Conas mar a tógadh de réir a chéile caisleán iomána Luimnigh

Ní thar oíche a tógadh an fhoireann is fearr sa tír, mar atá a fhios ag ár gcolúnaí go maith

Conas mar a tógadh de réir a chéile caisleán iomána Luimnigh

Gearóid Hegarty agus Declan Hannon. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tá níos lú ná dhá mhí caite ó d’ardaigh captaen iománaithe Luimnigh Declan Hannon an corn is luachmhaire agus is tábhachtaí i saol na hiomána idirchontae. Ba é an dara huair ag Hannon an onóir sin a bheith aige ar son an phainéil iománaithe is fearr sa tír le cúpla bliain anuas. Faigheann Hannon agus na himreoirí an chuid is mó den mholadh. Ina ndiaidh sin is é an bainisteoir John Kiely agus an cóitseálaí Paul Kinnerk is mó a fhaigheann moladh sna meáin.

Ach dar ndóigh ní thar oíche a tógadh na foirne seo. Agus, dála gach contae, bíonn cur isteach ag mórán daoine i Luimneach ar fhorbairt imreoirí, ar na pleananna agus an cur chuige is cúis leis an dul chun cinn iontach atá á dhéanamh acu.

An chéad teagmháil a bhí agamsa le lucht na hiomána i Luimneach ná glaoch teileafóin i Meán Fómhair 2011 ó Jim Woulfe, fear stuama uasal a bhí ina Phríomhfheidhmeannach ag DairyGold. Bhí sé ar dhuine de thriúr ar leagadh mar chúram air duine oiriúnach a fháil do phost an bhainisteora d’fhoireann shinsir an chontae. Beirt iar-réaltaí de chuid an chontae Damien Quigley agus Paudie Fitzmaurice na daoine eile a bhí ar an gcoiste sin. Rinneadar a ngnó go ciúin agus go rúnda agus iad an-díograiseach faoina ndualgas an duine is oiriúnaí don phost a fháil. Bhíos an-tógtha leo mar dhaoine agus mar ionadaithe ar mhuintir na hiomána sa chontae.

Go luath ina dhiaidh sin bhí pleananna á gcur i dtoll a chéile ag daoine díograiseacha eile ar fud an chontae chun caighdeán na hiomána a ardú sa chontae. Bunaíodh an togra ‘Lifting The Treaty’, agus ba faoina scáth a cuireadh tús beag le feachtas a chuaigh i neart de réir a chéile.

Bhí baint thábhachtach leis an bhfeachtas ag Shane Fitzgibbon, Liam Hayes, Eibhear O’Dea, Joe McKenna, Éamonn Cregan, Joe Quaid, Leo O’Connor agus mórán eile nach iad. Ceann de na príomhphrionsabail a bhí acu ná forbairt fhadtéarmach imreoirí in ionad a bheith ar thóir bua gearrthéarmach.

Tugadh isteach Áine McNamara, léachtóir sa Scothspórt agus Síceolaíocht na hAclaíochta, mar comhairleoir nuair a bhí an straitéis do ‘Lifting The Treaty’ á cur le chéile. Bhíos féin ag an gcéad chruinniú a bhí aici leis na cóitseálaithe nua go léir a bheadh ag obair leis na scuaid fhorbartha go léir sa chontae. An prionsabal bunúsach a leag sí amach dóibh ná go mbeadh siad go léir ag díriú isteach, beagnach go hiomlán, ar fhorbairt na n-imreoirí agus nach mbeadh ach foireann amháin, an fhoireann shinsir, ag díriú isteach ar an mbua. D’fhágamar an cruinniú an mhaidin Shathairn sin, agus cé go raibh amhras fós ar roinnt acu, bhí plean ann. Cuireadh Éamonn Cregan i bhfeighil an phainéil faoi 14, bhí Shane FitzGibbon i gceannas faoi 15, Ger Hegarty a bhí leis an bhfoireann faoi 16 agus Anthony Carmody a bhí i mbun na foirne faoi 17. Chuireadar chun oibre.

Dar ndóigh bhí baint ag a lán daoine eile leis an bplean seo. Ainmníodh Jerry Wallace mar stiúrthóir ar an Acadamh iomána faoi aois sa chontae. Ansin deineadh cinneadh thar a bheith tábhachtach eile nuair a ainmníodh Andy Murphy mar chóitseálaí nirt agus aclaíochta. Ní bheadh aon mheáchain á n-ardú ag na leaideanna ab óige. Thaispeáin sé dóibh an teicníc cheart agus diaidh ar ndiaidh tugadh isteach meáchain éadroma ach ba ar an teicníc a bhí an bhéim is mó.

Agus de réir a chéile cuireadh leis na meáchain. Chonaiceamar fianaise an togra seo i gcluiche ceannais na hÉireann mí na Nollag seo caite, cluiche inar thug Luimneach taispeántas iontach uathu a bhí lán de neart agus d’fhisiciúlacht.

Deineadh iarracht ollmhór freisin na cluichí Gaelacha a fhorbairt sna bunscoileanna sa chathair agus de réir tuairiscí a foilsíodh uair éigin ó shin chuaigh an líon imreoirí ó níos lú ná 10% go dtí beagnach 60%.

Thug na deartháireacha McManus, JP agus Gerry, tacaíocht airgid don Acadamh.

Agus diaidh ar ndiaidh, le chéile, thógadar na caisleáin. Ó cuireadh tús leis an bplean, tá ceithre chraobh na Mumhan sna mionúir buaite ag Luimneach chomh maith le dhá chraobh na Mumhan agus na hÉireann ag an bhfoireann faoi 21. Agus dar ndóigh tá Soitheach Naofa na hiomána faighte acu dhá uair mar aon le trí chraobh shinsir na Mumhan agus dhá chraobh sraithe.

Seo an fhoireann a bhuaigh an chéad chraobh na Mumhan sna mionúir in 2013:
Colin Ryan, Sean Finn, Stephen Cahill, Richard English (capt); Andrew La Touche Cosgrave, Ronan Lynch, Sean Flanagan; Jamie Butler, Darragh O’Donovan; Cian Lynch, David Dempsey, Barry Nash; Dean Coleman, Tom Morrissey, Pat Ryan.

Nach mór na himreoirí ar an bhfoireann sin atá imithe ó neart go neart ó shin. An plean ‘Lifting The Treaty’ a bhí á stiúradh.

Má chuirtear tús leis na comórtais idirchontae in 2021, is cinnte go mbeidh Luimneach mar rogha na coitiantachta dóibh go léir arís.

Tá ré órga iománaíochta sa chontae. An dúshlán anois ná an contae a choimeád ar bharr an dréimire. Beidh plean eile ag teastáil mar, mar atá fhios againn, ní bhíonn in aon rud ach seal.

Fág freagra ar 'Conas mar a tógadh de réir a chéile caisleán iomána Luimnigh'