Tá 10 mbotún sa téacs thíos, an bhfuil tú in ann iad a aimsiú?
- Cliceáil ar na botúin
- Nuair a bheidh tú críochnaithe cliceáil ar an mbosca thíos leis na freagraí cearta a fháil.
- Má theastaíonn uait é a thriail arís déan an leathanach a athnuachan.
Tá ceithre scannáin Gaeilge nua á bhforbairt faoin scéim a sheol An Cailín Ciúin go dtí tairseach na ngradam Oscar.
I mbliana a dhéanfar dhá cheann de na scannáin nua a bheidh ag iarraidh cosán An Cailín Ciúin a leanúint agus tá scripteanna an dá cheann eile á forbairt faoi láthair.
I mbliana a dhéanfar An Fhidil Ghorm, atá á leiriú ag Abú Media, agus Fréamhacha, atá á léiriú ag an gcomhlacht Doubleband.
Scéal chailín deich mbliana d’aois, Molly, a inseofar in An Fhidil Ghorm.
Is é mian a croí ag Molly craobh fidléireachta na hÉireann a bhuachan chun go ndúisfidh sí a athair atá i gcóma.
Scannán é Fréamhacha faoin tráma agus an lorg a fhágann sé ar dhuine agus ar shíol an duine.
Is iad an dhá scannán eile atá á bhforbairt faoin scéim Cine4 faoi láthair ná Sonc le Tua Films agus Báite atá á fhorbairt ag Danú Media.
I Sonc castar le bean óg atá ag fulaingt go mór ó chabhraigh sí lena hathair lámh a chur ina bhás féin. Filleann sí ar a seanclub dornálaíochta sa tóir ar fhaoiseamh intinn agus slí chun dul i ngleic leis an saol.
I Báite, atá lonnaithe in Éirinn 1975, insítear dúinn faoina dtarlaíonn nuair a fhaightear corp mná i loch.
Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Aimsigh na Botúin'