis agus imíodh chun cúirte ach ba shnámh in aghaidh easa é. Dhein The News of the World cur síos ar an scannal i dtuairisc i 1969 agus dhein NBC tuairisc nuachta faoi ina dhiaidh sin.
Ag deireadh an chláir seo impíodh go mbeadh an mhí-úsáid fhisciúil mar chuid den fhiosrúchán níos leithne atá le cur sa tsiúl. Má tharlaíonn sé sin, agus ba cheart go dtarlódh, tabharfar i bhfad Éireann níos mó scéalta ná mar a bhí sa chlár seo chun solais.
Fág freagra ar 'An strapa leathair, an tslat agus an dorn'