Níorbh fhéidir éalú ó thionchar an domhain mhóir le bliain anuas agus an méid brú atá curtha ag cogaí agus an míshuaimhneas ar fud na cruinne ar an saol anseo. Tá daonra na tíre méadaithe ar laghad 100,000 ó thosaigh cogadh na hÚcráine. Tá líon na ndaoine atá ag fanacht i lóistín éigeandála ag ardú go leanúnach agus os cionn trí mhíle dhéag amhlaidh faoin tráth seo. Dá mhéid cainte a dhéantar ar leigheas na faidhbe is ea is measa atá cúrsaí, níos measa ná mar a bhí siad bliain ó shin féin. Tá teorainn le cur anois leis an méid laethanta a bhféadfaidh teifigh fanacht i lóistín ar chostas an Stáit.
Tá na deacrachtaí le lóistín fite fuaite leis an gcostas maireachtála. Tá cúrsaí airgeadais na tíre folláin agus muid ag teacht chuig deireadh na bliana, tá an rialtas ag tacú le teaghlaigh a gcuid billí fuinnimh a íoc agus ag íoc liúntais bhreise leasa shóisialaigh. Cuireann sin leis an ráta boilscithe, a deir na saineolaithe agus cuireann an boilsciú leis an gcostas maireachtála. Foilsíodh figiúirí le gairid a léirigh go gcaithfidh teaghlach nó duine aonair a bheith ag saothrú os cionn €127,000 sa mbliain le go mbeidh siad in acmhainn teach a cheannacht i mBaile Átha Cliath. Tá ardú 15% ar chíos i gcathracha na tíre agus níl an t-ardú sin teoranta do Bhaile Átha Cliath. Ag an am céanna is rúndiamhair in áiteanna eile cén bealach le cead pleanála a fháil.
Thionscain an éiginnteacht a bhain le tithíocht teannas agus míshuaimhneas sa tsochaí. Tá aimhleas á bhaint as an imní atá ar dhaoine agus an deireadh a bhí leis an gcás ar fad ná círéibeacha ar shráideanna Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna. De réir cosúlachta bhí rabhadh tugtha don rialtas go bhféadfadh míshuaimhneas sóisialta den saghas sein teacht chun cinn mar gheall ar na dúshláin a bhaineann le tithíocht agus lóistín. Seo an dúshlán is mó a bhí le sárú ag an rialtas ó toghadh iad agus ní léir fuascailt a bheith i ndán dúinn, go háirithe uathu siúd a dteastaíonn teach uathu.
Caitheadh samhraidh na bliana seo ag dul trí gach pingin a caitheadh in RTÉ le tamall de bhlianta. Cuireadh bainisteoirí an chomhlachta os comhair choistí Dála ach ní léir go ndearnadh aon dul chun cinn seachas a thabhairt le fios go raibh airgead á chaitheamh go fánach ar nithe ar nós ‘flip flops’. Tá RTÉ le fada an lá ag éileamh go ndéanfaí leasú ar chóras an cheadúnais teilifíse – loic an rialtas arís agus arís eile ar an ngníomh a bhí ag teastáil. Ní raibh ach moladh amháin nár ghlac an rialtas leis ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán – leasú ar an gceadúnas teilifíse. Ní féidir na mírialtachtaí a bhí ar siúl in RTÉ a mhaitheamh – b’fhéidir anois go bhfuil an t-am tagtha le breith ar an neantóg áirithe sin!
Ag teannadh le deireadh na bliana bhí muid gafa arís le cúrsaí idirnáisiúnta agus an sléacht i nGaza. Bhí rialtas na hÉireann láidir riamh ar an gceist seo agus ní haon eisceacht an babhta is déanaí troda seo.
Tá na polaiteoirí dírithe anois ar thoghchán – tá an bréagfheachtas faoi lán seoil cheana féin agus is féidir linn a bheith ag súil le tuairimíocht go leor sna seachtainí agus sna míonna seo romhainn faoi cén uair a rachaidh Leo Varadkar chuig an Áras. Beidh toradh ar chainteanna Thuaisceart Éireann, seasmhacht leanúnach sa ngeilleagar agus feabhas ar chúrsaí tithíochta, go háirithe líon na dteach atá á dtógáil, lárnach ina chuid smaointeoireachta go háirithe idir seo agus na toghcháin eile atá beartaithe sa samhradh.
Gael thar lear
Beidh aiféala ar mhuintir na hÉireann feasta gur caitheadh an oiread sin ama le mionfhadhbanna gan tábhacht in RTÉ in ionad dul i ngleic le dúshláin dháiríre na tíre.