Tá ré nua i stair pholaitiúil na tíre tosaithe ó chuaigh Holly Cairns i gceannas ar na Daonlathaithe Sóisialta. Tá mná i gceannas ar thrí pháirtí sa Dáil agus fágann toghadh gan toghchán Cairns í ar aon chéim le Mary Lou McDonald i Sinn Féin agus Ivana Bacik i bPáirtí an Lucht Oibre.
Níl aon athrú tagtha, áfach, ar mheon a dheimhníonn easaontas, easpa comhoibrithe agus faltanas uaireanta idir páirtithe na heite clé i gcoitinne, agus idir páirtí Holly Cairns agus an Lucht Oibre go háirithe. Nuair a fiafraíodh di ag a céad phreasagallamh mar cheannaire an raibh seans ann go dtiocfadh an dá pháirtí le chéile, thug Cairns freagra a bhí cinnte dearfa agus soiléir: ní raibh.
Ba léir nach raibh comhaltaí an pháirtí a d’fhreastail ar an ócáid sásta gur tarraingíodh anuas an cheist, cé gur léir na fáthanna. D’fhág an bheirt a bhí i gceannas ar na Daonlathaithe Sóisialta go dtí seo, Róisín Shortall agus Catherine Murphy, Páirtí an Lucht Oibre sular bhunaigh siad a bpáirtí féin in 2015. Anuas air sin is léir do chách go bhfuil an dá pháirtí an-chosúil lena chéile ó thaobh polasaithe agus aidhmeanna de.
Go deimhin níor luaigh Cairns ach dhá ábhar nuair a iarradh uirthi cur síos a dhéanamh ar an difríocht eatarthu. Tá Páirtí an Lucht Oibre i bhfabhar tacaíocht a thabhairt do rásaíocht na gcon, a dúirt sí, agus tá na Daonlathaithe Sóisialta ina coinne. Rinne an Lucht Oibre feall dar léi ar mhuinín an phobail nuair a chuaigh siad i mbun rialtais in 2011.
Deimhneoidh an bhearna idir an dá pháirtí nach bhfuil seans ar bith acu ar 37 suíochán sa Dáil, mar a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis olltoghchán 2011, a ghnóthú astu féin arís.
Tháinig sampla eile de mheon easaontais ar an eite chlé chugainn i rith na seachtaine ó Phobal seachas Brabach (PbP). Chuir an páirtí litir chuig Sinn Féin, chuig na Daonlathaithe Sóisialta agus chuig Teachtaí Dála neamhspleácha inar mhol siad plé ar chomhrialtas ar an eite chlé a bhunófaí tar éis an chéad olltoghcháin eile.
Níor cuireadh an litir chuig na Glasaigh – ní nach ionadh b’fhéidir toisc iad a bheith i mbun rialtais – ach níor cuireadh an litir chuig Páirtí an Lucht Oibre ach oiread. An fáth, dar le Richard Boyd Barrett? Níor ghabh an Lucht Oibre leithscéal faoin gciorrú “uafásach” ar chaiteachas a chuir siad i bhfeidhm nuair a bhí siad i mbun rialtais idir 2011 agus 2016.
Ní cóir, dála an scéil, cur síos a dhéanamh ar sheoladh na litreach gan tagairt d’fhéidearthacht iarthoghcháin atá á thuar ag lucht ceannais Phobal Seachas Brabach. Dá n-éireodh le páirtithe na heite clé rialtas a bhunú, a dúirt siad, b’fhéidir go n-úsáidfeadh daoine saibhre an tArm, agus na Gardaí chun cur ina choinne.
B’fhéidir gur deimhniú é caint ar áiféis dá leithéid ar dhrogall bunúsach an pháirtí dul i mbun comhrialtais go deo. Dúisíonn sé ceist eile freisin: an mian le Pobal Seachas Brabach dáiríre teacht ar chomhréiteach rialtais le páirtithe eile in ionad a bheith á síorlochtú ó bhinsí an fhreasúra?
Dáiríre is réamhbheartaíocht don olltoghchán atá ag déanamh scime do pháirtithe na heite deise seachas machnamh ar fhéidearthachtaí ina dhiaidh. Tá an bundúshlán céanna ag cur imní orthu go léir: conas iad féin a chosaint ón bhfás a mheastar a thiocfaidh ar Shinn Féin.
Fuair Sinn Féin 24.5% den vóta iomlán agus 37 suíochán in olltoghchán 2020. Tugann gach pobalbhreith le fios go bhfuil tacaíocht an pháirtí os cionn 30% ar a laghad faoi láthair agus iad ag súil le neartú suntasach dá réir ar ionadaíocht an pháirtí sa Dáil tar éis an chéad olltoghcháin eile.
Chuirfeadh méadú dá leithéid ar vóta Shinn Féin Teachtaí Dála i ngach páirtí i gcontúirt ach bheadh cúis imní ar leith ag iarrthóirí i bpáirtithe ar an eite chlé toisc gur mar gheall ar aistriúcháin ó Shinn Féin agus/nó easpa iarrthóirí a bheith ag Sinn Féin a toghadh iad in 2020. Mar shampla, an triúr seo a leanas:
Holly Cairns a toghadh ar an gcomhaireamh deireanach i gCorcaigh Thiar-Theas, a bhuí le 3,023 aistriúchán ó iarrthóir Shinn Féin a cuireadh as an áireamh.
Richard Boyd Barrett ó Phobal Seachas Brabach a toghadh nuair a fuair sé 5,245 aistriúchán ó iarrthóir Shinn Féin a cuireadh as an gcuntas i nDún Laoghaire.
Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre a toghadh ar an gcomhaireamh deireanach (chomh maith le Cian O’Callaghan ó na Daonlathaithe Sóisialta) i mBaile Átha Cliath/Bá Thuaidh, áit a raibh ábhar dhá chuóta beagnach ag Sinn Féin ach gan ach iarrthóir amháin acu.
Ní léir faoi láthair aon leigheas ar an imní a chuireann an léargas toghchánaíochta ar na Daonlathaithe Sóisialta, ar an Lucht Oibre ná ar Phobal Seachas Brabach i bhfianaise gach ar tharla in 2020.
Ní léir faoi láthair an toil a chuirfeadh ar chumas fiú dhá pháirtí cumasc nó fiú comhghuaillíocht a chur le chéile.
Ní neart go cur le chéile, mar a deir an seanfhocal, go háirithe agus comhrialtas á bhunú tar éis toghcháin.
Tá cur chuige pháirtithe na heite deise bunaithe ar a mhalairt: ní neart gan baint óna chéile.
Fág freagra ar 'Aontaíonn páirtithe na heite clé faoi rud amháin – ní mian leo aontú le chéile'