Ó DHÚCHAS: An fear deiridh a crochadh i gCrois Mhaoilíona….

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo scéal as Maigh Eo faoi fhear a bhí le crochadh…

Ó DHÚCHAS: An fear deiridh a crochadh i gCrois Mhaoilíona….

Bhí mo mháthair mhór (go ndéana Dia grásta uirthi) ann  an lá sin. Bhí sí féin agus m’athair mór amuigh ag cúl Néifinn ag amharc ar bhean muinteartha di a bhí ag dul go Meiriceá (agus is beag duine a bhíodh ag dul go Meiriceá an uair sin). Bhí siad i dteach muinteartha dóibh i gCrois  Mhaoilíona agus dúirt an bhean mhuinteartha leo: “Ní imeoidh sibh anocht, tá deartháir sagairt le crochadh anseo amárach.”

“Ní fhanfaidh mise,” arsa m’athair mór, “tá dhá leathmhála tobac le bheith amuigh  i dTráigh Bhán amárach agam agus caithfidh mé imeacht.” (Bhí sé ag smuigleáil tobac agus bhí punt agus fiche le híoc don Duke Cormaic ar chuile leathmhála acu).

D’fhan mo mháthair mhór go dtí lá arna mhárach agus bhí sí ann nuair a cuireadh suas ar an scála an fear a bhí le crochadh féna bhríste gearr glún agus a chuid stocaí fada agus bhí a mháthair ansin agus an chónra ar an gcairt léi leis an gcorp a thabhairt abhaile léi.

Nuair a bhí sé suas ar an scála chuir sé a dhá láimh síos i bpócaí a bhríste agus d’fhiafraigh sé an bhfaigheadh sé cead suim focal cainte a rá. Dúradh leis go bhfaigheadh.

“Tá mé ag dul i láthair Dé agus na Maighdine ar an nóiméad agus coir an tsaoil ar mo mhullach, má rinne mé riamh ó thosaigh na Steelboys ach an ceann a bhaint de thrí phunann coirce,” ar seisean.

Chonaic sé an crochadóir ag teacht anuas an tsráid agus gan a dhath le feiceáil de ach a dhá shúil.

“Deamhan cúig phunt a ghnóthós aon chrochadóir i gCrois Mhaoilíona inniu orm,” ar seisean.

Thug sé an léim agus choinnigh sé a dhá láimh ina phócaí agus chaith sé é féin le fána. Briseadh a mhuineál agus tháinig fad slat an cheannaí dá theanga amach as  a ceann.

Bhí reisimint ag dul síos an tsráid agus d’éist leis an seanchas agus ní raibh aon mhac Gael ar an reisimint nár bhris a ghol air.

D’iompaigh na ceannfoirt thart agus dúirt siad nach raibh aon mhac Gael ar an reisimint nach gcaithfeadh dul agus a lámh a fhágáil ar an gcroich le pionós.

Dhiúltaigh siad, d’imigh na Gaeil ar thaobh amháin, chuaigh na Gaill ar an taobh eile agus ach ab é gur tháinig sagart agus giúistísí chun réiteach a dhéanamh eatarthu bheadh marú ann an lá sin.

Níor crochadh aon fhear i gCrois Mhaoilíona ó shin.

– Seán Ó Roithleáin (70), as Ros Dumhach in Iorras Mhaigh Eo a d’eachtraigh an seanchas seo d’Annraoi Ua Cordubh.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An fear deiridh a crochadh i gCrois Mhaoilíona….'