Fáilte roimh chách chuig ceiliúradh ar líne ar Bhreandán Ó hEithir 

‘Scríbhinní agus saothar Bhreandáin Uí Eithir’ is teideal do sheimineár lae atá á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Fáilte roimh chách chuig ceiliúradh ar líne ar Bhreandán Ó hEithir 

Reáchtálfar seimineár ar líne amárach a dhéanfaidh ceiliúradh ar shaothar an iriseora agus an scríbhneora aitheanta Breandán Ó hEithir. 

‘Scríbhinní agus saothar Bhreandáin Uí Eithir’ is teideal don seimineár lae, atá á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 

Beidh deichniúr taighdeoirí, saineolaithe agus tráchtairí i mbun cainteanna i rith an lae. Cuirfidh mac Bhreandáin, Ruairí Ó hEithir, tús le himeachtaí ag a 10.00am.

Ina dhiaidh sin beidh caint ann ó Mhártan Ó Ciardha, colúnaí le Tuairisc.ie agus iarEagraí Spóirt le Raidió na Gaeltachta. ‘Over the Bar’ is teideal do chaint Uí Chiardha a dhíreoidh ar shaothar Uí Eithir i dtaobh an spóirt.

Glacfaidh naonúr taighdeoirí, saineolaithe agus tráchtairí eile páirt sna himeachtaí i gcaitheamh an lae: Chris McCann; Aoife Whelan; Pádhraic Ó Ciardha; Brian Ó Conchubhair; Alan Titley; Póilín Ní Chiaráin; Tomás Mac Con Iomaire; Mairéad Conneely agus Cathal Goan.

Dúirt Micheál Ó Conghaile, údar agus iarstiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, go raibh sé ag súil go spreagfadh an seimineár léitheoirí chun blaiseadh de shaothar Bhreandáin Uí Eithir.

“Scríbhneoir neamhghnách ab ea Breandán Ó hEithir. Is iomaí cineál scríbhneoireachta a shaothraigh sé agus tá corpas mór ar fáil dúinn nach bhfuair a cheart criticiúil go fóill. 

“Tá súil againn léitheoirí nua a chur i dtreo na scríbhinní éagsúla agus spreagadh a thabhairt don aos critice léamh úr a dhéanamh ar fhairsinge agus leithead na seánraí a chleacht sé,” a dúirt Micheál Ó Conghaile. 

Dúirt Dónall Ó Braonáin, OÉ Gaillimh gur “mórphearsa é Breandán Ó hEithir i saol na hiriseoireachta Gaeilge”.

“Is tráthúil go ndéanfar scrúdú nua as an bpíosa ar a shaothar neamhfhicsin, a chuid tráchtaireachta agus an obair cheannródaíoch raidió a rinne sé i gcaitheamh a shaoil.”  

Deirtear go mbeidh “béim ar leith” sna léachtaí ar na húrscéalta Lig Sinn i gCathú (1976) agus Sionnach ar mo Dhuán (1988). Pléifear go mion ag deireadh an lae na téamaí éagsúla i scríbhinní agus i saothar Uí Eithir, lena n-áirítear an iriseoireacht spóirt, ceist na Gaeltachta, litríocht Árann, a shaothar raidió agus an tráchtaireacht pholaitiúil. 

Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht cnuasach aistí a fhoilsiú bunaithe ar chainteanna an lae. 

Beidh an seimineár á reáchtáil idir 10.o0am -400pm ar an ardán Zúm agus tá fáilte roimh chách. 

Is féidir freastal ar na himeachtaí anseo.

Is é paschód an tseimineáir: 208627.

Tá clár an lae ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Fáilte roimh chách chuig ceiliúradh ar líne ar Bhreandán Ó hEithir '