Litir oscailte chuig Príomh-Aire nua na Breataine…

Smaoinigh ar a bhfuil sa litir seo mar ní beag an dúshlán atá romhat, ná an deis atá agat…

Litir oscailte chuig Príomh-Aire nua na Breataine…

Tuairisc
Bearna
Co na Gaillimhe
Éire 

A Phríomh-Aire,

Comhghairdeas agus gach rath ort mar cheannaire nua an rialtais i Londain. Ní foláir i dtosach míniú a thabhairt ar cén fáth go bhfuil an litir seo á scríobh sara bhfógrófar gur tú a bheidh i gceannas.

Tuigeann tú féin na fadhbanna móra atá ag bagairt ar do thír féin. Nó ba chóir go dtuigfeadh, cé gur ar éigean a pléadh iad ó thosaigh feachtas leadránach leibideach do pháirtí nuair a thoiligh Boris Johnson i mí Iúil éirí as a phost tar éis dhá mhí.

Síleann mórán ar an taobh seo de Mhuir Éireann nach réiteoidh an cur chuige atá beartaithe agat (más fíor a ndúirt tú le linn an fheachtais) fadhb ar bith abhus agus gur in olcas a rachaidh cúrsaí mura dtagann tú ar mhalairt intinne.

Mar is eol duit, ní in Éirinn amháin atáthar imníoch faoin teannas leanúnach a bheidh idir an Ríocht Aontaithe agus na tíortha máguaird má leantar ar aghaidh le polasaí atá bunaithe ar eascairdeas agus ar shárú ar chonradh.

Sin ráite, tuigimid go léir go ndeirtear rudaí seafóideacha le linn feachtas toghcháin, gan trácht ar an mbuaileam sciath a bhaineann leo. Ach nuair a dhiúltaigh duine a bhí ag iarraidh a bheith i gceannas ar rialtas na Breataine a rá ar bhreathnaigh sí ar uachtarán na Fraince mar chara seachas mar namhaid bhí iontas nach beag orainn.

Ní bheidh rath ar thír ar bith mura ndéanann ceannaire an rialtais iarracht dáiríre an caidreamh le tíortha máguaird a chur ar bhonn ómósach, ar a laghad, agus ar bhonn cairdiúil más féidir – go háirithe le linn cogaidh.

Molaim duit mar sin cruinniú a bheith agat gan mhoill leis an Taoiseach. Dúirt Micheál Martin Dé Máirt gur dlúthchuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta é an caidreamh Angla-Éireannach agus go raibh súil aige athbhunú an Fheidhmeannais i Stormont agus ábhair eile a phlé leat go luath.

Fiú mura bhfuil cur chuige cinnte beartaithe fós agat maidir le cúrsaí na hÉireann nó maidir leis an gcaidreamh leis an Aontas Eorpach, is é leas na Ríochta Aontaithe é go léireofá meas ar rialtas na hÉireann agus go dtabharfá éisteacht, ar a laghad, le tuairimí an Taoisigh.

Nod amháin ar fiú duit machnamh air agus aghaidh á thabhairt agat ar Shráid Downing: thug rialtas na hÉireann suntas do ráitis aire stáit na Breataine sa Tuaisceart Conor Burns le cúpla lá anuas.

Dúirt sé le linn agallaimh ar Radio Ulster Dé hAoine mar shampla gur chóir don DUP filleadh ar an bhFeidhmeannas (rud nach ndéanfaidh siad), go raibh deis mhór sa Phrótacal, agus go raibh súil aige go bhféadfaí é “a dheisiú” tar éis babhta idirbheartaíochta leis an AE.

Tugadh faoi deara freisin gur thug sé cuairt i rith na seachtaine ar mhonarcha mhór Lakeland i gcontae an Chabháin ina bpróiseáiltear bainne ón dá thaobh den teorainn.

Maith go leor.

Ach tugtar faoi deara freisin nach bhfuil leid ar bith tugtha ag Conor Burns, ná agat féin, ná ag do chéile comhraic sa toghchán ceannaireachta, go bhfuil sibh toilteanach an bille a cheadaíonn sárú ar an bPrótacal a chur i leataobh.

Féach, tá an ciorcal Sasanach seo feicthe cheana againn: caint bhog agus caint chrua, séimhe uaireanta agus cruas uaireanta eile, toil idirbheartaíochta ar feadh tamaill nó go dtugtar droim láimhe leis na comharsana arís. Ní foláir cur síos mar sin ar chúrsaí mar atá, agus mar a bheidh, cibé rogha a dhéanann tú.

Seo mar atá. Glactar leis go forleathan sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath nach mbeidh sé ar do chumas neamhaird a thabhairt ar an dream frith-Eorpach sa Pháirtí Coimeádach.

