An ghné is deacra den scríbhneoireacht ficsin, dar liom, ná an chaint.
Is é an chaoi go mbíonn ort cuma na nádúrthachta a chur ar rud atá mínádúrtha.
Éist ar feadh soicind leis an gcaint timpeall ort anois díreach (más rud é go bhfuil cónaí ort faoi chloch nó ar bharr sléibhe, téigh amach i measc na ndaoine ar feadh tamaill – déanfaidh sé maitheas duit.)
Is annamh a labhraíonn daoine in abairtí iomlána. Déanann siad botúin ghramadaí. Athraíonn siad an chomhréir i lár abairte. Agus is cinnte nach mbaineann siad úsáid as lúibíní ina gcuid cainte, gan trácht ar leathstadanna.
Lena chois sin ní bhíonn daoine gonta ná ábhartha; ní éiríonn leo scéal a insint gan céad scéal eile a tharraingt isteach agus gan míle tagairt a dhéanamh don aimsir.
Anuas air sin ar fad bíonn blas réigiúnda le sonrú ar chaint daoine go minic, nó stíl chainte a léireodh cén aoisghrúpa nó cén aicme shóisialta lena mbaineann siad, nó saintréithe pearsanta eile.
Dá ndéanfá taifead focal ar fhocal ar chaint nádúrtha gheofá rud éigin ar nós:
‘Mar a bhí mé dhá rá leat … Muise frig, cá’il mo mhobile? An ceann sin atá ina cónaí thall i dteach shean-Mhuiris, ar dheis Dé go raibh – Á, sin é thall ar an gcuntar, fan go bhfeice mé ar chuir Síle message chugam go fóill, dúirt sí go gcuirfeadh a luaithe is a bheadh sí sa mbaile – bhuel an ceann sin, éirí in airde tá mé dhá rá leat. Éirí. In. Airde. Sa siopa an lá faoi dheireadh …’
Agus mar sin de. Doléite.
An dúshlán a bhíonn roimh an scríbhneoir, i dtús báire, ná gach rud sa chomhrá nach mbaineann le hábhar a fhágáil ar lár.
‘An ceann sin a bhog isteach i dteach shean-Mhuiris, tá éirí in airde uirthi sin. Sa siopa an lá faoi dheireadh … Anois cá bhfuil mo ghuthán póca? Dúirt Síle go gcuirfeadh sí teachtaireacht chugam a luaithe is a bheadh sí sa mbaile.’
Tá cuma níos fearr air sin. Is léir go bhfuil eagarthóireacht déanta ar an gcaint ach tá cuma nádúrtha uirthi, a bhuíochas go háirithe don abairt leathchríochnaithe sin ‘Sa siopa an lá faoi dheireadh …’ Is leor an t-urú seachas an séimhiú ar ‘baile’ le cur in iúl gur as iarthar tíre don chainteoir.
Go deimhin, maidir le canúintí, manaí agus saintréithe cainte eile ar nós códmheascadh, cuimhnigh go mbíonn blas ar an mbeagán.
Measaim go bhfuil sé sin tábhachtach i gcás na Gaeilge go háirithe. Is minic, feictear dom, go mbíonn dúil mhór ag scríbhneoirí Gaeilge atá díreach ag tosú amach sa chanúnachas; bíonn siad ag iarraidh go mbeadh caint a gcuid carachtar chomh dúchasach agus is féidir. Ach tá líon na léitheoirí Gaeilge teoranta a dhóthain mar atá; níl tú ag iarraidh léitheoirí Thír Chonaill a chur ó dhoras le sleachta fada i gcaint na Mumhan, nó an bealach eile timpeall. Ní hé sin le rá go gceapaim gur chóir cloí leis an gCaighdeán i gcónaí, ach gnásanna uraithe agus séimhithe as an áireamh ba leor corrleagan canúnach (ceann in aghaidh an leathanaigh, deirimis) chun dúchas na gcarachtar a léiriú.
Níl muid réidh fós. Ar an drochuair ní hí an chuma a bhíonn ar an gcaint amháin a chruthaíonn deacrachtaí don scríbhneoir ficsin, ach a mbíonn á rá inti.
Ceann de na peacaí marfacha sa scríbhneoireacht ficsin ná ligean do charachtar rudaí a mhíniú atá ar eolas cheana féin ag an té a mbíonn an carachtar sin ag caint leo.
Ba chóir líne dhearg thiubh a chur trí leithéidí ‘An ceann sin a bhog isteach i dteach shean-Mhuiris a bádh go tubaisteach anuraidh agus é amuigh ag iascach, tá éirí in airde uirthi sin.’
B’fhéidir gur gá a mhíniú don léitheoir in áit éigin eile céard a tharla do shean-Mhuiris bocht, ach ná ligeadh an scríbhneoir dá charachtar óinseach a dhéanamh aisti féin ag míniú rudaí atá ar eolas ag madraí an bhaile.
Ar deireadh, ná déan dearmad go mbíonn an tábhacht chéanna leis an méid nach ndeirtear i sliocht cainte agus leis an méid a deirtear. Lig do do chuid carachtar an dallamullóg a chur ar a chéile nó an bhrí mhícheart a bhaint as caint a chéile, agus mar sin de.
Ní haon dóithín é comhrá ficseanúil a scríobh, is mise atá á rá leat; gan dabht is í an ghné sin den scríbhneoireacht is mó a thugann deacrachtaí dom i gcónaí. Ar an drochuair bíonn sé de cháil ar fhoilsitheoirí gurb é an chéad rud a dhéanann siad nuair a chuirtear saothar nua os a gcomhair ná dul ar thóir mír chainte; mura mbíonn an chaint i gceart, téann an saothar caol díreach isteach sa bhosca bruscair.
Seán Mac Bhriain
Feic sin! Sin ficsean. An chaint mar a deirtear í ach é a bheith ráite (mar a deir an ceann eile), gan brí ná briathar … scaití corr-uair amanntaí. Meas tú¿
Ag diabhlaíocht atá mé. An-alt mar is iondúil a Alex.