Scéalta eolgaiseacha eachtrúla greannmhara ón Snodachán

Sa cholún seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa. An babhta seo, Scórscéalta le Pádraig Ó Snodaigh

Scéalta eolgaiseacha eachtrúla greannmhara ón Snodachán

Is mó sin fear agus bean óg a d’imir spóirt éagsúla fad is ab fhéidir leo, agus uaireanta thairis. Le haghaidh gach aon réalta mór a bhfuil a n-ainm in airde sa tsaol agus sna leathanaigh spóirt bíonn na céadta mílte den chosmhuintir thíos, lucht gearrtha adhmaid agus lucht uisce a thaighdeadh, nach gcloistear aon iomrá orthu. Mura mbeadh iad, ní bheadh aon réaltaí ann. Is iad na seangáin iad a thógann an carn mór feiceálach a mbímid ag stánadh air. 

 Ní hionann sin agus nach lúide spéis an tseangáin bhig sa spórt. Is mó sin duine againn ar geilt sinn. Is túisce a thitfimis amach de dheasca dílseachta spóirt seachas de bharr dílseachta polaitíochta. Ach dá thábhachtaí is atá dá lán, is gann go léir iad na leabhair a thugann tuairisc dúinn ar cad ba bhrí leis dúinn sa bheatha laethúil. 

Eisceacht is ea an leabhar comair seo Scórscéalta (Coiscéim €7.50) le Pádraig Ó Snodaigh. Ar an teideal féin cheapas gur leabhar é a bhain le cúrsaí grá agus collaíochta, ach tá buachaill óg ar an gclúdach ag speachadh an aeir is ag féachaint amach sa tsíoraíocht ar ghaineamh Dhumhach Thrá.  Buaileadh isteach im aigne ansin gur leabhar faoi chúrsaí spóirt is lúthchleasaíochta a bhí ann.

 Agus is ea. Agus is ionann an scór agus fiche féin, mar sin é an t-áireamh de scéalta, nó d’eachtraí, nó de tharlúintí, nó de chuimhní atá ann, gach aon cheann acu snaidhmthe i gcúrsaí spóirt. 

Fág go bhfuil na scéalta suimiúil agus spreagúil iontu féin, is cuma nó dírbheathaisnéis an údair é timpeall ar an ngné seo dá shaol, an caidreamh a bhí aige le cumainn éagsúla, le himreoirí a bhain cáil amach dóibh féin ar ball, na ráiseanna a bhain is a chaill, na cúil a cuireadh i gcrích is a chuaigh amú, na carachtair ar casadh uime iad, na buillí a buaileadh is na cinn gan rath. Ach dá éagmais sin, is tuairisc é ar shaol na hÉireann nuair a bhí a chuid páirtíochta féin i gcúrsaí spóirt in airde láin, seanÉire na 1950idí is na 60idí, gona cuid aicmeachais is scoilteanna is easpa eolais ar a raibh in aice láimhe. 

 Tá an chuma air gur bheag spóirt nár ghlac an Snodachán páirt ann. Tá na cluichí faiche go léir anseo – peil Ghaelach, iomáint, sacar, rugbaí fara cruicéad, crosógaíocht agus dornálaíocht, agus thar aon rud eile ba dhóigh leat go raibh gean faoi leith aige don lúthchleasaíocht, go háirithe ráiseanna reatha. 

 Ní thuigim cén fáth nach raibh lé faoi leith aige leis an dornálaíocht, óir fear troda é ar go leor slite, agus níl aon áit is mó a thriailtear do mhiotal ná sa chró dornálaíochta, ach ní leabhar é seo ina bhfuil puinn bóisceála. 

Is de thimpiste a fuair sé cúl riamh i gcluiche caide – ‘bhuail sí mo lorgaí’ -, agus níl aon náire air na scileanna peile nach raibh aige a áireamh.