Go dtí gur mian leat, nó gur féidir leat, aghaidh a thabhairt ar stuacacht na bhfrith-Eorpach agus an bille a cheadaíonn sárú an Phrótacail á chur i leataobh, ní bheidh ceannairí an AE toilteanach dul i mbun idirbheartaíochta.

Abair arís agus arís eile é, más mian leat, gur chóir dóibh a bheith réasúnta – ní athróidh a seasamh.

Thug an Ríocht Aontaithe dúshlán an AE agus sárú ar chonradh á bhagairt agaibh. Níl aon rogha acu ach an fód a sheasamh i bhur gcoinne, fiú más cogadh trádála a thoradh.

Fiú má cheapann tú nach bhfuil ciall leis na tuairimí thuas, smaoinigh ar an amhras réasúnta i leith rialtas na Breataine a chuir gearr-thréimhsí Teresa May agus Boris Johnson mar phríomh-airí ar rialtais eile san Eoraip. Dá mbeifeá ag freastal ar chruinniú mullaigh sa Bhruiséil, an mbeadh fonn ort géilleadh do phríomh-aire i Londain a d’fhéadfadh a bheith imithe as oifig faoi cheann achair ghairid?

Ní gá aontú le scríbhneoir na litreach seo. Éist le Charles Grant, fear a bhfuil sárthuiscint aige ar chúrsaí an Aontais agus atá ina stiúrthóir ar an Lárionad um Atheagrú na hEorpa, fear a dúirt leis an Financial Times nach raibh seans ar bith ann go mbeadh caidreamh níos fearr ag an Ríocht Aontaithe leis an AE dá leanfaí leis an mbille a cheadaíonn sárú ar an bPrótacal.

Beidh an crú ag teacht ar an tairne faoi cheann dhá mhí agus cinneadh le déanamh agat faoin gcaidreamh leis an Aontas Eorpach ( beidh ar an Ríocht Aontaithe freagra ar chás cúirte an AE a sholáthar faoin 15 Meán Fómhair). Beidh ort cinneadh a dhéanamh freisin faoi lár Dheireadh Fómhair faoi thoghchán eile a ghairm i dTuaisceart Éireann.

Molaim duit machnamh a dhéanamh ar an measarthacht, ar dhea-chaidreamh agus ar chomhoibriú leis an AE agus le rialtas na hÉireann. Glacaim leis gur dóichí gur a mhalairt a tharlóidh ar feadh tamaill ach ní réiteoidh cogadh trádála leis an AE ná neamhaird ar an Taoiseach fadhb ar bith.

Mar fhocal scoir, cuimhnigh ar Margaret Thatcher, príomh-aire Coimeádach, a moladh go hard agus go minic le linn an fheachtais toghcháin atá thart. Chuir sí caidreamh na Breataine leis an tír seo ar bhonn fiúntach láidir nuair a shínigh sí conradh Angla-Éireannach i 1985.

Chuaigh an comhoibriú agus an chomhthuiscint idir an dá rialtas i bhfeabhas go leanúnach ina dhiaidh sin. Go deimhin, bhí dlúthbhaint ag an gcomhthuiscint sin le Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998, mar a dúirt an Taoiseach.

Smaoinigh air. Go n-éirí leat sa phost nua. Ní beag an dúshlán atá romhat, ná an deis atá agat.

Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Litir oscailte chuig Príomh-Aire nua na Breataine…'

  • Mac Billings /Bilie --Dónall Mór

    ***********************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***********************************************************************************

    Nach iontach an dallamhullóg a chuireann na Tóraithe ar a muintir fhéin agus fiú amháin ar mhuintir na Sé Chontae.

    ‘S iad Rishi Sunak agus Liz Truss a bhfuil rún acu an córas caipitileach a bhainistiú ar son lucht an tsaibhris agus an gnáth duine fágtha ar an trá folamh gan aige/aici óna lámh go dtí a b(h)éal faoi bhoilsciú a choinníonn an brabus ag fás.

    Cluas bodhair tugtha acu d’Éirinn agus a cás faoi athaontú na tíre lena seasamh láidir chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal/Nósimeachta an ‘Tuaiscirt’.

    Ní féidir comhaontú a shocrú le dream ar bith de chineál na dToraithe. Tabhair bata is bóthar dóibh chun a’ bhaile go dtí an Bhreatain mar a d’fhoglaim muid ó Stair na Tíre seo.

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,

    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise

    Éire

    ***********************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***********************************************************************************

  • An Teanga Bheo

    Fainic an bóthar romhat tá sé sach casta a LIz