An 47ú hUachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá le roghnú 

Dá dtoghfaí an Leas-Uachtarán Kamala Harris, bheadh sí ar an gcéad bhean le bheith ina huachtarán agus dá mbuafadh Donald Trump bheadh sé ag filleadh ar an Teach Bán don dara tréimhse

An 47ú hUachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá le roghnú 

Inniu a roghnóidh breis is 160 milliún vótálaí sna Stáit Aontaithe an 47ú hUachtarán ar an tír i dtoghchán a d’fhéadfadh lorg a fhágáil ar chúrsaí polaitíochta an domhain mhóir sna blianta atá amach romhainn.

An Leas-Uachtarán Kamala Harris, atá 60 bliain d’aois, atá ina hiarrthóir ag an bPáirtí Daonlathach ó d’éirigh Joe Biden as an bhfeachtas i mí Iúil.

An t-iarUachtarán Donald Trump, atá 78 bliain d’aois, an t-iarrthóir atá ag an bPáirtí Poblachtánach, agus seo an tríú hiarraidh aigesean ar an Teach Bán. Tá Trump fós ag áitiú gurb amhlaidh a goideadh toghchán 2020 uaidh fhéin, cé nach bhfuil aon chruthúnas aige.

Nuair a bheidh vótaí an toghcháin seo comhairthe, beidh an t-iarUachtarán Trump ar ais sa Teach Bán, cé nár ghlac sé fós le toradh daonlathach an toghcháin in 2020, nó beidh Kamala Harris, an chéad bhean riamh ina hUachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Is cosúil go mbeidh cinniúint na beirte ag brath cuid mhaith ar sheacht stát – Arizona, Georgia, Michigan, Nevada, Carolina Thuaidh, Pennsylvania agus Wisconsin. Tá feachtas na beirte ar a mine ghéire ag iarraidh gach uile cheann acu sin a mhealladh agus a gheafáil faoin gcóras toghthóirí atá sa tír.

Deirtear go mbíonn lucht vótála luaineach sna stáit sin agus gur deacair iad a bharraíocht ó thaobh cé acu dearg nó gorm a bheidh siad in aon toghchán. Roinntear iad ina dhá ghrúpa – Crios na Gréine – Nevada, Arizona, Carolina Thuaidh, Georgia; agus Crios na Meirge – Wisconsin, Michigan agus Pennsylvania.

Sna Stáit Aontaithe tá 538 vóta san iomlán ag na coláistí toghcháin ar fad agus beidh an Teach Bán ag an iarrthóir a gheobhaidh 270 vóta díobh sin nó níos mó.

Mura bhfaighidh iarrthóir an bua i dtrí cinn de na stáit ar a laghad, ní éireoidh leis nó léi.

Tá 19 vóta coláiste toghcháin ag stát Pennsylvania, agus is luachmhar an éadáil iad sin don pháirtí a bhuafaidh an stát. Ní haon iontas mar sin gur dhírigh na hiarrthóirí a bhfeachtas cuid mhaith ar an stát seo ina bhfuil os cionn 13 milliún duine ina gcónaí.

Tugtar an ‘Balla Gorm’ ar na trí stát Pennsylvania, Michigan agus Wisconsin. Bhí an lá anseo le Barack Obama, níor éirigh le Hillary Clinton ann agus thug Joe Biden leis é in 2020. Dhírigh Trump ina fheachtas féin ar lucht oibre a chónaíonn faoin tuath, oibrithe na mbónaí gorma mar a thugtaí orthu tráth. Oibrithe dubha sna cathracha móra is mó a bhí Harris ag iarraidh a spreagadh le ghabháil amach agus vótáil di.

Cé gur minice le stáit seo an Bhalla Ghoirm titim leis na Daonlathaigh, tá an chosúlacht orthu i mbliana go bhféadfaidís dul ceachtar dath. Bhí pobalbhreitheanna ag tabhairt tosaíocht bheag do Trump i   Pennsylvania, agus Harris beagáinín beag bídeach chun cinn sa bpéire eile, Michigan agus Wisconsin.

Beidh cuid mhaith daoine ar fud na cruinne ar tinneall ag fanacht le toradh an toghcháin seo más luath mall a fhógrófar é.

LÉARSCÁIL IDIRGHNÍOMHACH AN CHOLÁISTE TOGHCHÁIN

Fág freagra ar 'An 47ú hUachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá le roghnú '