Tús curtha leis an 33ú Dáil agus vótaí don Cheann Comhairle nua á gcomhaireamh

Cuireadh tús le himeachtaí na Dála nua nuair a léigh cléireach na Dála amach ainm gach duine den 160 Teachta Dála a toghadh

Tús curtha leis an 33ú Dáil agus vótaí don Cheann Comhairle nua á gcomhaireamh

Tá tús curtha leis an 33ú Dáil.

Cuireadh tús le himeachtaí na Dála nua go gairid i ndiaidh meán lae inniu nuair a léigh cléireach na Dála, Peter Finnegan, amach ainm gach duine den 160 Teachta Dála a toghadh in olltoghchán na míosa seo. 

Ina dhiaidh sin, labhair an bheirt iarrthóirí ar phost an Cheann Comhairle, Seán Ó Feargháil, Fianna Fáil, agus Denis Nuaughten, neamhspleách.

Dúirt Seán Ó Fearghaíl, atá ag iarraidh go dtoghfaí athuair ina Cheann Comhairle é, go raibh an mhandáid chéanna ag gach duine den 160 Teachta Dála agus go léireodh sé an meas céanna ar mhandáid an uile dhuine acu.

Dúirt sé gur éirigh leis agus é ina Cheann Comhairle ar an 32ú Dáil cur chuige comhoibríoch a thabhairt isteach agus athruithe a chur i bhfeidhm ar chóras na Dála. Ba mhaith leis leanúint den obair sin agus d’fhreastalódh sé ar bhaill na Dála seachas a bheith ina sclábhaí ag “córas ar bith”, a dúirt sé.

Dúirt Denis Naughten go raibh a ainm á chur chun cinn aige don chúram mar gheall ar an “bhfrustrachas” i measc an phobail faoin gcóras polaitíochta.

Dúirt sé go raibh gá le sochaí “oscailte cheisteach” agus go raibh gá dá réir le Dáil “oscailte cheisteach”. Dúirt Naughten go raibh sé ag éirí níos deacra “freagraí díreacha” a fháil “ar cheisteanna díreacha” sa Dáil agus go gcinnteodh sé féin go bhfaighfí freagraí agus go leagfaí freagracht ar dhaoine na freagraí sin a chur ar fáil.

Tá na vótaí a tugadh don bheirt le comhaireamh anois agus cuirfear an Dáil ar athlá go dtí thart ar 3.15pm, tráth a bhfógróidh an cléireach cé a bheidh ina Cheann Comhairle.

An chéad chúram a bheidh ar an gCeann Comhairle nuathofa ainmniúcháin a lorg do phost an Taoisigh. 

Ó tharla nach bhfuil móramh ag aon pháirtí, is é is dóichí nach dtoghfar aon duine.

I bhforhalla Theach Laighean atá an vótáil ar siúl don Cheann Comhairle agus botháin vótála speisialta socraithe ansin chun an rúndacht a chosaint.

Ionadaíocht chionmhar atá á húsáid agus vóta amháin inaistrithe ag gach Teachta Dála agus a rogha á déanamh acu. Cléireach na Dála agus a chúntóirí a chomhairfidh na vótaí agus fógróidh sé an Ceann Comhairle nua ach a mbeidh cuóta ag duine den bheirt.

Fág freagra ar 'Tús curtha leis an 33ú Dáil agus vótaí don Cheann Comhairle nua á gcomhaireamh'