Bhí deireadh seachtaine den scoth ag beirt lúthchleasaithe as Gaeltacht na Gaillimhe agus dornán bonn tugtha leo acu ó chraobhacha náisiúnta.
Bhí an rothaí as Árainn, Eoin Mullen, ag ceiliúradh inné agus bonn óir buaite aige ag Craobh Raonrothaíochta na hÉireann a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.
Tháinig Mullen, a bhfuil cáil bainte amach aige mar rothaí ráibe, sa chéad áit sa chomórtas Kilo TT, triail ama 1km ar fhad, inné.
Thóg sé 1:07.05 ar Mullen an rás a chríochnú agus é críochnaithe chun tosaigh ar Harvey Barnes (1:08.92) a bhí sa dara háit agus ar Aaron Wade (1:09.24) a chríochnaigh sa tríú háit.
Bhí iomaíocht ghéar ann idir Mullen agus Barnes an deireadh seachtaine ar fad. Is é Barnes, arbh as Tír Eoghain dó, a bhuaigh an comórtas ráibe Dé Sathairn agus is sa dara háit a chríochnaigh Mullen.
Inné chomh maith chuir Seán Breathnach bonn óir eile leis an gcual atá aige cheana.
Thug fear Chamais bonn óir leis i gcomórtas caite an mheáchain san airde an tseachtain seo caite agus bhí sé buacach arís an deireadh seachtaine seo i gcomórtas caite an mheáchain sa bhfad ag na craobhacha náisiúnta i Staid Morton.
Chaith Breathnach an meáchan 56 punt 8.24m ar fhad chun an chéad áit a bhaint amach agus é chun cinn ar Michael Healy (7.55m) agus John Dwyer (7.19m).
Ba í seo an t-ochtú craobh náisiúnta déag atá buaite ag Breathnach, ball de chumann Galway City Harriers.
Thug Breathnach bonn cré-umha leis sa chaitheamh meáchain an deireadh seachtaine seo chomh maith. Is é John Kelly as Baile Suingean i nDún na nGall a tháinig sa chéad áit le hiarracht 18.40m. Deartháir leis, James Kelly a bhí sa dara háit (16.48m) agus thuill iarracht 16.39m an Bhreathnaigh an tríú háit.
Fág freagra ar 'Craobhacha náisiúnta buaite ag beirt as Gaeltacht na Gaillimhe'