Drochthús le tréimhse chinniúnach agus feisirí deighilte faoi von der Leyen

Tá míshástacht go leor leis an méid a rinne Ursula von der Leyen le cúig bliana anuas ach ráineodh gur téarma eile mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Drochthús le tréimhse chinniúnach agus feisirí deighilte faoi von der Leyen

Tar éis a bhfuil tarlaithe thar toinn an tseachtain seo agus an drámaíocht a bhaineann le polaitíocht na Stát Aontaithe, is fánach an chaoi a ndéanfaí dearmad ar na heachtraí tábhachtacha i bpolaitíocht na hEorpa.

Cúig bliana ó shin ceapadh Ursula von der Leyen ina hUachtarán ar an gCoimisiún Eorpach mar chomhréiteach. Ní raibh an EPP ná na Sóisialaigh in ann aontú ar na hiarrthóirí a bhí molta faoi chóras na spitzenkandidaten agus is mar thoradh ar na cainteanna eatarthu a tháinig ainm an pholaiteora as an nGearmáin chun cinn. Polaiteoir Gearmánach a raibh mianach láidir Eorpach inti a bheadh stuama ar an stiúir.

Ní mar sin a tharla. Bhí na cúig bliana seo caite eisceachtúil – ní haon áibhéil sin a rá. Idir an phaindéim a chuir an domhan trína chéile, an ghéarchéim imirce agus ionsaí na Rúise ar an Úcráin, tá an saol athraithe ó bhonn. Cuir leis sin an chogaíocht agus an sléacht sa Mheánoirthear agus is léir go raibh fadhbanna tromchúiseacha le láimhseáil ag Uachtarán an Choimisiúin. Tá míshástacht go leor leis an méid a rinne sí agus an chaoi ar chomhlíon sí a cuid dualgas.

Níor éirigh leis an eite fhíordheis smacht iomlán a fháil ar an bparlaimint sna toghcháin an mhí seo caite ach tá smacht acu ar níos mó de na suíocháin sa pharlaimint as seo go ceann cúig bliana, rud a chruthóidh deacrachtaí le moltaí reachtaíochta an choimisiúin a chur i gcrích. Teastaíonn, dá réir, duine atá in ann comhréiteach agus comhthuiscint a spreagadh i measc na bhFeisirí leis an obair a dhéanamh. Arb í Ursulaa Von der Leyen an duine sin? Beidh le feiceáil.

Teastaíonn tacaíocht 361 feisire uaithi sa vóta Déardaoin. Tá dianstocaireacht ar siúl in Strasbourg i rith na seachtaine ag von der Leyen agus a foireann ag iarraidh an tacaíocht sin a mhealladh. Tá tuairimí éagsúla i measc na bhfeisirí in Éirinn féin. Tá sé fógartha go hoifigiúil ag Billy Kelleher agus Barry Andrews Fhianna Fáil nach mbeidh siad ag tacú le von der Leyen agus deir Fianna Fáil nach bhfuil aon athrú ar na tuairimí a léirigh feisirí eile an pháirtí Barry Cowen agus Cynthia Ní Mhurchú le linn an fheachtais toghcháin, sin nach mbeidh siad ag tacú léi. Bheadh sé mífhreagrach gan tacú le von der Leyen a deir an Feisire Seán Kelly ó Fhine Gael. Beidh sé féin agus a chomhghleacaithe i bhFine Gael, baill de ghrúpa an EPP, ag tacú le von der Leyen. Ní bheidh Aodhán Ó Ríordáin Pháirtí an Lucht Oibre ná feisirí Shinn Féin ag tacú léi.

Farasbarr naoi vóta a bhí ag von der Leyen cúig bliana ó shin agus tá gach uile chosúlacht ar chúrsaí go mbeidh an bhearna sách beag arís an babhta seo.

Cruthóidh sin moill ar obair an Aontais a bhfuil an mhoill a bhaineann lena chuid oibre sách follasach cheana. Mar dhuine de na pearsana is tábhachtaí in obair na heagraíochta, is drochthús ar thréimhse chinniúnach ar bith an oiread deighilte a bheith ag baint le ceapadh uachtarán an Choimisiúin. Bímis ag tnúth le tréimhse chorraitheach.

Fág freagra ar 'Drochthús le tréimhse chinniúnach agus feisirí deighilte faoi von der Leyen'