MIONLÉIRMHEAS: Anois, seo dhaoibh an Ruacht… le hEoghan Rua Ó Súilleabháin, Aonghus Rua Ó Dálaigh, Nuala Rua Ní Dhomhnaill…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar saothair neamhghnácha. An babhta seo, mná rialta gorma - faoi cheilt agus daoine rua

MIONLÉIRMHEAS: Anois, seo dhaoibh an Ruacht… le hEoghan Rua Ó Súilleabháin, Aonghus Rua Ó Dálaigh, Nuala Rua Ní Dhomhnaill…

Agus anois, seo dhaoibh an Ruacht…

Is dócha go bhfuil tríocha bliain anois ó insíodh so dom. Is ag dul abhaile ón scoil do bhíos féin nuair do chonacas fear ar thaobh an bhóthair agus é ag deisiú rothair. Stadas is bheannaíos dó. Is é do bhí go cráite. Dúirt sé liom gurab é sin an t-ochtú babhta aige an lá san ag stopadh poill sna boinn. Chuir a scéal iontas orm agus dúras san leis.

‘Bhuel,’ arsa sé ‘ní chuireann sé iontas ormsa.’

‘Dé chúis é sin?’ arsa mise.

‘Mar nuair do bhíos ag bogadh chun bóthair ar maidin is ar éigean a bhíos socair ar an ndiallait nuair trasna an bhóthair romham amach le bean agus a cuid gruaige rua buí ag imeacht le gaoth. Dá gcuimhneoinn orm féin in am, chasfainn abhaile, ach bhí sé de mhí-ádh orm dul chun cinn. Tá fhios agam anois cad ba bhun leis – an ceann rua sin a bhuail trasna orm ar maidin. Má bhuaileann a leithéid arís fúm, ní bheidh orm ach casadh abhaile dhom féin.’

Seán Ó Conaire, Cill Íseal, Co. Phort Láirge a d’inis an scéal sin agus, ar ndóigh, tá na mílte eachtraí mar é sa bhéaloideas.

Samhlaímid an ruacht le go leor filí, ar chúis éigin: Eoghan Rua Mac an Bhaird, Liam Rua Mac Coitir, Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Aonghus Rua Ó Dálaigh, Tomás Rua Ó Súilleabháin, Donncha Rua Mac Conmara, Nuala Rua Ní Dhomhnaill agus mar sin de.

Más duine rua thú, beidh spéis agat sa leabhar seo:

Redheads

Grianghraif le Joel Meyerowitz
Damiani, a d’fhoilsigh, san Iodáil 2022.
Teanga: Béarla
120 lch
70 grianghraf
Toisí: 9¼x11’

Is cosúil go samhlaítí peaca na drúise le gruaig rua. Sin an fáth a léirítear Máire Mhaigdiléana agus gruaig rua uirthi:

Máire Mhaigdiléana le Dante Gabriel Rossetti (1877)

Máire Mhaigdiléana le Alfred Stevens (1877)

Mná rialta gorma – faoi cheilt

Siúracha an Teaghlaigh Naofa, New Orleans

Uaireanta léiríonn grianghraf amháin níos mó ná leabhar iomlán, an grianghraf seo, mar shampla, de scata ban rialta gorm. Bhíodh mo mháthairse ag maíomh as líon na mban rialta a bhí sa teaghlach aici sin.

Bhí deirfiúr léi, an tSiúr Colm (Colmbán) ina bean rialta i Mount Sackville, clochar i Séipéal Iosóid. Cuireadh ann mé chun béasa a chur orm nuair a bhí scoil ullmhúcháin mar chuid den chlochar sin. (Níor éirigh léi béasa a mhúineadh dom, buíochas le Dia).

Bhí deirfiúr eile ag mo mháthair san ord Misinéirí Míochaine Mhuire in Baltimore, Maryland. Bhímis ag cur litreacha cráifeacha chun a chéile. Ag obair sa chistin a bhí sise. Bhínnse ag guí ar a son i gcónaí.

Mholadh sí dom The Imeldist a léamh – agus gan bacaint le hábhar léitheoireachta ar bith eile:

Gaol eile liom, an tSiúr Stanislaus, curtha sna hIndiacha Thiar atá sí sin, más cruinn mo chuimhne.

Sea i ndomhnach, bhí tionchar ag mná rialta ar m’óige, gan amhras, agus cainteoir dúchais as Gaeltacht Mhúscraí mar mhúinteoir agam i gCill Fhíonáin, an tSiúr Celsus. Murach ise, seans nach mbeinn tar éis cuid mhaith de mo shaol a thiomnú do theanga na nGael.

Mná den chine geal ab ea iad sin go léir, ar ndóigh. Mar sin, baineadh siar asam beagán nuair a chonaic mé an grianghraf úd de na mná rialta gorma i New Orleans. Is cosúil go bhfágtar mná gorma ar lár, cuid mhaith, nuair a bhíonn stair na n-ord á scríobh. Cuimhnigh go raibh sclábhaithe gorma ag go leor de na hoird Chaitliceacha i Meiriceá.

Duine de na mná rialta gorma sin, Theresa Maxis (1810 -1892), chuidigh sí le bunú ord Chroí Mhuire gan Smál. Bhí scata Éireannach san ord sin, cuid acu ina gceannairí ar an ord, agus ghníomhaigh siad chun nach n-aithneofaí Maxis ina naomh!

Guigh orainn, a Theresa Maxis.

Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Anois, seo dhaoibh an Ruacht… le hEoghan Rua Ó Súilleabháin, Aonghus Rua Ó Dálaigh, Nuala Rua Ní Dhomhnaill…'