‘Creidim gur mhair na piseoga agus na scéalta béaloidis seo ar chúis mhaith…’

Tá an dráma nua ‘An Fear Liath’ le Philip Doherty á léiriú amuigh faoin aer i nGaillimh an tseachtain seo. Labhair sé le Tuairisc faoina dhúil sa drámaíocht atá spleodrach, fuinniúil

‘Creidim gur mhair na piseoga agus na scéalta béaloidis seo ar chúis mhaith…’

I mbaile beag suaimhneach cois farraige, cuirtear teaghlach iascaireachta in aimhréidh nuair a théann a dtrálaer iascaireachta ar iarraidh, gan aon mhíniú. Tagann an iníon is sine, Joan, ar ais abhaile ach ní fada go mbíonn sise í féin casta i líonta na rún, na bpiseog agus an mhurdair.

Seo bunús an scéil atá sa dráma An Fear Liath, an saothar is deireanaí le Philip Doherty a mbeidh a chéad léiriú domhanda aige inniu ag Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe. Mar is dual do dhrámaí Doherty ní bheidh sé á léiriú ar stáitse amharclainne, ach amuigh faoin aer sa gCladach i nGaillimh san oíche.

Tagann an dráma sna sála ar léirithe eile atá déanta aige amuigh faoin aer, leithéidí Fiach, a léirigh sé le Fíbín sa Taibhdhearc, ‘an chéad dráma tiomáin-isteach’ in Éirinn a léiríodh i mí Lúnasa 2020, aimsir na paindéime. Nó Cogadh na Saoirse a thug an lucht féachana ar thuras na gcos trí gharraí mór i ndorchadas na hoíche agus iad ag gluaiseacht trí stair chogadh na saoirse ó aimsir an ghorta mhóir go síniú an chonartha.

As baile an Chabháin ó dhúchas, tá cónaí ar Doherty sa Spidéal. Is i gConamara a chuala sé an scéal a spreag an smaoineamh do An Fear Liath agus ag tarraingt ar an mbéaloideas ata bunscéal an dráma.

“Chuala mé seanscéal cúig bliana ó shin i gConamara faoi chréatúr mara darbh ainm ‘An Fear Liath’. De réir an scéil, deirtí gur rug An Fear Liath ar aon bhádóir nó iascaire a chuaigh ar iarraidh.

“Ní deirtí go bhfuair an duine bás, deirtí gur tharraing seisean síos iad faoin bhfarraige agus iad ag dul go dtí an domhan eile. Thaitin an scéal seo go mór liom mar go bhfuil sé dorcha ach go hálainn ag an am céanna, tá draíocht agus samhlaíocht ag baint leis freisin.”

D’fhill sé ar an scéal le deireanas agus é ag obair le grúpa Eorpach amharclainne. Comhléiriú é An Fear Liath idir Fíbín sa Taibhdhearc, Centro Dramático Galego as ceantar na Gailíse, and Tryater ón bhFreaslainn san Ísiltír. Tá na hamharclanna ar fad páirteach sa scéim Phōnē, gréasán Eorpach amharclainne a bhfuil d’aidhm aige éagsúlacht chultúrtha is teanga a chosaint is a chur chun cinn.

“Nuair a thosaigh mé ag obair le Phōnē thug siad téama faoi cheilt, ‘Daoine agus an Nádúr’ do na scríbhneoirí. D’fhoghlaim mé ó na scríbhneoirí eile go bhfuil piseog agus carachtar ina gcuid cultúr féin freisin atá an-chosúil leis ‘An Fear Liath’.

“Tá sé suimiúil mar go bhfuil na háiteanna seo ina bhfuil mionteangacha suite cois farraige freisin. Spreag an phiseog sin an dráma. Is dráma é faoi chlann iascaireachta agus é suite sa lá atá inniu ann, i gcomhthéacs comhaimseartha.”

Is minic go scrúdaíonn Doherty téama a bhaineann le piseoga, béaloideas agus nádúr an duine ach ar bhealach a bhíonn nuálach. Filleann sé ar na téamaí seo sa dráma nua.

“Is breá liom gach sórt scéil, ach go háirithe seanscéalta. Creidim gur mhair na piseoga agus na scéalta béaloidis seo ar chúis mhaith. Tá siad ceangailte lenár dtimpeallacht agus le spiorad na ndaoine. Tá draíocht iontu, agus bím ag lorg na draíochta seo sna scéalta, go háirithe chun iad a thaispeáint ar bhealaí nua agus i ndomhan comhaimseartha. Cuirim suim sna scéalta nuair casann dhá thréimhse le chéile; an saol inniu agus an seansaol, i ré ár sinsear, mar shampla. Sin an saol eile.

