Ainmneacha Gaeilge ab ea sé cinn de na deich n-ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí a rugadh in Éirinn anuraidh.
De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, bhí Rían, Oisín, Fionn, Tadhg, Liam agus Cillian i measc na n-ainmneacha is coitianta do bhuachaillí a rugadh in 2023.
Is iad Jack, a bhí sa chéad áit ar liosta na mbuachaillí don seachtú bliain as a chéile, Noah agus James na trí ainm is coitianta a tugadh ar bhuachaillí anuraidh ach ainmneacha Gaeilge ab iad an chéad sé ainm eile is coitianta.
Sa naoú háit ar liosta na mbuachaillí a bhí Cillian in 2023, mar a bhí an bhliain roimhe sin, ach b’fhéidir go dtiocfadh feabhas air sin i mbliana agus gradam Oscar buaite ag an gCorcaíoch, Cillian Murphy.
Chuaigh Fionn ón 11ú háit in 2022 go dtí an séú háit ar an liosta de na hainmneacha is coitianta do bhuachaillí.
Bhí 19 ainm Gaeilge i measc an 100 ainm ba choitianta do bhuachaillí in 2023, ceithre cinn níos mó ná in 2022. Bhí Éanna (96ú áit) agus Dáithí (100ú áit) ar phéire de na cúig ainm a bhain áit amach sa 100 ainm is coitianta do bhuachaillí den chéad uair. Bhain Eoin, Dara agus Ruairí áit amach sa chéad 100 ainm is coitianta arís anuraidh.
Bhí Cadhla agus Síofra ar phéire de na trí ainm do chailíní a bhain áit amach i measc an 100 ainm is coitianta den chéad uair. Bhí Síofra ar an ainm do chailíní is mó a rinne dul chun cinn in 2023 agus an t-ainm imithe ón 157ú háit in 2022 go dtí an 100ú háit anuraidh. Tugadh Síofra ar 50 cailín a rugadh in Éirinn anuraidh i gcomparáid le 33 in 2022.
Bhain Áine áit amach i measc an 100 ainm is coitianta arís, agus í imithe ón 100ú háit go dtí an 86ú háit.
Bhí 18 ainm Gaeilge ar fad i measc sa chéad 100 ainm ba choitianta do chailíní in 2023, trí cinn níos mó ná mar a bhí an bhliain roimhe.
Bhí Fiadh (sa dara háit) agus Éabha (san ochtú háit) ar na hainmneacha Gaeilge is coitianta do chailíní in 2023. Grace an t-ainm is coitianta a tugadh ar chailíní anuraidh.
Tugadh 9,172 ainm ar leith ar bhuachaillí agus cailíní a rugadh in 2023, de réir an eolais ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Murphy an sloinne ba choitianta ar na páistí sin.
Ainmneacha Buachaillí |
|||
---|---|---|---|
Ainm | Áit ar Liosta 2023 | 2022 | Líon na bpáistí a tugadh an t-ainm orthu in 2022 |
Rían | 4 | 4 | 339 |
Oisín | 5 | 6 | 330 |
Fionn | 6 | 11 | 306 |
Tadhg | 7 | 7 | 301 |
Liam | 8 | 8 | 289 |
Cillian | 9 | 9 | 275 |
Seán | 14 | 19 | 240 |
Cian | 29 | 28 | 156 |
Páidí | 34 | 58 | 150 |
Donacha | 61 | 46 | 100 |
Eoin | 75 | 112 | 78 |
Cathal | 75 | 73 | 78 |
Daithí | 75 | 80 | 78 |
Odhrán | 83 | 88 | 72 |
Tomás | 90 | 77 | 66 |
Ruairí | 92 | 133 | 64 |
Éanna | 96 | 116 | 60 |
Dara | 96 | 106 | 60 |
Dáithí | 100 | 104 | 59 |
Ainmneacha Cailíní |
|||
Ainm | Áit ar Liosta 2023 | 2022 | Líon na bpáistí a tugadh an t-ainm orthu in 2022 |
Fiadh | 2 | 3 | 300 |
Éabha | 8 | 6 | 241 |
Croía | 23 | 38 | 166 |
Caoimhe | 26 | 24 | 158 |
Saoirse | 27 | 18 | 157 |
Aoife | 31 | 30 | 148 |
Róisín | 36 | 31 | 127 |
Sadhbh | 40 | 32 | 120 |
Ailbhe | 44 | 72 | 118 |
Méabh | 44 | 65 | 118 |
Éala | 53 | 91 | 100 |
Fíadh | 67 | 71 | 85 |
Aoibhín | 71 | 65 | 77 |
Niamh | 73 | 78 | 75 |
Áine | 86 | 101 | 59 |
Cadhla | 87 | 110 | 58 |
Ciara | 95 | 74 | 53 |
Síofra | 100 | 157 | 50 |
WTF
Agus gan trácht ar bith ar ‘Pádraic’!
Úna Berryman
@WTF B’fheidir nach bhfuil trácht ar an ainm ‘Padraic’ mar líon na slite is féidir é a litriú. Ach sílim gur aimsigh mé i leagan amháin é. Tá ‘Páidí’ ar an liosta – imithe ón 58ú háit i 2022 go dtí an 34ú háit i 2023, an t-ainm céanna tugtha ar 150 buachaill i ’23.
Christina Chen
An ainm Gaeilge é “Croía” in aon chor? Ní cheadaítear “oía” i litriú na Gaeilge
WTF
Caith uaim ‘Páidí’ mar ainm. Ró- chomónta ar fad. Ach i dtaca le ‘Croía’, b’fhéidir go bhfeilfeadh ‘Croíán’ níos fearr!?