 Sa sacar, deir sé gur ‘creachadóir seachas imreoir’ é. Agus ghlac le comhairle Jackie Carey agus é ag imirt ina lánchúlaí ar dheis go ndéanann a namhaid ar an gcliathán clé botún i gcónaí. Ní raibh i gceist ach foighne agus feitheamh. Is trua nach raibh an chomhairle chéanna agamsa a d’imir go minic san ionad céanna. 

 Tá go leor anseo mar gheall ar aicmeachas an spóirt, galar nach bhfuil díbeartha go fóill. Idir na siúntacha a insítear seo dúinn, uasghalántacht lúthchleasaithe UCD a raibh fear an pholla aird ag iarraidh ar ghiolla dá chuid an polla a iompar dó. Nó mórtas lucht rugbaí – ‘Fad is a bhíos ag imirt le Cluain Tarbh – isteach is amach le deich mbliana is dócha – ní bhfuair mé oiread is cuireadh amháin imirt leo. Aicmeachas, a mhac, aicmeachas. Ní raibh ionam ach dirty lane boy.’

 Cé go ndeir sé gurb í an iomáint ‘an cluiche is fearr ar bith’, agus an ceart aige, níor mhór é a ghaiscí ann. Tá cuntas coscrach aige ar an gcluiche deiridh iomána a d’imir sé, agus tagairt eile fós aige dó in aiste eile, ach ba léir nárbh fhear inleagtha é go furasta. 

 Tá smut den stair áitiúil anseo, agus sciar tábhachtach de bheatha an údair, agus léirmhíniú den deighilt aicmeach a bhain le spórt na hÉireann ar léir gur chuma leis féin mar gheall uirthi, agus thar aon rud eile, scéalta eolgaiseacha atá eachtrúil agus greannmhar in éineacht ar fiú go mór iad a léamh ar a son féin amháin. 

 Cén fáth nach scríobhfadh sé dírbheathaisnéis neamhleithscéalach gan fiacla ná dintiúirí a chur ann agus a mbeadh cuid mhór den insint seo ina lúib istigh? Ní hea amháin go mbeadh stair na hÉireann agus na Gaeilge á hinsint aige ann lenár linn ar ais, ach go mbeadh léargas ann ar dhuine a chuir cor thar insint inár mbeatha go léir. 

 Ardú fabhra atá anseo, ach ní leor é. 

Fág freagra ar 'Scéalta eolgaiseacha eachtrúla greannmhara ón Snodachán'

  • Poraic o'hEipicín

    Murach amdáin, Ní beidh aon fir criona ann.

  • Seosamh Ó Beirgin

    ‘Fad is a bhíos ag imirt le Cluain Tarbh – isteach is amach le deich mbliana is dócha – ní bhfuair mé oiread is cuireadh amháin imirt leo.’ Padraig Ó Snodaigh sa leabhar Scórscéalta.

    An bhfuil dul amú orm nuair a deirim nach réitíonn an dhá chuid den ráiteas seo lena chéile? Freisin, ní thagraíonn an léirmheastóir don chomhbhréagnú focal seo.

  • Fear na gCeist

    Pádraig Ó Snodaigh, ‘an Snodach’.

    Cá háit a bhfuair údar an ailt ‘Snodachán’, nó cad is ciall leis?

  • alan titley

    Maidir le fiafraí Sheosaimh, thugas é sin faoi deara ceart go leor, ach is é a thuigeas uaidh ná nuair a bhí sé páirteach sa chlub nach bhfuair sé cuireadh imirt leis an bhfoireann mhór, ach d’fhéadfadh dul amú a bheith orm. An fhadhb a bhaineann le léirmheas ar bith ná nach bhfuil deis agat gach uile rud a rá….Agus maidir leis ‘an Snodachán’, is ea, tá ‘an Snodach’ láncheart, ach d’airigh mé an ceann eile in úsáid mar ainm ceana, agus mheasas leas a bhaint as, sin uile.