Craobhacha náisiúnta buaite ag beirt as Gaeltacht na Gaillimhe

Bhuaigh Eoin Mullen bonn óir i gCraobh Raonrothaíochta na hÉireann agus thug Seán Breathnach a ochtú craobh déag leis ag Craobh Shinsir Lúthchleasaíochta na hÉireann

Craobhacha náisiúnta buaite ag beirt as Gaeltacht na Gaillimhe

Bhí deireadh seachtaine den scoth ag beirt lúthchleasaithe as Gaeltacht na Gaillimhe agus dornán bonn tugtha leo acu ó chraobhacha náisiúnta.

Bhí an rothaí as Árainn, Eoin Mullen, ag ceiliúradh inné agus bonn óir buaite aige ag Craobh Raonrothaíochta na hÉireann a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.

Tháinig Mullen, a bhfuil cáil bainte amach aige mar rothaí ráibe, sa chéad áit sa chomórtas Kilo TT, triail ama 1km ar fhad, inné.

Thóg sé 1:07.05 ar Mullen an rás a chríochnú agus é críochnaithe chun tosaigh ar Harvey Barnes (1:08.92) a bhí sa dara háit agus ar Aaron Wade (1:09.24) a chríochnaigh sa tríú háit.

Bhí iomaíocht ghéar ann idir Mullen agus Barnes an deireadh seachtaine ar fad. Is é Barnes, arbh as Tír Eoghain dó, a bhuaigh an comórtas ráibe Dé Sathairn agus is sa dara háit a chríochnaigh Mullen.

Inné chomh maith chuir Seán Breathnach bonn óir eile leis an gcual atá aige cheana.

Thug fear Chamais bonn óir leis i gcomórtas caite an mheáchain san airde an tseachtain seo caite agus bhí sé buacach arís an deireadh seachtaine seo i gcomórtas caite an mheáchain sa bhfad ag na craobhacha náisiúnta i Staid Morton.

Chaith Breathnach an meáchan 56 punt 8.24m ar fhad chun an chéad áit a bhaint amach agus é chun cinn ar Michael Healy (7.55m) agus John Dwyer (7.19m).

Ba í seo an t-ochtú craobh náisiúnta déag atá buaite ag Breathnach, ball de chumann Galway City Harriers.

Thug Breathnach bonn cré-umha leis sa chaitheamh meáchain an deireadh seachtaine seo chomh maith. Is é John Kelly as Baile Suingean i nDún na nGall a tháinig sa chéad áit le hiarracht 18.40m. Deartháir leis, James Kelly a bhí sa dara háit (16.48m) agus thuill iarracht 16.39m an Bhreathnaigh an tríú háit.

Fág freagra ar 'Craobhacha náisiúnta buaite ag beirt as Gaeltacht na Gaillimhe'