Feitheoirí scrúduithe a bhfuil Gaeilge acu ag teastáil ‘ar bhonn práinne’ 

Tá easpa feitheoirí a bhfuil Gaeilge acu ag cur as d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus daoine á lorg ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar bhonn práinne chun an bhearna a líonadh

Feitheoirí scrúduithe a bhfuil Gaeilge acu ag teastáil ‘ar bhonn práinne’ 

Tá fadhb eile tagtha chun cinn maidir leis na scrúduithe stáit agus é tugtha le fios go bhfuil ganntanas feitheoirí ann chun freastal ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre atá ag reáchtáil na scrúduithe stáit an mhí seo.

D’fhógair Gaeloideachais go bhfuil feitheoirí le Gaeilge ag teastáil “ar bhonn práinneach” chun freastal ar Ghaelcholáistí na tíre. Dúradh go bhfuil ganntanas ar leith sna scoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus feitheoirí á lorg ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS).

Iarrtar ar aon duine a mbeadh suim acu tabhairt faoin ról teagmháil a dhéanamh le rannóg na bhfeitheoirí san CSS.

Agus na scrúduithe stáit á reáchtáil ar an mbonn traidisiúnta den chéad uair ó thús na paindéime Covid-19, tá roinnt fadhbanna tagtha chun cinn le tamall beag anuas.

Chomh maith leis an nganntanas feitheoirí, tá ráite ag an CSS go bhfuil géarchéim ann ó thaobh scrúdaitheoirí a fháil i mbliana.

Tá breis is 130,000 iarrthóir ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit i mbliana, an líon is mó riamh, agus níos mó scrúdaitheoirí ag teastáil dá bharr ach tá sé ag dul dian ar an CSS teacht ar mhúinteoirí chun an bhearna a líonadh.

Tá an Ghaeilge ar cheann den líon mór ábhar Ardteiste a dteastaíonn scrúdaitheoirí lena gceartú agus deir an CSS go bhfuil scrúdaitheoirí ag teastáil do gach ábhar atá á scrúdú ag an tSraith Shóisearach.

Tá ceardchumainn na múinteoirí agus an CSS ag impí ar mhúinteoirí cuimhneamh ar an gcúram a dhéanamh

Tá imní ann go bhféadfadh an ganntanas ceartaitheoirí moill a chur ar eisiúint na dtorthaí Ardteiste, a chuirtear ar fáil thart ar lár mhí Lúnasa de ghnáth. Chruthódh an mhoill tuilleadh fadhbanna ó thaobh tairiscintí na gcúrsaí tríú leibhéal agus lóistín do mhic léinn.

Bhí fadhb eile ann an tseachtain seo nuair a cuireadh an páipéar scrúdaithe Gaeilge mícheart do scrúdú an Teastais Shóisearaigh chuig roinnt scoileanna lán-Ghaeilge.

Cuireadh na páipéir scrúdaithe do scoileanna Béarla an stáit chuig roinnt Gaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta.

I mbliana an chéad uair riamh a bhí rogha ag daltaí an Teastais Shóisearaigh maidir le scrúdú na Gaeilge – scrúdú T1 do chainteoirí líofa is dúchais agus scrúdú T2 do dhaltaí eile.

Fág freagra ar 'Feitheoirí scrúduithe a bhfuil Gaeilge acu ag teastáil ‘ar bhonn práinne’ '

  • Emma

    Tá Gaeilge líofa agam agus chuir me sin ar m’iarratas chun feitheoireacht a dhéanamh le haghaidh an CSS. Ansin cuireadh me ar an bpainéal cúltaca. Nuair a ghlaoigh siad orm, seoladh me chuig scoil Béarla T2. Má tá gantannas Ann, cén fáth nár cuireadh mé isteach is scoil T1?