“Taitníonn scéalta liom ina bhfuil codarsnacht… mar shampla, saol agus bás, an lá atá inniu agus an aimsir chaite nó cuimhní cinn, an fhírinne agus an bhrionglóid, coinsias agus an fo-chomhfhios, agus seanscéalta nó piseoga agus scéalta comhaimseartha.”

Tá éagsúlacht mhór le feiceáil ina shaothar a shíneann ón stáitse go dtí an scáileán agus an raidió. Bhuaigh a chéad fhadscannán Redemption of a Rogue dhá ghradam ag Fleadh Scannán na Gaillimh in 2020, An Scannán Éireannach is Fearr agus an Príomhscannán Éireannach is Fearr. Bhí a chéad sraith teilifíse mar stiúrthóir agus mar scríbhneoir, Samhlú, le feiceáil ar TG4 ag deireadh na bliana céanna. Bhuaigh a shraith ghrinn don idirlíon The Begrudgers RTÉ Storyland sa mbliain 2012 agus tá ardmholadh faighte ag a chuid gearrscannán The Diamond Boutique agus The Goatee Uprising.

Chaith Doherty trí bliana mar Stiúrthóir Ealaíne le Fíbín sa Taibhdhearc agus tá suas le leathchéad dráma stáitse scríofa agus stiúrtha aige, chomh maith lena chuid oibre don scáileán. Tá trasnaíl mhór ann, dar leis, idir na meáin éagsúla agus ní fheiceann sé go bhfuil aon teorainn eatarthu.

“Bíonn go leor cosúlachtaí ó thaobh teanga dhe i mo chuid scannán agus drámaí, ach ar an lámh eile bíonn go leor íomhánna i mo dhrámaí atá cosúil le scannán. Uaireanta insíonn an taibheoir an scéal trí na haisteoirí agus an teanga ar an stáitse. I mo thuairimse, is don lucht féachana atá an dráma, don té atá ag breathnú ar an scéal lena shúile, ní don chluas amháin.

“Taitníonn drámaí le híomhánna spleodracha go mór liom, le ceol glórach, gníomh na n-aisteoirí agus, ar ndóigh, an teanga. Tá drámaí níos fearr ná dul go dtí an phictiúrlann mar go bhfuil gach rud ag tarlú beo leis an amharclannaíocht. Tá leictreachas ag baint leis.”

Is é Doherty a scríobh An Fear Liath agus tá sé á stiúradh ag stiúrthóir ó Centro Dramático Galego i gceantar na Gailíse, Fran Núnez. Bhí tionchar mór ag Núnez ar fhorbairt an dráma.

“Labhair muid faoi na gnéithe a bhí sa scéal, faoi thragóid na Gréige agus scannáin noir agus muid ag obair le chéile ar an dráma seo. Tá sceitimíní orm a bheith ag obair le Fran. Tá go leor smaointe nuálacha aige, agus d’oibrigh muid le chéile ar leagan faoi leith den script a oibríonn don spás atá againn ag an gCladach. Is stiúrthóir samhlaíoch é, agus déanann sé drámaí an-fhísiúil sa Ghailís agus ar fud an domhain. Tá fís aige.”

Beidh an fhís á fíorú ar an gCladach i gcathair na Gaillimhe go dtí an Satharn beag seo agus an t-aicsean ag dul idir an chéibh agus an fharraige. Bhí deis acu agus an seó ar bun sa samhradh seo é a dhéanamh amuigh faoin aer, a mhínigh Doherty. Tugann sé fuinneamh ar leith don léiriú é a chur ar bun amuigh faoin aer, rud a fheabhsaíonn eispéireas na drámaíochta don lucht féachana, dar leis.

“Tá sé an-tábhachtach go gcuirfí feabhas ar chaighdeán an dráma nuair a léirítear é i spás difriúil. Le Fiach, mar shampla, d’fhéach an lucht féachana ar sheó faoi ‘car-chase’ agus iad féin ina suí laistigh dá gcarr féin. Le Cogadh na Saoirse, seó faoi réabhlóid, bhí an lucht féachana ag breathnú air agus iad ag siúl timpeall na páirce. Is faoi bhád atá in easnamh agus an mistéir atá g baint leis atá An Fear Liath agus beidh sé ar siúl ar an uisce sa gCladach.

“Mothóidh tú na cúig chéadfa, go háirithe agus é ar siúl san oíche. Mura mbraitheann tú rud ar bith eile, beidh an-spraoi ann. Tá an spraoi tábhachtach freisin,” a deir Doherty.

Fág freagra ar '‘Creidim gur mhair na piseoga agus na scéalta béaloidis seo ar chúis mhaith…’'