An tseachtain seo i 1933 bhí cainteanna ar siúl le seansailéir nua a cheapadh mar thoradh ar an olltoghchán sa nGearmáin.
Ar an 30 Eanáir, sa deireadh, ceapadh Adolf Hitler mar sheansailéir. Ba é Uachtarán na Gearmáine, Paul Von Hindenburg a thug a shéala oifige don seansailéir nua agus ainneoin an bhunaíocht sa nGearmáin a bheith buartha faoin mborradh a bhí tagtha faoin bPáirtí Náisiúnta Sóisialach, ní fhéadfadh aon duine an t-uafás a tharla sa domhan sna blianta a lean a shamhlú.
Nócha bliain dár gcionn, tá iarmhairtí na polaitíochta ó na tríochaidí ar mhór-roinn na hEorpa le brath i gcónaí.
Chuaigh pobal na Gearmáine i dtreo Hitler agus a pháirtí Naitsíoch mar thoradh ar an leatrom ab fhacthas dóibh a rinneadh orthu mar thoradh ar Chonradh Versailles.
Faoi théarmaí an Chonartha, cuireadh faoi ndeara don Ghearmáin na billiúin a íoc i gcúiteamh. Cuireadh cosc orthu arm a bheith acu. Tháinig poblacht Weimar i bhfeidhm agus tharla tubaiste eacnamaíochta. Bhí na milliúin gan obair agus tar éis tubaiste Wall Street i 1929 rinneadh scrios ar an eacnamaíocht agus bhí bochtaineacht forleathan. Bhí daoine in umar na haimléise agus bhí siad feargach faoin mbealach a rabhthas ag caitheamh leo.
Tháinig fear beag nimhneach chun cinn i Munich a raibh freagra gach ceiste aige, dar leis féin. Óráidí den scoth a bhí ann agus d’éirigh leis dul i gcion ar an bpobal. Choinnigh sé guaim ar an gcuid ab uafásaí agus ba ghránna dá chuid tuairimí frithGhiúdacha, frithchumannacha agus frith-eachtrannach nó go raibh sé tofa. Thuig daoine go raibh a chuid tuairimí déistineach ach bhí siad in ísle brí agus i ndeireadh na feide.
Léirigh suirbhé a rinneadh an tseachtain seo go bhfuil sciar de phobal óg na hÍsiltíre a chreideann go bhfuil áibhéil déanta faoin uileloscadh. Níl amhras ar bith ach go bhfuil gluaiseacht ag neartú san Eoraip atá frith-eachtrannach agus náisiúnach go smior. Tá a leithéid i rialtas anois san Iodáil, sa Pholainn agus san Ungáir. Tá an Rassemblement National ag neartú sa bhFrainc le blianta fada, go háirithe ó mhaolaigh siad féin a gcuid polasaithe frith-eachtrannach. Is féidir leithéidí an BNP sa mBreatain agus Alternative für Deutschland a lua freisin. Tá tuairimí frith-eachtrannach ag teacht chun cinn sa tír seo freisin mar atá feicthe againn sna hagóidí in aghaidh lóistín do theifigh le roinnt seachtainí anuas. Díol imní i gcónaí a leithéid.
Is mithid dúinn ar fad an méid a bhí ag tarlú sa nGearmáin nócha bliain ó shin a thabhairt chun cuimhne an deireadh seachtaine seo.
Ní chreideann aon duine go bhféadfadh an t-uileloscadh tarlú arís ach ar a shon sin tá tuairim i measc roinnt daoine nár tharla sé riamh.
Níl againn ach smaoineamh ar an gcinedhíothú a rinneadh in Srebrenica ag deireadh an chéid seo caite le fios a bheith againn go bhfuil an cumas sa gcine daonna i gcónaí a bheith brúidiúil. Téann daoine sa tóir ar mhalairt córais nuair a theipeann an córas reatha orthu agus nuair a bhíonn siad feargach. Go háirithe nuair a bhíonn siad fuar agus ocrach ag an am céanna. Bíodh muid airdeallach agus cuimhnímis ar an tseoid atá againn sa daonlathas atá i bhfeidhm orainn, más lochtach féin é.
JP
Cad is bun leis na hionsaithe marfacha nó leis an bhforéigean in aghaidh daoine gorma nó aeracha, daoine atá ait nó deifriúil nó bunoscionn, ar shlí amháin nó ar shlí eile, leis an ‘norm’ ach Lebensunwertes sin na Naitsíoch? Tarlaíonn sé gach uile lá beo sa saol. An fuath sin a bhí ag na Naitsithe do na Giúdaigh b’fhuath ciníoch é gan aon agó : ubermenschen v untermenschen srl ach bhí formad fite fuaite tríd chomh maith agus gineann formad fuath. Cine éiritheach, treallúsach ab ea na Giúdaigh agus éadáil dá réir acu ná raibh ag an móramh. Bhí dul chun cinn iontu agus a chomharthaí sin orthu. Sheasaíodar amach, bhí spiagaíocht ag roinnt leo agus is coir dho-mhaite í sin go háirithe má taoi féin ar an gcaolchuid. Ní hé an Wermacht amháin a chlaonbheartaigh iad a chur de dhroim an tsaoil, bhí na mílte míle eile ‘gnáthdhaoine’ bonn araon agus i bpáirt leo i ngach aon tír gur leag siad cos inti; tapaíodh an deis na ‘dreancaidí’ seo ina measc a dhíothú agus a gcuid ollmhaitheasaí a shealbhú chucu féin. Na tithe breátha sin a bhí ag na Giúdaigh níor leo a thuilleadh iad, b’iad cuid na gcomharsan anois iad. Aon troscáin, eallach, ealaíon, airgead, ór nó gnó baineadh díobh iad. Agus tiomáineadh idir mhná, leanaí, sheandaoine is eile chun na loisceoirí ina milliúin. Ach cé mhaífeadh nach dtarlódh a leithéid aríst? Tá sé ag tarlú gach uile lá beo! Nach iad na Giúdaigh féin atá ag cantáil a gcoda agus a gcuid talún ar a gcomharsana Arabacha inniu leis? Arabaigh a dtugann siad míolta corra orthu sa ghnáthchaint? Dídhaonnú aríst eile ó ghlúin eile! Foréigean fuilteach an gheilt á imirt orthu? Déarfá gur cheart go mbeadh fios a mhalairte acu? I gcuimhne na sean-mhuintire fiú? Casann rotha móra an tsaoil ach is é an duine céanna sinn i gcónaí.