Tá amhras caite ag iarbhainisteoir de chuid Údarás na Gaeltachta ar an bplean an toghchán do bhord na heagraíochta a thabhairt ar ais agus imní air go dtoghfaí iarrthóirí “lán de chaint” seachas oibrithe maithe.
I leabhar nua faoin eagraíocht fiontraíochta, deir Fionnbarra Ó Muirí, a bhí ina bhainisteoir ar an rannóg seirbhísí oiliúna in Údarás na Gaeltachta ar feadh breis is 20 bliain, gur eascair deacrachtaí uaireanta as an gcaidreamh a bhí idir an feidhmeannas agus an bord agus idir an tÚdarás agus Roinn na Gaeltachta.
Deir Ó Muirí go mbeadh buntáistí ag baint leis an toghchán a thabhairt ar ais, mar atá beartaithe ag an Rialtas, ach go mbeadh “roinnt deacrachtaí” ag baint le filleadh an bhoird tofa chomh maith.
Ceann de na deacrachtaí sin bhainfeadh sé leis an bpobal a bheadh ag vótáil ar son na gcomhaltaí.
“Faoi láthair, i dtoghcheantair áirithe, tá móramh ag daoine nach bhfuil mórán spéise acu sa Ghaeltacht ná sa Ghaeilge,” a deir Ó Muirí.
Bheadh ceist ann chomh maith faoi chaighdeán na n-iarrthóirí.
“Cé hiad na hiarrthóirí? Níl aon dabht go raibh meascán d’ábaltacht agus d’oiriúnacht sna comhaltaí a toghadh san fiche bliain sin. An bhfuil aon bhealach le déileáil leis sin?”
Dar le Ó Muirí, bunaithe ar na boird a bhí ann cheana, bheadh ceist mhór ann faoin gcineál iarrthóra a thoghfaí.
“Tá iarrthóirí ann atá lán de chaint agus de ghealltanais am toghcháin agus cuid eile atá tar éis a bheith ag obair go dian, dícheallach ina t(h)réimhse ar an mbord.
“B’fhacthas dom gur minic a toghadh an cainteoir in áit an oibritheora. Arís, an bhfuil aon bhealach le déileáil leis sin?”
Deir Ó Muirí sa leabhar nua Ag cur chun fónaimh – Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith gur oibrigh an fhoireann “go crua”, go raibh siad “tiomanta d’aidhmeanna an eagrais” agus go raibh “atmaisféar dearfach, comhoibríoch” ann.
Dar leis, áfach, gur fhág laigí sa chóras nár baineadh amach an méid a d’fhéadfaí a bhaint amach.
“D’fhéadfadh ár gcuid torthaí a bheith beagán níos fearr fós murach roinnt laigí sa chóras. Ní dóigh liom gur thuig foirne Roinn na Gaeltachta agus an Údaráis go raibh siad ar an bhfoireann chéanna.
“Ní hionann sin agus a rá nach raibh daoine áirithe den scoth sa Roinn, ach, i gcoitinne, bhreathnaigh muidne ar an Roinn mar chonstaic níos mó ná mar chúltaca. Ag leibhéal an bhoird, ó bunaíodh an tÚdarás, bhí tréimhsí ann nuair nach raibh an cathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach ag tarraingt go foirfe lena chéile, rud a bhain ó éifeacht an Údaráis.”
Cé go raibh an feidhmeannas amhrasach faoin mbord tofa nuair a bunaíodh ar dtús é “tríd is tríd” bhí “an bord agus an fhoireann ad idem i dtaobh leas na Gaeltachta”.
Deir Ó Muirí go raibh na comhaltaí tofa “cóngarach don chosmhuintir” agus “ar an eolas faoi na riachtanais áitiúla”.
“Níor dhiúltaigh an bord ariamh d’aon doiciméad a cuireadh os a chomhair ag lorg tacaíochta d’oiliúint sa Ghaeltacht,” ar sé.
Ach bhain roinnt deacrachtaí le múnla agus cur chuige an bhoird, dar leis.
Tá an leabhar aistí Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith ar fáil anois. Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandán Mac Suibhne a chuir in eagar agus Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh.
“Chothaigh ceist rúndachta teannas – bhí gnó agus doiciméid an bhoird faoi rún. Chuir sé sin laincis ar chomhalta a bhí ag iarraidh moladh a fháil dó nó di féin as togra áirithe a bheith ceadaithe dá c(h)eantar.
“Bhí cathú ann i gcónaí go leanfadh comhalta tofa an bunphrionsabal, ‘The end justifies the means’, mar a deirtear i mBéarla. Chothódh sin deacracht don oifigeach san Údarás.”
Tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeidh toghchán Údarás na Gaeltachta á thabhairt ar ais i Meitheamh 2024.
Ach tá amhras ann an dtarlóidh sin.
Ach ní raibh bille leasaithe Údarás na Gaeltachta i measc na 27 píosa reachtaíochta a deirtear ar ‘Clár Reachtaíochta an Rialtais – Seisiún an Fhómhair 2023’ go bhfuil tús áite á thabhairt dóibh.
Fág freagra ar 'An baol ann go dtoghfar ‘daoine lán de chaint’ – amhras léirithe i leabhar nua faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta'